Tá sé luaite in Annála Ríoghachta Éireann mar ‘seanchaidh, file agus fear dána’. Tá cuntas air: ag Joep Leerssen in The Contention of the Bards (Iomarbhágh na bhFileadh) and its Place in Irish Political and Literary History, 1994 (Cumann na Scríbheann nGaedhilge); ag Norman Moore in Dictionary of National Biography; ag Nicholas Williams in I bPrionta i Leabhar...1567–1724, 1986. Ba é an ceann fine é i ndiaidh a athar Maoilín (d’éag 1582). I mBaile Mhic Bruaideadha i bparóiste Dhíseart Uí Dheá, Co. an Chláir, a rugadh é. Chaith sé tamall, dar le Moore, ina ollamh ag muintir Ghráda agus muintir Ghormáin agus tá leathdhosaen dá dhánta liostaithe ag Seán Ó Donnabháin in Annála Ríoghachta Éireann. Tá tagairt dó ag Tomás Ó Rathile in Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C, 1922 (‘Irish poets, historians, and judges in English documents, 1538–1615’): ‘“Miellien oge McBrodie, of the Synnganagh,” 17 July, 1585 [No. 4753]. This is the well-known Maoilín Óg Mac Bruaideadha, of Shingaunagh , in the parish of Kilmacrehy, near Liscannor, Co. Clare.’ Deir Leerssen go mba dhuine measúil é más aon chomhartha air sin a mhinice a luaitear a ainm i gcáipéisi oifigiúla. Roghnaigh an Rathaileach dán leis, ‘Bráthair don bhás an doidhbhreas’, in Measgra Dánta I, 1927. Deir Leerssen faoin dán sin: ‘Maoilín óg could address an extraordinary poem to him [an 3ú hIarla Thuamhumhan], ‘Brathair don bhás an doidhbhreas’.... which seeks almost to blackmail O’Brien into munificence. Maoilín Óg refers to Conchobhar’s adherence to Gaelic customs, which should be a matter of satisfaction to a bardic poet, even one who was soon to enter protestant employ, but then twists the matter by hinting that such Gaelicism on Conchobhar’s part might be frowned upon by the English authorities. Obviously Maoilín Óg is here exploiting the uneasy relationship between Conchhobhar and the authorities for his own ends. It seems to have worked, for he is on record as having later composed an Eulogia O Brienorum.’

Deir Cuthbert McGrath in Éigse IV, Cuid I, 1943, agus Leerssen agus Williams chomh maith, gur cosúil gurb eisean an duine a bhí ag cabhrú le Fearganainm Ó Domhnalláin agus le hUilliam Ó Domhnaill in obair aistrithe an Tiomna Nuadh, an fear ar dhúirt Ó Domhnaill ina thaobh gur ‘duine iúlmhar sa teanguidh Ghaoidheilge’ é agus gur i gColáiste na Tríonóide a bhí sé. Glacann Williams leis go mba Phrotastúnach é.

Tháinig Aodh Rua Ó Domhnaill a dhéanamh creiche i dTuamhain i 1599 agus thóg leis cuid d’eallach an fhile. D’impigh Maoilín air go dtiocfadh an fhilíocht saor ón gcreach agus tugadh an t-eallach ar ais dó. Chuir Maoilin i gcuimhne d’Aodh Rua i rann go raibh an chreach inghlactha i ndíoltas na hargana a rinne Ó Briain ar Aileach 400 bliain roimhe sin. Tá an dán in Annála Ríoghachta Éireann faoin mbliain 1599 agus in Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh. D’éag sé 31 Nollaig 1602.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú