Ba é an tUrramach Maxwell Close a choinnigh Irisleabhar na Gaedhilge beo ó 1882 gur ghlac Conradh na Gaeilge a chúram air féin in 1893. “Ár Maecenas” a thugann an Craoibhín air in Mise agus an Conradh.

Rugadh é i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, ar 23 Deireadh Fómhair 1822. Ba é an duine ba shine é den 11 clainne a bhí ag Henry Samuel Close, páirtí i mBanc Mhuintir Ball, agus a bhean Jane Waring. In Weymouth i Sasana a bhí sé ar scoil ar dtús. Ansiúd a chuir sé dúil sa mhatamaitic. Fuair sé an B.A. i gColáiste na Tríonóide in 1846. Oirníodh ina mhinistir de chuid Eaglais na hÉireann é in 1848. Bhí sé ina reachtaire in Shangton, Leicestershire, go dtí 1857. Ghoilleadh sé ar a choinsias gur faoi phatrúnacht thuata a bhí a phost aige agus d’éirigh sé as. Go dtí 1861 nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath bhí sé ina chúntóir in Waltham-on-the-Wolds. Cé go ndéanadh sé obair mhinistir anois is arís in Éirinn is leis an léann a chaithfeadh sé a shaol feasta. Bhí cónaí air ag 39 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, an t-am ar fad. Níor phós sé riamh.

Bhain sé M.A. amach i gColáiste na Tríonóide in 1867. Ón mbliain sin amach bhí sé ina bhall de chomhairle an Acadaimh Ríoga agus ina chisteoir acu ó 1878 go dtí bliain a bháis. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann Seandálaíochta na hÉireann babhta amháin agus ina uachtarán freisin ar Chumann Geolaíochta na hÉireann. Bhí baint aige le roinn na heolaíochta den RDS. In Ireland (2003) maíonn Michael Viney gurbh é Close a thug ‘drumlin’ agus ‘esker’ ón nGaeilge isteach i dtéarmaíocht na heolaíochta.

Deirtear gur le linn dó bheith ag taighde i gConnachta le haghaidh an staidéir a rinne sé i gcomhpháirtíocht le G.H. Kinahan (The General glaciation of Iar-Connaught and its neighbourhood, in the counties of Galway and Mayo, 1872) a chuir sé spéis sa Ghaeilge. Ní raibh labhairt na teanga aige. In Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893 (1968) tá cuntas cuimsitheach ag Máirín Ní Mhuiríosa ar a shaothar ar son na teanga. Bhí baint aige le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge ó thosach. Nuair a tharla an scoilt ar dá bharr a bunaíodh Aontacht na Gaeilge bhí sé ina bhall den dá chumann, é ar a dhícheall ag réiteach eatarthu. Ní hamháin go n-íocadh sé billí an Irisleabhair ach nuair a d’éirigh Seán Pléimeann as an eagarthóireacht toisc sean-aoise thug sé pinsean dó. Chaith sé tamall ina chisteoir i gcomharbacht ar Mhicheál Cíosóg. D’fhág sé £1,000 le huacht ag an Acadamh chun foclóir Gaeilge a fhoilsiú ar an gcoinníoll go mbeadh tosaithe acu ar an gclóbhualadh faoi 12 Meán Fómhair 1913. Mar sin a tharla gur ullmhaigh Carl Marstrander an chéad fasciculus (D-degoir) faoi dheifir in 1913.

Shíl an Craoibhín nach mbunófaí Conradh na Gaeilge ar chor ar bith marach an chabhair airgid a thugadh Close don Irisleabhar. Tá sé fíoraisteach mar sin nár foilsíodh puinn ina thaobh in An Claidheamh Soluis ná in Irisleabhar na Gaeilge féin nuair a d’éag sé ar 12 Meán Fómhair 1903. I ngan fhios a chleachtadh sé an fhéile, ar ndóigh, ach is é an míniú is dealraithí gur dearmadadh an fhéile sin. Tá Maxwell Close curtha i nGráinseach an Déin i gContae Bhaile Átha Cliath. Scríobh sé péire leabhar: Ausa dynamica: force, impulsion, and energy (1884) (faoin ainm cleite ‘John O’Toole’) agus A few chapters in astronomy (1894) (faoin ainm ‘Claudius Kennedy’).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú