Cé gur scoláire amaitéarach Liam Price, ba é ba thúisce a chuir le chéile ar an modh eolaíoch foclóir cuimsitheach d’ainmneacha contae ar leith: The placenames of County Wicklow a d’fhoilsigh Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath ina sheacht gcuid idir 1945 agus 1967. ‘Saothar fíorthábhachtach, toradh thaighde na mblianta fada’, a tugadh air in Dinnseanchas, Meitheamh 1967. Bhí staidéar ar siúl aige freisin ar logainmneacha Laoise agus Uíbh Fhailí.

I mBaile Átha Cliath a rugadh William George Price ar 23 Feabhra 1891. Ba é an mac ab óige é ag George Robert Price, abhcóide sinsir a raibh post an Chláraitheora aige i Roinn na Seansaireachta sna cúirteanna dlí. Kate Askin ab ainm dá mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige ina gcónaí sa teach ag 84 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath, in 1911. Le hEaglais na hÉireann a bhain an chlann cé is moite dá aintín a bhain le Bráithre Phlymouth, dar le tuairisc dhaonáireamh na bliana sin. Phós an t-athair faoi dhó agus leis an dara clann a bhain Liam. Is go dtí scoil phoiblí Aldenham i Sasana a cuireadh é. Bhain timpiste dó ansiúd a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh i bhfad.

Bhí beartaithe aige dul le dlí agus bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Mór. Fuair sé coimisiún in Arm na Breataine. Bhí i ndán dó tamall de 1918 a chaitheamh in aice an fhronta sa Fhrainc ach faoi 1916 bhí sé ag obair i gCorcaigh sa roinn den arm a bhí ag déileáil le pá. Tharla ar saoire sa bhaile é um Cháisc agus chuir an tÉirí Amach fearg air: dúirt sé lena chara Diarmuid Ó Cobhthaigh go raibh súil aige go múinfeadh an tArm ceacht do na reibiliúnaigh. Ach faoi cheann trí bliana bhí sé iompaithe ina náisiúnaí, agus bhí ‘Liam’ á thabhairt aige air féin. Bhí tionchar air ag leithéidí Dhiarmuda Uí Chobhthaigh, beathaisnéisí an Chraoibhín, ach tuairimíonn Leon Ó Broin in Protestant nationalists in revolutionary Ireland (1985) go raibh claonadh ann riamh chun bá le gnáthphobal na hÉireann a léiriú agus gur lena spéis sa tseandálaíocht, sa stair, sa bhéaloideas agus i ngnéithe den chultúr dúchais a d’éirigh leis sin a dhéanamh.

Bhí céim mháistir aige um an dtaca seo, agus bhí glaoite chun an bharra air. Fuair sé post cléireachais i mBanc Náisiúnta na Talún. Ceapadh ansin é ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha, agus ar ball bhí sé ar dhuine de na breithimh dhúiche faoin stát nua. Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Casadh air in 1923 Dorothy Stopford, dochtúir leighis. Poblachtach ba ea í siúd, í in aghaidh an Chonartha. Neacht í leis an staraí Alice Stopford Green. B'iníon í le Jemmet Stopford agus Constance Kennedy. Phós siad in 1925. Ní raibh aon chlann acu.

Ó 1932 go dtí lá a báis (30 Eanáir 1954) chaithfeadh Dorothy a fuinneamh ag troid in aghaidh na heitinne. Ba í an t-údarás ba mhó in Éirinn í i dtaobh an ghalair sin i measc na bpáistí. Ba í ba thúisce in Éirinn a mhol go n-úsáidfí BCG. I ndiaidh a báis d’fhoilsigh Liam go príobháideach cuntas ar a saothar. Thug máinlia amháin ‘a sad but exquisite memoir’ air. Deirtear nár theastaigh ó Liam labhairt go poiblí ar an gcaoi ar chuir an tArdeaspag Mac Uaid isteach ar an bhfeachtas a bhí ar siúl ag Dorothy. Tá cuid mhaith eolais i dtaobh Dorothy i leabhar Leon Uí Bhroin, agus tá cuntas ar a ndearna sí mar dhochtúir in Brief lives of Irish doctors (1978) le J.B. Lyons.

Théadh Liam agus Dorothy agus a gcairde ag siúl i gceantair shléibhtiúla Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Ba chabhair chuige sin gur mhisnigh Dorothy Liam chun go ndéanfaí obráid ar a chois. Bhíodh air bróg ard a chaitheamh go nuige sin. Bhí tamaill caite aige mar bhreitheamh sa Mhuileann gCearr agus i gCill Chainnigh ach, ó 1924 go 1960 is i gCill Mhantáin a bhí sé, rud a chabhraigh go mór leis sa saothar a bhí faoi a dhéanamh. Ba ghá eolas ar an nGaeilge, ar ndóigh, agus bhí cuairteanna tugtha aige ar Árainn agus ar an mBlascaod. B’fhéidir gur fhág sé pas deireanach é. Ach bhí a dhóthain eolais aige ar an teanga chun go bhféadfadh sé a bheith ag staidéar ar na logainmneacha. Agus bhí sé cairdiúil le scoláirí mar Ghearóid Ó Murchadha a thugadh cúnamh dó.

Bhí an fógra seo i gcló in An tEaglaiseach Gaelach, Eanáir 1927:

At the request of some members a beginners’ class is being started twice weekly undertaken by Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach, an old friend of many members of the Guild and an experienced teacher. Details from Dorothy Stopford Price, 41 Fitzwilliam Place, at whose house the class is being held for the present.

Bhí sé ina eagarthóir ar Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland ó 1935 go 1944 agus arís ó 1957 go 1963, agus bhíodh a aistí féin i gcló ann go minic. Tugadh amach imleabhar 1965 le hómós dó. Bhí sé ina uachtarán ar an gcumann ó 1949 go 1953. An cumann a d’fhoilsigh a eagrán de Calendar of Archbishop Alen’s register, c.1172–1524 (1950). Chuir sé eagar freisin ar Sketches and diaries of Austin Cooper 1789–1830 (1942). Foilsíodh ábhar uaidh freisin in Éigse, Journal of the Kildare Archaeological Society, Proceedings of the Royal Irish Academy, Féilscríbhinn Eoin Mhic Néill. Bhí sé ina dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn Logainmneacha, é ina éarlamh acu ag am a bháis, agus ina chomhalta de Choimisiún na Logainmneacha. I measc na n-institiúidí eile a raibh sé bainteach leo i rith a shaoil bhí an Cumann le Béaloideas Éireann agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. oinigh air 1965. D’éag sé ar 23 Eanáir 1967.

Sa traidisiún Angla-Éireannach a rugadh agus a tógadh Liam agus Dorothy. Dar le Leon Ó Broin go raibh amhras ar Liam tuairim 1922 i dtaobh cad a bheadh i ndán feasta do Phrotastúnaigh na sé gcontae fichead i gcúrsaí gnó agus sna gairmí. B’fhéidir go raibh cuid dá bhraistintí ag teacht salach ar a chéile agus gur chun réiteach a aimsiú ar chontrárthachtaí a bhain lena fhéiniúlacht a thug sé faoi mhórshaothar úd na logainmneacha.

Deir Leon Ó Broin: ‘He could be gruff, even testy at times, and as a District Justice he was known to have certain prejudices. He was unbending in the matter of granting extensions for late night dances which would have meant increased facilities for drinking; and he was said to be “hard” in the matter of driving offences. There was an amusing aspect of this, if true, because he was a very fast and rather alarming driver himself, so that when in the car with him, Dorothy was understandably critical’. Tá a thuilleadh eolais air ag Séamas Ó Saothraí in Bray Historical Record Vol 1 No. 8, 2000 (‘Price of the placenames 1891–1967’). D’fhoilsigh Dúchas The Liam Price notebooks, 2002, dhá imleabhar in eagar ag Christiaan Corlett agus Mairéad Weaver agus tá eolas breise ann ar a bheatha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú