Rugadh é sa tsráidbhaile, Baile na nGall, An Mhuiríoch, i bParóiste Chill Maoilchéadair, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ar 3 Eanáir 1898. Feirmeoir ba ea a athair Seán agus ba í Siobhán Ághas, an Mhuiríoch, a mháthair. D’fhreastail ar an scoil náisiúnta áitiúil, ‘Smeirbhic 2’ ar an Muirígh, mar ar chríochnaigh sé ina mhonatóir. D’imigh as san go Coláiste Oiliúna de La Salle, Port Láirge, mar ar dhein sé cúrsa traenála múinteoireachta sna blianta 1915-17. Mhúin sé i Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhúraigh, Corca Dhuibhne, sna blianta 1917-25, nuair a ceapadh ina phríomhoide é i scoil an Choma, deich míle siar ó Thrá Lí.

Sna blianta tosaigh aige mar mhúinteoir, mhúineadh sé Gaeilge i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i rith an tsamhraidh. Nuair a mhairbh na saighdiúirí comharsa leis, Tomás Ruiséal [B3, lch 147] i gCarraig an Chabhaltaigh, Domhnach na Pailme, 1918, bhí sé i measc lucht tionlacain a thaisí abhaile go Cill Maoilchéadair.

Bhunaigh sé coiste Chumann Lúthchleas Gael sa Chom i 1928, agus bhuaigh an fhoireann sraithchomórtas Chiarraí Thiar an bhliain sin. Bhain sé féin bonn sóisir Uile-Éireann amach timpeall an ama seo. Phós sé Siobhán (Hanna) Ní Chatháin, múinteoir ón gCom, 8 Meán Fómhair 1928, agus bhí seachtar muirir orthu. D’imir triúr acu, Seán, Pádraig agus Séamas, sa pheil do Chiarraí. In Dúthaigh Duibhneach, 2004 luann Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt i measc bhuaiteoirí bhoinn Uile-Éireann Seán Murphy (1953, 1955, 1959) agus Séamus Murphy (1959, 1962, 1969, 1970).

Le linn dó a bheith i ndrochshláinte sna blianta déanacha dá shaol a scríobh sé an leabhar, Pluais na nIongantas, 1953, scéal eachtrúil do bhuachaillí. Faoin ainm cleite ‘Carraig na Téide’ (carraig san uisce, cóngarach don dtalamh, ceathrú mhíle siar ó thuaidh ó Bhaile na nGall) bhí scéalta i gcló aige in An Lóchrann idir 1920 agus 1931. Is ródhóigh gurb é Seán Ó Murchadha s’againne é an fear a raibh scéalta agus ailt aige san iris chéanna sin i rith na tréimhse céanna sin. Fuair sé bás ar an 20 Eanáir 1946, agus tá sé curtha sa Chom. (Tá na húdair buíoch den Dr Breandán Ó Cíobháin a sholáthraigh bunús an chuntais seo dóibh).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú