Dúirt Dubhghlas de hÍde faoi: ‘Ní raibh éinne níos teotha ná níos déine i dtaobh na Gaeilge ná Donnchadh L. Pléimionn’. In aiste in The Leader i 1908, is dósan agus don Athair Ó Gramhnaigh amháin a thug an tAthair Peadar an chreidiúint faoi thús a chur dáiríre leis an athbheochan. Bhí a chúis féin ag an Athair Peadar lena leithéid a rá, b’fhéidir, agus gan amhras is gnách adhmholadh a dhéanamh ar an tírghráthóir óg atá marbh. Is cinnte mar sin féin gur dhuine é ar chuaigh a dháiríreacht agus an éifeacht a bhí ann i gcion go mór ar a chairde.

I gcathair Chorcaí a rugadh Donnchadh. Sa teastas beireatais deirtear gur rugadh Denis Fleming, mac le Thomas Fleming, ‘siúinéir tí’ agus Julia Carroll, 15 Sráid Thomáis, Corcaigh, ar 6 Feabhra 1868. I ndaonáireamh 1901, is ag 199 Sráid na Blarnan bhí cónaí ar William Fleming (30 bliain d’aois), siúinéir agus ceann an teaghlaigh; ar a leasmháthair, Bridget Fleming, baintreach, a rugadh i gContae Chorcaí, agus a bhí 72 bliain d’aois; ar a aintín Mary Barrett (74) agus ar a dheartháir, Patrick (26 bliain). Bhí Gaeilge ag Bridget Fleming agus ag Mary Barrett. Faoi 1911, ba é Patrick ceann an teaghlaigh; bhí sé pósta agus bhí mac acu a bhí bliain d’aois. Bhí Bridget Fleming sa teach go fóill, í 83 bliain d’aois. Dhealródh gurbh iad muintir Dhonnachadh iad. B’fheidir gur scríobhadh uimhir 193 go botúnach. Chloiseadh sé blúiríní Gaeilge sa teach agus d’fhoghlaim sé a thuilleadh ó na Bráithre Críostaí, cé gur bheag é. In 1885, chuir Tadhg Ó Murchú (‘Seandún’) aithne air. Fianaise ar Ghaeilge a bheith le cloisteáil aige ina óige is ea an rud a deir Seandún: ‘Ina theaghlach féin a chloiseadh sé roinnt sean-rann agus blúiríní sean-amhrán Gaeilge. Chnuasaigh agus d’fhoghluim iad, agus is uathu siúd, mar a deireadh sé go minic, a fuair sé a ghreim ar Ghaeilge bhreá ghlan shimplí’. Bhí Pléimionn ag freastal ar Scoil na nEalaíon i gCorcaigh agus é tógtha go mór cheana féin le ceist na hathbheochana. De bharr a shaothair greanadóireachta bhuaigh sé scoláireacht bhliana i Scoil Slade, South Kensington. Níor chaith sé ach deich mí i gCathair na gCeo, mar a thugadh sé ar Londain. Le linn dó a bheith i Londain chaitheadh sé gach tráthnóna Sathairn i Músaem na Breataine sa seomra ina raibh lámhscríbhinní Gaeilge le fáil, dar le Seandún. ‘D’fhill sé abhaile chomh lagbhríoch san idir chorp agus intinn nár tháinig sé chuige féin go ceann dhá bhliain’, dar le Seandún. Ag siúinéireacht a bhí sé ag tuilleamh a bheatha, tharla obair ghreanadóireachta agus ealaíne bheith gann. Ní luaitear mar shamplaí dá shaothar ach an fhochla (‘cosúlacht na carraige’) ag Ardeaglais Cholmáin sa Chóbh agus an dileagra a bronnadh ar an gCraoibhín.

Thosaigh sé arís ar staidéar ar an nGaeilge i gCumann NáisiúntaLiam Uí Bhriain, M.P. i Sráid Mhór Sheoirse i gCorcaigh agus sa Chonradh ina dhiaidhsean. Bhí sé ina rúnaí ag Craobh na Laoi agus colún dar teideal ‘An Támhlorg’ aige in The Cork Weekly Examiner ó 1897. Nuair a d’éirigh raic idir Bernard Doyle, foilsitheoir Fáinne an Lae (1898–1900), agus an Coiste Gnó bhí Craobh na Laoi agus go háirithe John J. Murphy, Donnchadh Pléimionn agus Osborn Ó hAimhirgín ag tacú leis an Dúilleach. Chuaigh an Pléimionnach i bhfeighil na Gaeilge sa pháipéar. Bhí beagán de Corcaigh v. Baile Átha Cliath i gceist. Ritheadh rún ag an gCoiste Gnó ag cáineadh an triúir agus cuireadh Craobh na Laoi faoi ‘choinnealbhá’. An scoilt sin a thug an Pléimionnach ar an stáitse náisiúnta. Thug a bhás anabaí go gairid ina dhiaidhsean isteach i bpainteon mhairtírigh Chorcaí é.

Bhí mianach maith eagarthóra ann. Mhisníodh sé daoine chun dul i mbun pinn agus níor mhiste leis a gcuid scríbhinní a cheartú. Níor theip ábhar cló riamh ar Fáinne an Lae. Bhí Donnchadh orthusan ba thúisce a chuir an smaoineamh chun cinn go bhfónfadh aistriúcháin don Ghaeilge. Shíl sé nach mbeadh ar chumas dó féin bunsaothar liteartha a scríobh agus sin é a thug air leagan Gaeilge, Eachtra na nArgonátach, a dhéanamh den scéal Gréagach. Chuir a chara Seandún réamhrá beathaisnéiseach leis agus foilsíodh mar leabhar é i 1904. Seo mar atá an iontráil in Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge: NIEBUHR. Barthold Georg. Eachtra na nArgonátach do réir Niebuhr, aistrithe i nGaedhilg ag Donnchadh Pléimeann… (Sgéalta Nua-Dhéanta, V11). Staraí cáiliúil ba ea Niebuhr (1776-1831). Tá léirmheas moltach (‘Eachtra na nArgonátach: Donnchadh Pléimeann; his thoughts and his works’) ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) in An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1904.

Níor thug sé aire cheart dó féin i ndiaidh na chéad bhreoiteachta ach é ag obair de ló is d’oíche. Shíl an tAimhirgíneach gur bhain tréith sin na díograise leis ó dhúchas agus dá mba nach rachadh sé i dtreo na Gaeilge go dtabharfadh sé a bhrí agus a dhúthracht do chúis éigin eile. Galar cléibh ba thrúig bháis dó ar 8 Lúnasa 1900. Sa teastas báis deirtear gur ag 193 Sráid na Blarnan, Corcaigh a d’éag sé agus an iriseoireacht a thugtar mar ghairm. William Fleming a thug an t-eolas don chláraitheoir. Tá a thuilleadh eolais ina thaobh ag Caoilfhionn Nic Pháidín in Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898-1900), 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú