San Imleach, Cortha Beag, Dairbhre, a rugadh é. Is minic Domhnall Dáith á thabhairt air agus is dóigh gur Dáith ab ainm dá athair. Is léir ar Dhaonáireamh 1901 gur Máire a bhí ar a mháthair. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha. D’imigh beirt acu go Meiriceá: Catherine a bhí i gceantar Chicago agus Diarmuid nó Darby ar éirigh leis bheith ina mhéara i gcathair éigin i Minnesota. Thug sé cuntas gairid air féin do Mhuiris Ó Droighneáin le haghaidh Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936: Gaeilge ar fad a labhartaí san oileán le linn a óige. ‘I scoil bhíde dhó ar dtúis ach ní faoi scáth bhíde a bhíodh an t-oide bocht ach i mBólainn sa tsamhradh agus i dtithe cónaithe sa gheimhreadh’. Is léir ó nóta lámhscríofa i gcóip de Beirt Ghaedhilgeoirí 'na gcomhnaidhe 'sa chathair atá ag a mhuintir go raibh Béarla na leabhar go maith aige. Sa chuntas atá ag Ó Droighneáin deir sé gur fhoghlaim sé léamh na Gaeilge nuair a bhí sé tríocha bliain d’aois. Bhíothas tar éis cuid dá chois a theascadh agus bhí an deis aige bheith ag léamh aistí i nGaeilge na hAlban sna heagráin den Chicago Citizen a chuireadh a dheirfiúr Catherine abhaile chuige. Faoi 1901 bhí sé ina chónaí lena mháthair (80) i Rinn Ard ar an mórthír. Cuireadh síos gur ghnáthoibrí é féin agus go raibh sé 42 bliana d’aois. Bhí an mháthair marbh faoi Dhaonáireamh 1911 agus líon sé an fhoirm i nGaeilge. 59 a aois an babhta seo agus chuir sé síos faoi ‘Respective infirmities’: ‘Bacach, fóiríor’. Bailbhe, bodhaire agus daille ba ghnách a chur síos faoin gceannteideal sin.

I dtuairisc bháis in The Kerryman 25 Aibreán 1942 dúradh: ‘One of the greatest Gaels Kerry ever produced, he was born in Valentia eighty years ago. When the G.A.A. was started in the island by the late Archdeacon Casey, Dan, with his classmate Sceilg [Seán Ó Ceallaigh B3], was a member of the team. In a county championship semi-final with Oireadh Mór he had the misfortune of having a leg so badly injured that it had to be amputated’. Más fíor go raibh sé 42 i 1901 bhí sé tríocha bliain d’aois in 1889 agus bhí Sceilg 17 agus tharlódh go raibh siad ag imirt le chéile sa chluiche úd, cé gur léir nach bhféadfadh siad bheith in aon rang scoile le chéile; b’as an áit chéanna san oileán iad agus dar le híníon Sceilg, Iney Bean Uí Lionáird, gur spreag Domhnall a hathair chun bheith ag scríobh i nGaeilge. Ach i dtaobh na coise, bhí tuairim ag a gharneacht, Bean Shannon, gur sheas sé uair ar thairne meirgeach agus gurbh é an nimhiú fola a thug air dul faoi scian dochtúra.

Is dóigh gur timpeall thús an chéid a thug sé faoin scríbhneoireacht. In An Claidheamh Soluis ó 27 Iúil 1902 amach go 6 Nollaig bhí dráma dar teideal ‘Ar lorg poitín; nó, an t-oifigeach agus Seaghán Bán’ i gcló aige ach b’fhéidir gur ghnóthaigh sé duaiseanna ag feiseanna roimhe sin. Is cinnte gurbh aithnid do léitheoirí na Gaeilge é. Ag scríobh dó faoi Oileán Dairbhre in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1904 dúirt Diarmuid Ó Súilleabháin: ‘Tá tobar ag an Imleach glaoite ina dhiaidh [Naomh Breandán], agus is deimhin gur ól Domhnall Ó Murchadha agus a lán nach é ón oileán seo a bhfuil an phréamh Ghaelach iontu deoch den fhíoruisce beannaithe sin’. Bhuaigh sé duais Oireachtais le haiste ar iascaireacht i 1904. D’admhaigh Pádraig Ó Duinnín, in eagrán 1904 dá fhoclóir, gur chuir D. D. Murphy, Dairbhre, liosta focal chuige. Is é atá ag Ó Droighneáin: ‘Bhailigh sé cúpla míle d’fhocail nua agus ocht gcéad de sheanráite chun cabhraithe leis an Athair Pádraig Ó Duinnín’.

Chuir sé Beirt Ghaeilgeoirí isteach sa chomórtas le haghaidh ‘Leabhar ar nós Beirt Fhear ón dTuaith ach amháin go gcaithfear cur síos go cruinn ann ar ghnáthshaol na cathrach’. Sa nóta a scríobh sé sa leabhar féin i 1927 dúirt sé: ‘The prize in that year of competition 1910 was £10 and 10 p.c. on the sale of the book. A certain date was appointed to have compositions entered and I, in the ignorance of human trickery, sent this composition in 10 days before the appointed day, not expecting it would be read until all compositions would be sent in. But evidently it was, for the next edict that appeared was an extension of time of two weeks from date. None else entered in number 5 and as mine was worthy of a prize (of course an obscure individual) “Beirt Fhear ón dTuaith” [J. J. Doyle] was set to work and the prize bestowed on him, though his effort was never published. I being encumbered with an artificial limb was glad to sell my copyright for the magnificent sum of £5. Hence the “duais speisialta” in the foreword. When it was being published in 1915 I had letters every alternate day asking for the meaning of this and that word or saying and, as can be seen, all I was not asked for bears slipshod interpretations’.

Ní fíor nár foilsíodh iarracht Uí Dhubhghaill. Tá sé in An Claidheamh Soluis 29 Deireadh Fómhair 1910 amach. Tá míniú eile ar an scéal, b’fhéidir. Cé gur leabhar taitneamhach í thuigfeadh léitheoirí nach raibh aon chur amach ag Domhnall ar shaol na cathrach. B’fhéidir gurbh ar an ábhar sin gur síleadh nár thuill sé an phríomhdhuais. Tá an abairt bharrúil seo faoi leabhar Dhomhnaill ag Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic Revival 1881-1921, 1994: ‘Among the more interesting “customary concerns and pleasures” discussed therein are the killing of a horse by a downed wire, the suffragist movement, and a particularly scandalous local divorce trial’. Cuireann sé an méid seo faoi i bhfonóta: ‘Ó Dubhghaill’s nerve in making his Irish speakers true city folk probably earned him his first place-finish over Ó Murchadha, whose characters were, in the words of Laoide, “two or more native speakers of Irish fresh from the country, and just settled down in the city, hence as yet truly native and unspoiled by the overwhelming Anglicisation which is the ruling principle in all Irish cities”.’

Bhí an moladh seo ag an Duinníneach ar an leabhar in Leader 11 Meán Fómhair 1915: ‘Fé mar a chloisim bhí daoine áirithe a bhaineann le gnó Chonradh na Gaeilge i gcoinne an aiste do chur i gcló agus dá dheasca sin d’fhan sí gan cló do chur uirthi go dtí an bhliain seo dá caitheamh againn. Is dóigh liomsa gurb í an aiste is binne dár léigheas riamh i nGaeilge an lae inniú í, ná i nGaeilge an lae inné, dá n-abrainn é. . . . Dála na haiste is inti atá an chaint bhlasta, fhearúil, bhríomhar ó thosach go deireadh. Fear is ea Domhnall Ua Murchadha nach bhfuil aon eagla air roimh aoinne beo agus nach gann é a chuid eolais ar chúrsaí an lae inniu. Is beacht bríomhar an sraith cainnte a chuireann sé i mbéal Sheáin is Dhonnchadh is i mbéal a mban chéile. . . . Is iomdha aiste agus tráchtas agus leabhar atá iar n-a léamh agam i nGaeilge an lae inniu, cuid acu go maith agus cuid acu go dona ach fé mar a deir an file i dtaobh Chapman: “Never did I breathe such pure serene/Until I heard Murphy speak out loud and bold”. Is mór an obair d’fhear dá leithéid ná fuair scolaíocht riamh is dócha is nár fhoghluim focal Gaeilge riamh ach uaidh féin, is mór an obair dó suí agus aiste dá leithéid sin do chur le chéile’.

Scríobh an t-eagarthóir Seosamh Laoide alt in An Claidheamh Soluis 25 Márta 1916 i dtaobh an leabhair: ‘Very little time, unfortunately, was available for investigating the interesting and peculiar words, most, if not all, derived from the speech of the oldest generation near Faill Sheamraim and re-investigated , I believe, by the author himself, who, in his great desire to be exact went to the trouble of crossing the ferry and travelling to his homeland in order to answer some of my troublesome queries with the full authority of the sean-ionndúirí.’

Chuaigh sé chun cónaithe lena dheirfiúr Máire Bean Uí Chonaill i Rinn Ard ag am éigin i ndiaidh 1911. Is beag ar fad a tháinig óna pheann chuig na hirisí i ndiaidh 1903, ach thosaigh sé ag scríobh arís i 1915 agus bhí breis is tríocha aiste agus scéal i gcló aige idir sin agus 1932 in An Claidheamh Soluis, Misneach, Catholic Bulletin, An Camán, An Lóchrann. Deir cuntas Uí Dhroighneáin gur chaith sé na seacht mbliana 1918-25 ag múineadh na Gaeilge faoin gConradh i nDairbhre.

Tá sé liostaithe ag Colm Ó Cearúil in Aspail ar son na Gaeilge, 1996 mar dhuine a raibh poist éagsúla aige mar rúnaí dúiche, timire agus a leithéid i rith na tréimhse sin. B’fhéidir go raibh Domhnall Ó Murchadha eile ann i gCiarraí. Bhí Domhnall s’againne ag éirí críonna agus ní dóigh go raibh sé furasta dó a bheith ag taisteal dá chois ná ina sheasamh os comhair ranga, cé gur cosúil go múineadh sé rang Gaeilge i gcomhair páistí a d’eagraigh Gobnait Ní Bhruadair in aice le Cathair Domhnall. Dar le tuairisc bháis an Kerryman gur saor in aisce a d’oibríodh sé don Chonradh. Cá bhfios nár thug siad pinsean beag dó mar a thug siad do Thomás Ó Criomhthain? An chuimhne is mó a bhí ag a gharneacht air go dtéadh sé féin agus a hathair ag ól cúpla pionta agus ansin go dtéadh siad a fhéachaint ar an uaigh a raibh a chos curtha ann. D’éag sé 19 Aibreán 1942 i dteach a nia Muiris Ó Conaill i Rinn Ard agus tá sé curtha i nDairbhre. Ní léir an é 83 nó 85 a aois ar thaifead oifigiúil an bháis ach bheadh 83 ag teacht lenar cuireadh síos i nDaonáireamh 1901. Scríobh sé péire leabhar eile: Rannsgéalta, sgéalta gearra agus paidreacha áluinne (c.1919); Sean-aimsireacht, 1939.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú