Seo é an taighdeoir a dheimhnigh ar deireadh thiar cá bhfuair Philip Barron bás agus cathain. Ach chuir sé ceisteanna san alt in Comhar, Deireadh Fómhair 1997: ‘An ionann an Philip F. Barron seo a fuair bás i Londain in 1844 agus an Pilib Barún seo againne? Measaim go bhfuil an-seans gurb ea. An bhfuil an tóraíocht fhada thart?’.

Ag 34 Garrán Ghort na Fuiseoige, Camaí, Baile Átha Cliath, a rugadh Pádraig ar 22 Feabhra 1937. Ba iad Patrick Clarke, péintéir / maisitheoir, agus Thomasina Farrelly a thuismitheoirí, beirt ar de sheanbhunadh Bhaile Átha Cliath iad. Bhí deirfiúr agus triúr deartháireacha aige. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge. Ar feadh tamaill bhí post aige i gcomhlacht árachais. Bhain sé BA amach tar éis dó freastal ar léachtaí oíche sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ar stair agus ar an nGaeilge is mó a bhí a aird. Chaith sé tamall ag múineadh sa Scoil Ghairmoideachais i gCearnóg Pharnell. As sin chuaigh sé go Ceardscoil Bhaile Formaid agus bhí ann go dtí gurbh éigean dó dul ar pinsean luath de dheasca easláinte. Bhí tacsaí aige tamall. Agus bhunaigh sé an comhlacht turasóireachta Gnó Eachtraíochta Abhann a bhain le saoire a chaitheamh ar aibhneacha.

Bhí sé bainteach ar feadh i bhfad le Conradh na Gaeilge agus deirtear gur bhunaigh sé roinnt craobhacha, Craobh na Cásca ina measc. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Ceanntair Bhaile Átha Cliath agus chaith tamall ina bhall den Choiste Gnó. Ba bhall den Réalt é freisin. Bhí páirt aige i bhfeachtas na gceadúnas teilifíse. Cúisíodh é ach caitheadh amach an cás ina aghaidh ‘mar gur ríomhaire a d’eisigh an toghairm’ (Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Poblachtach laidir é, cáil a bhí ar a athair roimhe. Bhí tionchar mór ag teagasc Phádraig Mhic Phiarais air. Ba chomhordaitheoir é ar an bhfeachtas in aghaidh Éire a dhul isteach sa Chómhargadh. In éineacht le Caitlín Maude bhí sé ar bhunaitheoirí Chlub an Bhunnáin Bhuí. Bhí aistí, léirmheasanna agus gearrscéal i gcló aige in Feasta, 1969-81 agus léirmheas agus aistí in Comhar, 1973-97. Tá gearrscéalta neamhfhoilsithe dá chuid á réiteach mar leabhar ag Vivian Uíbh Eachach.

Maidir le Philip Barron, tásc ná tuairisc ní raibh ar an mBarúnach ó d’fhág sé Éire. Níorbh eol do dhuine ar bith cár cailleadh é ná cathain. Ní raibh toradh ar thaighde Shéamuis Uí Chasaide agus taighdeoirí eile. Ní raibh fuascailt na ceiste ag aon duine gur aimsigh Pádraig agus a dheartháir Kieran teastas báis i Londain a thugann an dáta 10 Meán Fómhair 1844 (feic 1782-1881 Beathaisnéis, 1999, lch 17). Foilsíodh an scéal in Comhar, Deireadh Fómhair, 1997. B’fhéidir an fear seo ar baisteadh ‘the first Gaelic Leaguer’ air a bheith dearmadta faoin am seo agus ní léir gur scaipeadh an scéal nua seo go leathan. Bhí spéis léirithe ag Pádraig i saol an Bharúnaigh i bhfad roimhe sin. Bhí colún ‘Who was Who in Irish Ireland’ á scríobh aige in Rosc, 1972-73 agus i nDeireadh Fómhair 1972 is le Philip Barron a bhain an chéad alt sa tsraith sin. Níor phós Pádraig agus d’éag sé ar 19 Nollaig 2005.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú