‘Carl Marstrander dob é é. Fear breá dob ea é, uasal, íseal agus, dar ndóigh, is sin mar a bhíonn a lán dá shórt go mbíonn an fhoghlaim go léir orthu. Cúig mhí do chaith sé insa Bhlascaod. Téarma insa ló do bhímís le chéile ar feadh leath na haimsire, a dó nó a trí huaire ‘chluig gach lá ...’ (An tOileánach, 1929). Is ar an gcuma sin a chuir Tomás Ó Criomhthain aithne ar an Lochlannach seo. Deir Muiris Mac Conghail faoin gcuairt sin: ‘Marstrander’s decision to come to the Blaskets to learn Irish, his mastery of it in such a short time, his time spent working with the Island community and his friendship with Tomás and regard for the quality of Tomás’s Irish, were all factors which convinced Tomás and the other Islanders that theirs was an important culture and that there was a future for the Island writer in Irish’. Tá na cuntais is cuimsithí ar na tamaill a chaith an scoláire seo in Éirinn ag Seán Ó Lúing in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society LXXXIX, 248, 1984 agus in Kuno Meyer 1858–1919: a biography (1991).

I Kristiansand san Iorua a rugadh Carl Johan Sverdrup Marstrander ar 26 Samhain 1883. Ba iad a thuismitheoirí Fredric Marstrander, a bhí ina ardmháistir i gcoláiste san áit sin, agus Christiane Sverdrup. Bhí leabharlann bhreá ag Fredric agus fiú sula ndeachaigh Carl go hOllscoil Osló bhí spéis aige sa Cheiltis. Bhí beirt de na hollúna ansin a thug faoi deara go raibh luí ar leith aige leis an bhfocleolaíocht agus is fúthusan a thosaigh sé ag staidéar ar an Sean-Ghaeilge.

Lúithnire den scoth a bhí ann agus in 1907 tugadh cuireadh dó mar léimneoir cuaille páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha. Ach, tharla go raibh scoláireacht faighte aige, is ar Chiarraí chun an Ghaeilge bheo a fhoghlaim agus ní ar Londain a thug sé aghaidh. Cé gur bheag a eolas ar an nGaeilge labhartha ní raibh sé sásta leis an méid di a bhí cloiste aige i mBaile an Fheirtéaraigh. Foilsíodh a thuairisc ar an gcuairt faoin teideal Lidt Af Hvert Fra Irland (1909) in Christiannia (Osló an lae inniu). Rinne an Dr H.K. Moe aistriúchán ar chuid den leabhar sin go príobháideach do Mhuiris MacConghail. ‘After a fortnight in Ballyferriter I could hardly understand more than the usual hello and goodbye. The reason for this was also the easy opportunity Ballyferriter offered to talk English. ... A lot of English words have already sneaked into the ordinary language. English expressions are translated directly and all the progressive men in the district speak English’.

Sa Bhlascaod bhí an Rí agus cuid mhaith de na hoileánaigh ag fáiltiú roimhe. ‘Marstrander addressed them in a carefully prepared speech in the only variety of Irish he knew — Old Irish. When he had finished he looked expectantly at the King, anxious to hear his reply. The latter, instead of delivering the expected speech, exclaimed in genuine admiration: Is she not a beautiful language, the Norwegian one!’ (Magne Oftedal in Lochlann IV 1969).

Faoi Oíche Nollag 1907 nuair a chuaigh sé abhaile bhí sé ar an mbeirt nó triúr a raibh sáreolas acu ar an nGaeilge i rith gach uile thréimhse dá stair. Is cosúil nárbh é an Criomhthaineach an t-aon oide amháin aige sa Nua-Ghaeilge. Deir Seán Ó Lúing go raibh sé ag foghlaim i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin ó Sheán óg Caomhánach. Is inspéise gur fhéach David Greene ar an mbeirt acu mar aithreacha altrama aige féin.

In 1908 fuair sé scoláireacht sa Teangeolaíocht Chomparáideach in Ollscoil Osló. Ba é Kuno Meyer faoi deara gur ceapadh é mar chomharba ar Osborn Bergin ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath in 1910. Dualgais eile a thit air ná comheagarthóireacht Ériú, iris na Scoile, agus an chuid d’fhoclóir an Acadaimh Ríoga a bhain leis an litir D a ullmhú. Bhí £1,000 fágtha le huacht ag Maxwell Henry Close leis an bhfoclóir a fhoilsiú, ar choinnioll go mbeadh tús na clódóireachta déanta faoi 12 Meán Fómhair 1913.

I measc na mac léinn an chéad bhliain sin bhí Robin Flower, Julius Pokorny agus John Fraser. Ba é Marstrander a mhol do Flower dul go dtí an Blascaod. Tháinig babhta den phliúraisí air in earrach 1911 agus b’éigean dó tamall a chaitheamh in Monte Carlo. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i mí na Bealtaine ach faoi dheireadh Lúnasa bhí sé ag cur faoi i sanatóir san Iorua. B’éigean dó a aigne a dhíriú ar an bhfoclóir agus d’éirigh leis an chéad chuid a fhoilsiú ar 14 Lúnasa 1913 i gcaoi gur sábháladh airgead an Chlósaigh. Tá léiriú tugtha ag Seán Ó Lúing ar an gcaoi ghearánach ar chaith Meyer, Bergin agus R.I. Best leis an saothar seo, caoi a bhí éagórach, dar leis. Díríonn sé ár n-aird ar an nóta a chuir E.G. Quin, eagarthóir ginearálta an Fhoclóra ó 1953 go 1975, leis an saothar críochnaithe, gurbh é Marstrander a leag síos an bealach ina gcóireofaí an saothar, bealach ar cloíodh leis go deireadh.

Bhí sé i gceist go réiteodh Best agus Marstrander eagrán de Lebor na hUidre ach b’éigean don Lochlannach éirí as. Ceapadh é ina Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Osló i samhradh 1913, post a bhí aige go ndeachaigh sé ar pinsean in 1953. Phós sé Audhild Sverdrup in 1914 agus bhí mac agus beirt iníonacha acu.

Ní bhíodh ach an corrmhac léinn aige agus thug sin deis dó chun trí bliana a chaitheamh i mbun taighde sa Bhriotáin agus chun staidéar a dhéanamh ar an Mhanannais. Ba é ba mhó a bhailigh ábhar ó chainteoirí deireanacha na teanga sin. Gan amhras bhí spéis ar leith aige ina theanga dhúchais agus scríobh sé Contributions to the history of the Norwegian language in Ireland (1915). Deir D.A. Binchy (Eriú 20, 1966) gur léitheoireacht riachtanach ag mac léinn na Sean-Ghaeilge sin agus a leabhar mór eile, Observations sur les présents indo-européens á nasale infixée en celtique (1924). Bhí spéis ar leith aige i dteangacha na dtíortha a raibh coilíneachtaí Lochlannacha iontu. Bhunaigh sé an Norsk Tidsskrift for Sprogvidenskap/The Norwegian Journal of Linguistics in 1928 agus is ann a foilsíodh an chuid is mó dá shaothar.

Tháinig sé go hÉirinn in 1936 agus bhronn Coláiste na Tríonóide dochtúireacht air agus thug Ollscoil na hÉireann an onóir chéanna dó le linn Chomhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh in 1959.

Scríobh D.A. Binchy: ‘A fervent Norwegian patriot, he played an active part in the resistance to the invaders during the Nazi occupation of his country; at one time he was arrested by the Gestapo and narrowly escaped execution’. Cuireann Seán Ó Lúing an t-eolas breise seo ar fáil: ‘He was interned in a concentration camp at Grini near Oslo. While there he managed to smuggle to his son Kai a diary written on toilet paper in Old Irish. ... Shortly afterwards Kai, who was in the resistance movement himself, was arrested and the diary discovered. It was sent for decoding to language experts in Berlin who, baffled, returned it to the Gestapo in Norway saying that the only person capable of translating this was Professor Marstrander of Oslo!’.

D’éag sé ar 23 Nollaig 1965. Ag an sochraid labhair Ambasadóir na hÉireann, Valentine Iremonger, thar ceann Uachtarán na hÉireann. Measadh ag an am gurbh ar éigean a thug tír ar bith a leithéid sin d’onóir d’aon scoláire Ioruach eile.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú