Níl aon dírbheathaisnéis Ghaeilge a tharraing aird lucht litríochta chomh mór le An tOileánach. Ba é a dúirt Brian Ó Nualláin: ‘I read contemporary literature in five languages .... That book, An tOileánach, is the superbest of all books I have ever read’ (Irish Times 3 Eanáir 1957—i gcló ag Breandán Ó Conaire in Tomás an Oileáin, 1992). Agus ba é tuairim Fhlann Mhic an tSaoir in Comhar, Nollaig 1947: ‘Seasóidh An tOileánach a cháil nuair a bheidh an chuid is mó eile de nualitríocht na Gaeilge imithe i díchuimhne’. I leabhar sin Uí Chonaire tá cnuasaithe na haistí eolais agus cúlra, tuairimíochta, pearsanta, cuimhneacháin agus critice is tábhachtaí dár scríobhadh i dtaobh Thomáis agus a shaothair, agus i dtaobh an Bhlascaoid, ó 1908 i leith. B’fhéidir gurbh é Muiris Mac Conghail is grinne a rinne staidéar ar mhuintir agus ar chultúr an Oileáin agus tá toradh an taighde sin, mar aon le leabharliosta, in The Blaskets: a Kerry Island library (1987). Cnuasach de chainteanna a tugadh ar Raidió na Gaeltachta caoga bliain i ndiaidh bhás Uí Chriomhthain is ea Oidhreacht an Bhlascaoid (1989) in eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh. Leabhair chritice is ea An tOileánach léannta (1988) le Mairéad Nic Craith agus Tomás Oileánach: fear idir dhá thraidisiún (1992) le Seosamh Céitinn. Ní mór clasaiceach Robin Flower, The western island (1944), a chur san áireamh freisin. Tá Léacht Dáibhíseach ‘An t-Oileánach/The Islandman’ ag Pádraig Ó Fiannachta in Islands and authors. Pen pictures of life past and present on the islands of Ireland, in eagar ag Proinsias Ó Conluain, 1983. D’fhoilsigh Cló Talbóid eagrán úrnua de An tOileánach in 2002, é in eagar ag Seán Ó Coileáin, ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

‘Lá San Tomás, sa mbliain 1856, is eadh rugadh mé’ an chéad abairt in An tOileánach (1929). Ach d’aimsigh Ó Conaire an 29 Aibréan 1855 mar dháta baiste i dtaifid pharóiste Bhaile an Fheirtéaraigh agus is dóigh gurbh i dtús na míosa sin a rugadh é san oileán. Tuairimíonn Mac Conghail gurbh as a athair baistí a ainmníodh é. Fear ó Mhárthain a phós isteach san oileán ar 26 Eanáir 1837 a athair Dónall agus ba í Cáit Ní Shé, arbh ó Cheann Trá a treabhchas, a mháthair. Ba é an duine deireanach a baisteadh den ochtar leanaí a bhí acu. Dealraíonn gurb é ‘Mac Criomhthain’ an leagan ceart den sloinne. ‘Scoláire Dhónaill a thugtaí air,/ Nó Tomás Criomhthain—/ D’éalaigh an Mac as a shloinne / Le síon is le haimsir / Is ina ionad tháinig Ó ...’ (sa dán ‘I gcuimhne bhás an Chriomhthanaigh (1937)’ in Iomairí críche (1991) le Pádraig Ua Maoileoin).

Bhí sé ag dul ar scoil ar feadh sé bliana go raibh sé sé bliana déag d’aois agus d’fhoghlaim léamh agus scríobh an Bhéarla. Chaith sé a shaol le hiascaireacht agus le hobair laethúil an talmhaí sa Bhlascaod. Cé go raibh sé i ngrá le cailín in Inis Mhic Aoibhleáin rinneadh cleamhnas idir é agus a chol seachtair Máire Ní Chatháin, deirfiúr leis an té a bheadh ina Rí ar ball, agus phós siad ar 5 Feabhra 1878. Thóg sé teach nua i mBun an Bhaile. Rugadh deichniúr clainne dóibh. Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán . De réir Dhaonáireamh 1901 bhí cúigear mac agus beirt iníonacha in aontíos le Tomás agus Máire. Cuireadh síos nach raibh aon Bhéarla ag Máire. Shaighneáil Tomás an fhoirm i mBéarla. Faoi 1911 ní raibh fágtha den teaghlach ach triúr de na mic agus bhí Tomás ina bhaintreach. Thit an chéad mhac le faill nuair a bhí sé seacht nó ocht mbliana d’aois. Fuair beirt de na hiníonacha bás go hóg den bhruitíneach. Bádh Dónall agus é ag iarraidh Eibhlín Nic Niocaill a shábháil. ‘Do ghoill buairt na neithe sin go léir ar an mháthair bhoicht agus tógadh uaim í’, a dúirt Tomás. ‘Bhuail an lá sin buille ar shláinte Thomáis nár tháinig sé amach as go ceann i bhfad’, a scríobh Seán Ó Criomhthain in Feasta, Eanáir 1957 i dtaobh bhá Dhónaill. Cailleadh Pádraig i ndiaidh taisme agus cailleadh Cáit ar an seachtú leanbh. Chuaigh Muiris go dtí na Stáit Aontaithe. Ní raibh fágtha ar deireadh ach Seán.

In Bliainiris 7, 2007 tá aiste le Muiris Mac Conghail: ‘Scoil an Mhisiúin san Oileán Tiar: Conas a fuair Tomas Ó Criomhthain an léamh agus an scríobh?’ Bhí an scoil sin san oileán i rith 1839–60. Deir Mac Conghail ‘Creidim gur ón teagmháil a bhí aige leo sin a dhein freastal ar Scoil an Mhisiúin a tháinig léamh na Gaeilge go dtí é agus gur ón léamh a d’eascair an scríobh.’ Meastar go raibh sé os cionn 40 san am. ‘Ní fada go raibh leabhar agus leabhartha agam agus na daoine san Oileán seo ag teacht ag éisteacht liom ag léamh na seanscéalta dhóibh ...’ (An tOileánach, 1929). B’fhéidir gur roimhe sin a gineadh meon an scríbhneora ann: ‘Ó Criomhthain’s genesis as a writer’ a thugann Mac Conghail ar an gcomhrá a bhí aige leis an bhfile Seán Ó Duinnshléibhe agus iad ag baint móna lá. Chuaigh cuairteoirí i gcion air. Thug Carl Marstrander cuairt ar an mBlascaod Mór in 1907. Chaith Tadhg Ó Ceallaigh, múinteoir taistil Chonradh na Gaeilge, mí san oileán (féach ‘Ag Tagairt don Leabhar’ sa chéad eagrán de Allagar na hinise, 1928) agus chuireadh leabhair chuige. Dúirt Tomás faoi Thomás Ó Rathile: ‘Is é do chuir an chuid is mó dona bhfuil do leabhartha agam chúm. Is maith liom go maith i bhfad uam é’—abairt as lámhscríbhinn An tOileánach i gcló ag Seán Ó Coileáin in Scríobh 4. Thug Robin Flower an chéad chuairt ar an mBlascaod Mór in 1910 agus bhreac cuid dá scéalta. Bhí aithne aige ar Phádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) céad eagarthóir Allagar na hinise agus An tOileánach, ó bhí sé an-óg i mBaile an Ghóilín agus chuir seisean a chuid ábhair i gcló in An Lóchrann. Deir an Coileánach faoi Bhrian Ó Ceallaigh in Oidhreacht an Bhlascaoid: ‘B’é dhuine ba thábhachtaí díobh Brian Ó Ceallaigh agus iad go léir a thógaint le chéile, mar b’é seo an té ba bhun le Allagar na hinise agus An tOileánach agus n’fheadar cé méid eile de litríocht an Bhlascaoid a scríobh’. Cuairteoir ar chabhraigh Tomás go mór leis ba ea an tAthair Seoirse Mac Clúin nuair a bhí sé i mbun Réilthíní óir a réiteach.

Thosaigh Tomás ar chín lae a scríobh le cur chuig Brian Ó Ceallaigh agus is é ar 5 Nollaig 1918 an dáta tosaigh sa leabhar Allagar na hinise (1928) a bunaíodh ar ábhar an chín lae sin arbh é an Seabhac a rinne eagarthóireacht air. Chuir Pádraig Ua Maoileoin eagrán nua amach in 1977.

Rinne an Seabhac cur síos in 1937 ar an gcaoi ar thathantaigh Brian Ó Ceallaigh ar Thomás scéal a bheatha a scríobh (i gcló in Tomás an Bhlascaoid). ‘Ach, mo chreach, ní raibh d’fhaid sa chéad “bheatha” sin ach cúpla leathanach fúlscap!’ An chéad turas eile a chuaigh Brian don Oileán thug sé leis My childhood agus In the world, péire leabhar le Maxim Gorki, agus The Iceland fisherman le Pierre Loti, gur léigh sleachta astu do Thomás. ‘Sin é an uair a thuig Tomás Ó Criomhthain go raibh nithe ina bheatha is ina chuimhne féin do b’fhiú a chur síos’. Ba chuimhin le Seán Ó Criomthain (idem) conas mar a d’iarr Brian ar sheanchomharsana gan bheith ag cuartaíocht ag Tomás i dtreo go leanfadh sé den scríobh agus mar a chuir sin olc ar Thomás.

Tá cuntas Bhreandáin Uí Chonaire, ‘An tOileánach i gcló’, in Oidhreacht an Bhlascaoid. Ó 1923 amach chuireadh Tomás ina choda é chuig Brian. Ar deireadh thug Brian an lámhscríbhinn don Seabhac agus fuair seisean cead ó Thomás ‘na scríbhinní, nó aon chuid díobh a úsáid de réir mar ba dhóigh liom féin ab fhearr’. Chuir sé isteach chuig Coiste na Leabhar (arbh as a d’eascair an Gúm ar ball) sa Roinn Oideachais iad agus scríobh Leon Ó Broin, rúnaí an choiste, chuig an Seabhac 20 Eanáir 1927 á rá go raibh spéis acu iontu ach an Seabhac a bheith sásta ceartú agus eagarthóireacht a dhéanamh. D’iarr Tomás gurbh é an cló gaelach a d’úsáidfí. Fuarthas na profaí deireanacha 6 Bealtaine 1929 agus laistigh de dhá mhí foilsíodh é. 3,000 cóip a clóbhuaileadh. 260 leathanach a bhí ann agus fuair Tomás íocaíocht de réir ceithre scilling is réal an leathanach (£58). Tugadh £40 breise dó de bharr a fheabhas a bhí an leabhar. Bronnadh Duais Tailteann—dealbh agus bonn óir—air.

Pléann Ó Coileáin in Oidhreacht an Bhlascaoid na difríochtaí idir lámhscríbhinn An tOileánach agus a bhfuil sna heagráin a cuireadh i gcló. Má rinneadh cinsireacht (séanann an Seabhac go ndearnadh), scríobhadh rudaí breise sa leabhar a chuireann lena thábhacht. ‘Is ceart dúinn a bheith buíoch de gach duine go raibh lámh aige sa tsaothar seo, An tOileánach, a chur ar fáil agus a scagadh dúinn ...’. In Scríobh 4, 1979 (in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá cur síos ag an gCoileánach ar chaidreamh Thomáis ar Bhrian Ó Ceallaigh agus an Seabhac. Foilsíodh aistriúchán Béarla Robin Flower, The Islandman, in 1937. Thug Pádraig Ua Maoileoin eagrán nua den bhunleabhar amach in 1973, a bhfuil an cló rómhánach agus ‘beagán de chaighdeán an lae inniu’ ann agus deir sé go bhfuil ‘cloíte beagán níos mó leis an lámhscríbhinn ann’ (Tomás an Bhlascaoid). Níor foilsíodh go fóill téacsanna neamhchiorraithe Allagar na hinise agus An tOileánach.

An Gúm freisin a d’fhoilsigh Dinnsheanchas na mBlascaodaí (1935). Comhlucht Oideachais na hÉireann Teoranta agus An Cumann le Béaloideas Éireann a d’fhoilsigh Seanchas ón Oileán Tiar (1956), cnuasach de scéalta agus de dhánta a scríobh Robin Flower síos ó Thomás. Deir Seosamh Ó Dálaigh in Oidhreacht an Bhlascaoid: ‘Tá sé soiléir nárbh aon scéalaí maith Tomás Criomhthain. Scríbhneoir an-mhaith ba ea é, Gaeilgeoir an-mhaith, ach ní raibh an oiread sin scéalta aige’.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge. Ba é a dúirt a mhac Seán: ‘Nuair a bhí Fionán Mac Coluim ar an oileán (bhí sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge an tráth san) agus nuair a chonaic sé Tomás agus conas mar a bhí aige do cheap sé Tomás mar cheithearnach na teangan agus thug sé tuarastal deich scillinge gach seachtain dó. Ba mhór an méid airgid deich scillinge an tráth úd den tsaol agus is ar Thomás a bhí an griondal agus an mórtas é bheith ceapaithe mar cheithearnach agus mar fhear ceannais na teangan’. Thug Fionán cuairt ar an oileán chomh luath le 1904, b’fhéidir (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí ann go minic, ní foláir: tagraíonn Eibhlín Ní Shúilleabháin do chuairt a thug sé 31 Lúnasa 1923 (Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar, 1983 le Nuala Ní Aimhirgín). Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 30 Nollaig 1922 go raibh Tomás ag iarraidh ardú tuarastail agus gur socraíodh ar dhá phunt sa mhí a thabhairt dó.

De réir Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge III: prós i dtréimseacháin bhí breis is 110 píosa i gcló aige idir 1917 agus 1934 in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, Misneach, An Phoblacht, An Sguab agus Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa. Chumadh sé amhráin agus cuireadh tuairim dosaen díobh i gcló i gcuid de na hirisí céanna sin idir 1917 agus 1932. Sholáthraíodh sé freisin seanamhráin le cur i gcló. I measc an ábhair a bailíodh uaidh tá ‘Risteard Ó Bruinneann’, amhrán de chineál an pastourelle meánaoiseach. Tá sé ag Ó Tuama agus Kinsella in An duanaire 1600-1900 ... (1981).

’Lís Ní Shúilleabháin, banchéile Sheáin, a bhí ag tindeáil air i rith a bhlianta deiridh, deir Muiris Mac Conghail. D’éag sé 7 Márta 1937 san oileán agus tá sé curtha in aice an tséipéil i nDún Chaoin. Tá cuntas ag Breandán Feiritéar in Scríobh 5, 1981 (in eagar ag Seán Ó Mórdha) ar an tinneas a bhí air le tamall (pairilis an rud is mó a luaitear a bheith air), ar a laethanta deireanacha agus ar a shochraid mar ba chuimhin lena mhac Seán iad.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú