Rugadh é sa Cheapach Rua, An Scairbh, Co. an Chláir, ar 16 Feabhra 1894. Bhí 80 acra ag a athair John Clune. Iníon feirmeora as Tuath Ó gConaíle ba ea a mháthair Ellen Rohan. Ar dtús i scoil náisiúnta na Scairbhe agus ansin i Meánscoil na nÍosánach, Luimneach i Luimneach. Ó 1908 bhí sé i gColáiste Fhlannáin agus ó 1911 i Maigh Nuad mar ar oirníodh ina shagart é in 1917. Mac léinn díograiseach a bhí ann. Bhí sé ar dhuine den bheirt a bhí ar aon chéim sa chéad áit do Scoláireacht Phiarais Uí Mhaoileoin a bhí oscailte do mhic léinn ollscoile na tíre. Ó 1917 bhí sé ag múineadh i gColáiste Fhlannáin agus ceapadh ina ollamh le Gaeilge ann é in 1919.

Ag foghlaim Gaeilge dó chaith sé seachtain i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh, mar a mbíodh Seán Tóibín ag múineadh. Chuaigh sé as sin go Corca Dhuibhne. Chaith sé tamall ar an mBlascaod Mór in 1919 agus tamall eile in 1920. In 1922 foilsíodh Réilthíní óir, abairtí agus nathanna a bhailigh sé sa Ghaeltacht, iad minithe i nGaeilge. Scríobh sé i gcóip Sheáin Tóibin dá leabhar gurbh é Seán a mhúin Gaeilge dó. Dar leis an Tóibíneach, áfach, gurbh ‘é féin a mhúin é féin agus é féin a thug arda an eolais dó féin’. Cé nár chaith sé ach seachtain i gColáiste Uí Chomhraí ní foláir nó bhíodh sé i gcomhluadar an Tóibínigh go minic.

Chabhraigh Tomás Ó Criomhthain leis chun Réilthíní óir a chur le chéile.

‘Tháinig an tAthair Mac Clúin agus thug sé trí seachtaine i mo theannta. ... Tháinig sé thar n-ais agus thugas mí ina theannta, sinn i gcabhair a chéile ag ceartú gach a bhfuil in Réilthíní óir. Bhíodh ocht n-uaire an chloig suite síos gach aon lá againn; dhá théarma sa ló, ceithre huaire ar maidin agus ceithre huaire trathnóna. Is é seo an mí ba mhó a ghoill riamh orm ar muir ná ar talamh, agus fairis sin, is mó a chuir paisiún agus fearg orm nuair a chonac nár luaigh sé go raibh mo leithéid riamh ina chabhair’ (eagrán 1973 de An tOileánach).

In 1922 foilsíodh a leabhar Binn is blasta agus ansin in 1924 foilsíodh Róisín fiain na mara, sraith d’ailt inar bhain sé úsáid as an ‘gearr-litriú’. Mhol Eoin Mac Néill an saothar seo. In 1926 cuireadh Litridheacht i gcló. ‘Mac Cluain’ a thugtar air in DIB agus is dóigh gurb é sin leagan ceart Gaeilge an sloinne. Ach is é ainm a chleacht sé féin mar údar Mac Clúin agus chuirfeadh ‘Mac Cluain’ amú na daoine a bheadh ag lorg teidil a chuid leabhar agus a aistí in Clár Litridheacht na nua-Ghaedhilge agus sna trí imleabhar bibleagrafaíochta a d’fhoilsigh Institiúid an Ard-Léinn. Theip an tsláinte air in 1930. Um an dtaca seo bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Choláiste Fhlannáin. Chaith sé bliain san Eilbhéis. Nuair a d’fhill sé ceapadh é ina shagart cúnta i gCora Chaitlín. As sin go Cill Rois in 1940, an bhliain ar foilsíodh Cainnt an Chláir. Chabhraigh Seán Mac Mathúna, An Luach, Dúlainn, agus Pádraig Ó Catháin, an Chrois, Carraig an Chabhaltaigh, leis sa mhórobair sin

In 1942 ceapadh ina shagart paróiste in Áth Leathan é. D’éag sé ar Oíche Shamhna 1949.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú