Tá sí ar dhuine de na hintleachtóirí Protastúnacha a tháinig faoi anáil Chonradh na Gaeilge. Tá tagairtí don cabhair airgid a thug sí do Kuno Meyer chun Scoil an Léinn Ghaelaigh a bhunú i mBaile Átha Cliath ag Seán Ó Lúing in Kuno Meyer, 1858-1919: a biography, 1991. Bhí sí ar dhuine de ghobharnóirí na scoile; ba í a sholáthair na scoláireachtaí a chuaigh chun leasa Thomáis Uí Rathile agus Osborn Bergin; d’íoc sí costas na sraithe léachtaí a thug Marstrander. Ba chara le Dubhghlas de hÍde agus le Eoin Mac Néill í. Scríobh R.B. MacDowell Alice Stopford Green: A passionate historian, 1967 agus chuir Leon Ó BroinProtestant nationalists in revolutionary Ireland: the Stopford connection, 1985 ar fáil. Tá cuntas gairid uirthi ag Kit agus Cyril Ó Céirín in Women of Ireland: a biographic dictionary, 1996. I gCeannanas, Co. na Mí, a rugadh í 31 Bealtaine 1847. Phós sí John Richard Green, staraí, agus is uaidh a d’fhoghlaim sí ceird an staraí. Chuaigh a cuid leabhar i gcion ar phobal na hÉireann, go háirithe The making of Ireland and its undoing, 1908 agus Irish nationality, 1911 (aistrithe ag Tomás de Bhial faoin teideal Meanma Gaedhal, 1938). D’íoc sí cuid mhór den chostas a bhain le gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair Iúil 1914. Ní raibh sí i bhfabhar Éirí Amach 1916 ach bhí gníomhach san fheachtas in aghaidh Coinscríofa. Thacaigh sí leis an Saorstát agus ainmníodh í don Seanad. D’éag sí 28 Bealtaine 1929.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú