Rinne an UDA an ball seo de Conradh na Gaeilge a lámhach ina theach féin i mBéal Feirste 2 Feabhra; tá tuairiscí ar an dúnmharú ag Gearóid Ó Cairealláin in 4, 6 agus 7 Feabhra 1992; in Irish Times 3 agus 4 Feabhra 1992. Tá tagairtí ag Proinsias Mac Aonghusa dá obair ar son na teanga in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó na heagraíochta le fada agus bhí sé ina iarrthóir don uachtaránacht i 1979. Deir Mac Aonghusa: ‘Fear mór láidir dathúil ab ea eisean. Bhí sé san am sin ina Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste, ina bhall den Choiste Gnó agus ina Rúnaí ar Chraobh an Chú Dheirg a bhunaigh sé féin sa bhliain 1974. Éireannach go smior ab ea é a ghlac go fonnmhar le dearcadh oscailte Wolfe Tone. Bhí sé ina thogha Gaeilgeora.’ Bhí baint aige le Cumann Chluain Ard i mBéal Feirste. Thuigfeá ó rud a dúirt Sinn Féin tar éis a dhúnmharaithe gur bheag ar fad an bhaint a bhí aige le polaitíocht (Irish Times). Tar éis do Bobby Sands bás a fháil ar céalacan mhol Íde Ní Chionnaith agus Pádraig rún ag Ard-Fheis go mbeadh stádas polaitiúil ag na príosúnaigh i mBlocanna H na Ceise Fada agus chuige sin go gcuirfeadh Rialtas na hÉireann brú ar Rialtas na Breataine. Bhí duán deonaithe aige dá dheartháir agus ní rómhaith a bhí an tsláinte aige ag am an dúnmharuithe. Proinsias Mac Aonghusa, Uachtarán an Chonartha, a thug an t-aitheasc ag an sochraid. D’fhág sé ina dhiaidh a bhean Íde, a iníon agus a thriúr mac. Ba é an seachtú fear é den West Belfast Taxi Association a mharaigh an UDA. ‘Gach maidin thugadh sé líon tacsaí páistí suas Bóthar na bhFál chuig an Ghaelscoil ar Bhóthar Seoighe. Ar ndóigh níor ghearr sé aon phingin orthu. Níor ghearr sé pingin riamh ar phaisinéar a labhair Gaeilge leis.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú