An caidreamh a bhí aige ar Thomás Ó Criomhthain a adhnann spéis daoine ann. Tá cuntas ar an gcaidreamh sin ag Seán Ó Coileáin in Scríobh 4 (1979) (‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’).

Rugadh Brian Ó Ceallaigh ar 13 Eanáir i gCill Airne mar a raibh siopa éadaigh, agus teach ósta ar ball, ag a athair John Kelly, J. P. Brigid Cronin a mháthair. Bhí duine dá dheartháireacha, Thomas James (d’éag 1967) ina aermharascal sa R.A.F., fear díobh ina shagart paróiste agus fear eile ina bhreitheamh dúiche.

D’iarr an mháthair ar An Seabhac timpeall 1915/6 ceachtanna Gaeilge a thabhairt do Bhrian cúpla oíche sa tseachtain. Bhraith an Seabhac gur dhuine aonaránach é ach d’éirigh siad báúil le chéile. Ba ghairid go raibh léirthuiscint ar an nGaeilge ag an ógfhear. Bhí eolas aige ar theangacha eile cheana féin. Mhol An Seabhac dó tamall a chaitheamh sa Bhlascaod. Chaith sé ó Aibreán go 31 Nollaig 1917 ann. I rith na seacht mbliana dár gcionn bhíodh comhfhreagras aige le Tomás Ó Criomhthain, Micheál Ó Gaoithín agus Eibhlín Ní Shúilleabháin. Ba é an Criomhthaineach a oide múinte ar an oileán agus ina dhiaidh sin. Léadh siad Séadna le chéile san oíche. Sular fhág sé an t-oileán d’iarr Brian ar Thomás cín lae a scríobh. Ba é a thug leabhar Mhaxim Gorky dó agus a spreag an t-oileánach chun scéal a bheatha a scríobh. Choinníodh sé pinn, páipéir, leabhair, tobac agus eile le Tomás agus chuireadh Tomás a chuid scríbhinní chuige. Tá cuntas Bhriain le fáil mar bhrollach (‘Ag tagairt don leabhar’) in Allagar na hInise agus an dáta Márta 1928 leis.

Fuair sé post mar chigire scoileanna roimh 1922 ach níor thaitin an obair leis. Sa chuntas in Scríobh 4 deir An Seabhac: ‘Ba léir dom isna blianta ’24–’26 go raibh sé neamh-shona míshuaimhneasach. Bhí fátha leis sin. ... Ansin bhí ar Bhrian imeacht leis as Éirinn agus do thuigeas ná beadh sé ag filleadh.... D’imigh Brian, go huaigneach mheasas, agus ní fheacas-sa riamh ina dhiaidh sin é ...’. Thug Muiris Mac Conghail léacht Dáibhiseach ar raidió RTÉ 20 Deireadh Fómhair 1991 agus mhínigh go beacht cén fáth ar fhág Brian Éire i 1926. Thug sé eolas ann freisin ar an oideachas a fuair Brian i gColáiste na Tríonóide agus ansin i bPáras agus in Marburg sa Ghearmáin. In Marburg a bhí sé nuair a bhris an Cogadh Mór amach. Cuireadh i ngéibheann é. Ruairí Mac Easmuinn a d’fhéach chuige gur saoradh é. Bhí dóchas aige go gcabhródh Brian leis chun príosúnaigh Éireannacha a earcú. Nuair a tháinig Brian abhaile thug sé cibé eolas a bhí aige do lucht Chaisleán Bhaile Átha Cliath. B’fhéidir gur mar luach saothair a tugadh an chigireacht scoileanna dó. Dhealródh go raibh sin ag goilliúint go mór air de réir mar a bhí, dar leis, claochlú ag teacht ar pholaitíocht na hÉireann sa tréimhse 1916–26 agus gurbh éalú chun na Mór-roinne a rinne sé. Foilsíodh an léacht fhíorspéisiúil seo in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, 1992.

Bhí cúpla iarracht déanta ag Brian ar shaothar Thomáis a fhoilsiú. Nuair a theip air d’fhág sé na scríbhinní i gcúram An tSeabhaic. Deir Seán Ó Coileáin: ‘Níl fhios agam an bhfeaca Brian Ó Ceallaigh riamh aon cheann den dá leabhar go raibh lámh chomh mór aige féin iontu’. Ghabh an t-oileánach féin buíochas le Brian in amhrán a scríobh sé don Seabhac:

‘Is ceart dom dar ndóigh an fear fónta a bheartaigh dom,

‘Ainm a lua mar is mór mo ghradam do,

Do choimeád sé do shíor go cruinn i bhfearas mé,

Is é Brian Ó Ceallaigh é ó bhruach Loch Léin’.

Tá an scéal bearnach seo ar Bhrian anuas go 1926 ar eolas go coitianta. Ach is beag má bhí aon leid ag an bpobal faoi cad d’imigh air ná cár cuireadh a chuaille cnámh go dtí gur thosaigh Muiris Mac Conghail ag réiteach le haghaidh a mhórscannáin ar mhuintir agus litríocht na mBlascaodaí. Fuair seisean amach ó údaráis na hIúgslaive, agus ní gan dua, gur bhás de pholaimiailíteas a fuair Brian in ospidéal stáit i Split ar 28 Nollaig 1936 agus gur adhlacadh é i reilig i mbaile Cestica.

Gan amhras beidh laghad an eolais seo ár ngriogadh go dtí go n-éireoidh le scoláire dúthrachtach éigin seilbh a ghabháil ar fhírinní a bheatha agus a phearsantachta. Ach bhí le maíomh ag Brian go raibh páirt mhór aige i nginiúint An tOileánach ar dhúirt Seán Ó Coileáin faoi: ‘Ní bheidh an seasamh céanna ag aon leabhar Gaeilge eile go deo arís agus a bhí aige tamall’. Tá an aiste is cuimsithí fós ina thaobh i gcló ag Muiris Mac Congháil in Oidhreacht na mBlascaod, cnuasach aistí in eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh (1989).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú