Sa Scairtín, Áth Trasna, Co. Chorcaí a rugadh é ar 12 Eanáir 1833. I ndiaidh a oiliúna i gcoláistí Íosánacha i Sasana, sa Ghearmáin agus sa Spáinn chuaigh sé isteach san ord in 1849. I ndiaidh a oirnithe stiúraíodh sé misin anseo agus ansiúd in Éirinn. Casadh Pádraig Ó Duinnín, friothálaí Aifrinn, air sa Ráth Mhór agus ba é a d’áitigh ar an mbuachaill óg dul sna hÍosánaigh. Bhí luí aige le stair agus bhí sé á múineadh i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus i Luimneach agus bhí sé ina ollamh le diagacht mhorálta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn sular ceapadh ar fhoireann Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath é mar sparánaí agus leabharlannaí in 1883. Scríobh sé Cromwell in Ireland (1883) a fuair ardmholadh, stair Mhainistir na Croiche Naofa, leabhar scoile ar stair na hÉireann - A short history of Ireland for schools, 1894 agus cuntas ar 250 de mhairtírigh Chaitliceacha na hÉireann ó aimsir Anraí VIII anuas. Scríobh sé Triumphalia Chronologica Monasterii Sanctae Crucis in Hibernia ..., 1891; Annals of Clonmacnois ..., 1896; Our martyrs: a record of those who suffered under the Penal Laws in Ireland, 1896. Bhí sé ceaptha ag an gCliarlathas chun cás na mairtíreach sin a bhrú chun cinn agus chuardaigh sé cartlanna sa Fhrainc, san Ostair, sa Spáinn, sa Phortaingéil agus sa tSeicslóvaic ag iarraidh teacht ar fhianaise. Chuir sé eagar air, agus d’aistrigh sé, Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh (1893) ach níor cháineadh róghéar air a mholadh gurbh fhearr dul ar iontaoibh eagrán an Athar Pól Breathnach. Meastar nach raibh cruinneolas aige ar an nGaeilge.

Bhí sé ina eagarthóir ar The Kildare Archæological Journal agus scríobhadh sé aistí d’irisí eile seandálaíochta. Fear saolta meidhreach ba ea é, é tugtha do bheith ag seinm na dordveidhle go minic le ceathairéad sa R.I.A.M., d’ainneoin a gcaitheadh sé dá dhúthracht i mbun chás mhairtírigh na hÉireann. Dúirt sagart óg ina thaobh: ‘A middle-sized, middle-aged, common-sense style of a man with a patriarchal beard on him’ (Leabhar an Athar Eoghan, lch 102). D’éag sé ar 18 Bealtaine 1896. Dar le Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1896, go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus go raibh sé ag ullmhú eagráin de Betha Cholmcille Mhaghnais Uí Dhomhnaill.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú