‘Níor labhras aon fhocal Gaolainne go ndeaghas le ceird.... Bhí máthair chéile mo mháistir sa tigh, seanbhean ná raibh aon fhocal Béarla aici, agus is uaithi a thánag isteach ar í a labhairt agus níor mhiste liom mar mhúinteoir í mar is aici a bhí an Ghaolainn ar áilleacht’. Mar sin a chuir Tadhg síos ar an gcaoi ar fhoghlaim sé an teanga (‘Scéal “Sheandúin”’ Cuid a dó, in Father Mathew Record, Iúil 1924-Aibreán 1925).

I Maigh Chromtha a rugadh Seandún i dtús Meán Fómhair 1843—baisteadh é ar 4 Meán Fómhair. Chaith sé cúpla bliain ar scoil. ‘I dtaobh an fhaid a thugas ar scoil ní fiú dhom é d’áireamh agus dá laghad í an aimsear ba lú ná san féin ar fhoghlaimíos’. Easaontas ídir é féin agus an t-ardmháistir Micheál de Bhál faoi deara dó an scoil a fhágáil. Chuaigh sé le táilliúireacht i nGleann na Láine, mar ar fhoghlaim sé Gaeilge, agus d’aistrigh go cathair Chorcaí in 1864. Bhí an tír ag fiuchadh le spiorad an Fhíníneachais agus thugadh Tadhg suntas dá raibh ag tarlú ina thimpeall. In 1885 a casadh Donnchadh Pléimionn air agus is dóigh gur timpeall an ama sin a thosaigh a spéis i gcúrsaí na teanga. Bhí sé sa láthair nuair a bunaíodh craobh den Chonradh i gCorcaigh in 1894.

Is cosúil gur bheag a chumas ar scríobh na Gaeilge. Thagadh a chairde i gcabhair air. Bhí lámh ag an Aimhirgíneach in Eachtra Robinson Crúsó a scríobh síos. Bhíodh Diarmuid Ó Murchú, fear a raibh gaol cleamhnais aige leis, ag teacht i gcabhair air agus bhí baint ag Traolach Mac Suibhne leis-sean i mbreacadh cuimhní Thaidhg. Bhain cuid a haon díobh, Sgéal ‘Sheandúin’, le haimsir na bhFíníní i gCorcaigh. Foilsíodh é i 1920 agus ní fhaca Tadhg i gcló é. Tá abairt amháin sa réamhrá a chuireann in iúl chomh dúilmhear i gcruinneas cainte a bhí an seantáilliúir: ‘Ba nós ag Seandún é gach focal d’athléamh agus d’athscríobh arís agus arís eile d’fhonn is ná beadh aige fé dheireadh ach an rá ba bhríomhaire agus ba líofa’. Ní hionadh ardmheas a bheith ag Shán Ó Cuív air mar Ghaeilgeoir.

Cé is moite den leabhar sin agus dá aistí ar an Cork Weekly Examiner, is aistriúcháin is mó a scríobhadh é. Shíl Torna gurbh é Eachtra Robinson Crúsó an t-aistriú ab fhearr dár léigh sé riamh. Mhol an Piarsach é freisin. D’aistrigh Tadhg óráid mhór Emmet agus d’fhoilsigh Conradh na GaeilgeToradh na Gaedhilge, 1905, aistriú ar léacht a thug Liam Ó Briain, M.P. in 1892. Ceannródaí i gcúrsaí aistrithe i rith thús na hathbheochana ba ea Tadhg. Ceann de sheacht n-iontais Chorcaí, ní foláir, an seantáilliúir i mbun a cheirde ina shuí, sa Munster Arcade, an dá chois trasna ar a chéile aige, é ag dianmhachnamh i rith an ama ar conas ab fhearr a déarfadh sé abairt áirithe de chuid Defoe i nGaeilge.

D’éag sé ar 13 Aibreán 1919.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú