In Foclóir nó Sanasán Nua, 1643, d’áirigh Michél Ó Cléirigh Lughaidh mar dhuine den cheathrar ba mhó eolas ar an nGaeilge lena linn. Bhí sé chun tosaigh in Iomarbháigh na bhFilí ach is le Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill is mó a thabhaigh sé clú. Chuir Pól Breathnach eagar air (Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill as Leabhar Lughaidh Uí Chléirigh, maille le réamhrá agus nótaí, 1948–57). Tá cuntas ar a mhuintir ag an údar céanna in Studies, Meitheamh 1935 (‘The O’Clerys of Tirconnell’). Roimhe sin bhí Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, The Life of Hugh Roe O’Donnell, Prince of Tirconnell 1586–1602 by Lughaidh O’Clery. Now first published from Cucogry O’Clery’s Irish Manuscript in the Royal Irish Academy ... 1895 i gcló ag Denis Murphy [Donnchadh Ó Murchadha B1]. An fabht is mó sa bheatha, dar le Breathnach, gur chuir Lughaidh a laoch ar chomhchéim le hAodh Ó Néill.

Deir Breathnach freisin: ‘It was a medium of reference for the use of the writers of the Four Masters, thrown together during the compilation of those Annals.’ In Irisleabhar Mhá Nuad, 1994 (‘Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill: Beathaisnéis de chuid an Renaissance’) cuireann Mícheál Mac Craith roimhe a thaispeáint nach breithiúnas cóir é sin agus is é an focal deiridh aige: ‘Bíodh nár tháinig ann do na focail biography/ biographie/ biografia go dtí lár an tseachtú haois déag, bhí síolta an genre nua liteartha seo á gcur le breis agus céad bliain roimhe sin. Cé nach mbreathnódh éinne ar Bheatha Aodha Ruaidh mar shampla foirfe críochnúil den bheathaisnéis, níl aon amhras ach gur ceannródaí diongbháilte sa chineál seo cumadóireachta é Lughaidh Ó Cléirigh, gradam atá tuillte aige go háirithe i ngeall ar a spéis sa chúisiúlacht agus i gcarachtar an duine aonair, gnéithe den suíomh daonna a forbraíodh le linn an Renaissance.’ Sa chaibidil ‘Creideamh agus Athartha’ in Nua-Léamha ..., 1996 in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, deir Mac Craith gur sa Bheatha a nascadh athartha agus creideamh den chéad uair i dtéacs Gaeilge. Ag tagairt do Sir Thomas More deir Tadhg Ó Dúshláine in The Irish in Europe..., 2001 in eagar ag Thomas O’Connor (‘Devout humanism Irish-style...’): ‘[Thomas] More too is considered the originator and master of a school of historical writing, centred at Louvain, and his biography of Richard III is considered the possible exemplar for the life of Red Hugh O’Donnell, compiled by the professional historian, Lughaidh Ó Cléirighcirca 1630.’ Cibé dáta a bheadh ceart, déantar talamh slán de gurbh i ndiaidh bhás Aodha Uí Néill i 1616 a scríobh sé é.

Rugadh an staraí agus an file seo i gContae Dhún na nGall agus ba é an duine ba shine é den chúigear mac a bhí ag Mac Con Ó Cléirigh (Maccon Ó Cléirigh) a d’éag in 1595, ollamh le stair ag Ó Domhnaill, fear eolach beartach (‘Historian and poet, was born in Co. Donegal, the eldest of the five sons of Maccon Ó Cléirigh (d.1595) an erudite and ingenious man, professed in history and poetry’ [sin é an Béarla atá ag an Seán Ó Donnabháin ar a bhfuil in Annála Ríoghachta Éireann]. B’as deisceart na hÉireann dá mháthair. Maraíodh deartháir amháin leis, Duibhgheann, i 1600 agus ba iad an triúr eile: Giolla Bhríghde, Maccon Meirgeach agus Cúchoigríche. Tá fianaise ina dhánta gurbh as Leath Mhogha dá mháthair (Iomarbháigh na bhfileadh, 1918 in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith). Deir Mac Cionnaith go bhfuair sé oiliúint ó Bhaothghalach Mac Aodhagáin agus, b’fhéidir, ó Thadhg mac Dáire Mac Bruaideadha. Maireann blúire dá thuireamh ar Mhac Aodhagáin. Bhí sé i measc na ngiúróirí a cheap Sir Arthur Chichester i 1609 i bhfiosrúchán a bhain le húinéireacht talún. Faoin bplandáil fuair sé féin agus deichniúr eile léas saoil ar 960 acra i gcomharsanacht na dTuath, Fhánaid agus Chill Mhic Réanáin. ‘A small grant of land’ a thugann Breathnach air. Deirtí gur mhac leis ba ea Cúchoigríche Ó Cléirigh, duine de na Ceithre Máistrí; tá léirithe ag Breathnach nárbh ea, gur mhac le Diarmuid Ó Cléirigh ba ea Cúchoigríche agus nach bhfuil fianaise go raibh mac ag Lughaidh. File ba ea a dheartháir Cúchoigríche. Cuireadh ‘Beatha Aoidh Ruaidh Uí Dhomhnaill’ le chéile i ndiaidh 1616 nó, b’fhéidir, chomh deireanach le 1627. San alt faoi Ó Cléirigh atá ag Darren McGettigan in Dictionary of Irish Biography, deir sé gur mórbheathaisnéis í de chuid an Renaissance, é scríofa ar mhodh saorga ársa agus focail ann a bhí imithe i léig le fada. Ach deir sé chomh maith gur foinse thábhachtach é maidir le Cogadh na Naoi mBliana. (‘ A major Renaissance biography, written in an artificially archaic style using many long-obsolete words, it remains an important Gaelic source for the Nine Years’ War’). Thug a mhac Muiris cead do Mhícheál Ó Cléirigh leas a bhaint as na lss a d’fhág a athair le huacht aige.

Ar feadh i bhfad bhí amhras ann i dtaobh cé a scríobh an bheatha. Is faoin teideal ‘Leabhar Lughaidh Uí Chléirigh’ a bhain Michél Ó Cléirigh agus a chomhghleacaithe leas as in Annála Ríoghachta Éireann. Deir Breathnach: ‘Since the abandonment of the old title, the identity of the real author has been forgotten, and the work has been ascribed to Cúchoigcríche Ó Cléirigh. Edward O Reilly [Éadbhard Ó Raghallaigh B6] says that Cúchoigcríche Ó Clérigh “wrote a life of Aodh roe O’Donnell” and that “the original copy of this work is in the library of William Monck Mason, Esq. and a transcript of it is in the collection of the Assistant Secretary [of the Iberno-Celtic Society – O Reilly himself], who has now [1820] nearly translated, with an intent to publish, this invaluable piece of Irish history.’ Ghlac an Donnabhánach scun scan leis gurbh é Cúcoigríche a scríobh an bheatha: bhí eolas aige gan amhras ar ‘Leabhar Lughaidh Uí Chléirigh’ ach níor rith sé leis gurbh ionann é agus Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill. I léacht a thug sé in 1855 (Manuscript Materials of Ancient Irish History, 1861) ba é Ó Comhraí a d’aithin gurbh aon saothar amháin iad.

Deir Breathnach: ‘The Life of Aodh Ruadh is written throughout in a highly artificial and archaic style of Irish, much more artificial than the language of the Four Masters where they write in free prose. Indeed the annalists often tone down the archaic flavour of the Life when they transcribe it, and that is frequently enough, for large sections are taken over in substance, and as O’Donovan says, almost verbatim.’ Deir sé freisin, murab ionann agus saothair fhada eile i dtréimhse na Nua-Ghaeilge, nach ndearna scríobhaithe aon chóip den bheatha; tuairimíonn sé nach dtabharfadh úinéirí na lámhscríbhinne ar iasacht í.

Ba iad Lughaidh Ó Cléirigh agus Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha a chuir tús le hIomarbhá na bhFilí, coimhlint idir filí Leath Chuinn agus Leath Mhogha; luaitear ceithre dhán le Lughaidh. In The Contention of the Bards (Iomarbhágh na bhFileadh) and its Place in Irish Political and Literary History, 1994 deir Joep Leerssen: ‘His [Lughaidh’s] counter-poem “A Thaidhg ná tathaoir Torna” is what actually turns Tadhg’s revisionist foray into a Contention properly speaking.’ Tá an méid seo ag Breandán Ó Buachalla: ‘An bheirt fhile a thionscain an iomarbhá, Tadhg Mac Bruaideadha agus Lughaidh Ó Cléirigh, beirt iad a bhí tagtha slán: bhí Ó Cléirigh fós i seilbh a thailte i gCill Mhic Réanáin mar thionónta ag an rí; bhí Mac Bruaideadha mar shirriam i gContae an Chláir agus mar fhile teaghlaigh, is cosúil, ag Donnchadh Ó Briain, Iarla Thuamhan agus Uachtarán na Mumhan. Ní nach iontach, glacann Ó Cléirigh agus Ó Bruaideadha araon... le ceart agus le dlisteanas [Rí] Shéamais; aon cheist amháin aighnis a bhí le réiteach ina thaobh: cé acu le Leath Choinn nó le Leath Mhogha a bhain sé le sinsearacht!’ (Aisling Ghéar..., 1996).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú