Ní dóigh go raibh aon bhall de Chonradh na Gaeilge a chuaigh i gcion archontae chomh tapaidh is a rinne an Súilleabhánach seo i gcás Chontae Loch Garman. I gCill Orglan, Co. Chiarraí, a rugadh é. Feirmeoir ba ea a athair, Donncha. Deirtear go mba chainteoir dúchais Gaeilge é. B’fhéidir gur chaith sé tamall ina mhúinteoir náisiúnta. Deir Séamus Ó Fiannachta in It all happened, 1948: ‘When the Civil Service was thrown open to public competition many promising young teachers like “Conán Maol” and Michael O’Sullivan, who became prominent in the Gaelic League, entered the Customs and Excise, to their lifelong regret’. Luann Tomás Ó Concheanainn deirfiúr dó, Bean Uí Bhriain, a bhí ina múinteoir scoile i nGleann na gCoileach in aice Chill Orglan (An Claidheamh Soluis 31 Márta 1900). Bhí Micheál gníomhach i gConradh na Gaeilge i Londain ó bunaíodh é. Bhíodh sé i gceannas ranga agus is uaidh a d’fhoghlaim D.P. Moran cibé Gaeilge a bhí aige. Bhí sé ina bhall de choiste Chraobh Londan in 1898. An bhliain dár gcionn bhí sé ina theachta ó Londain chuig mórchomhdháil an Chonartha agus an bhliain chéanna aistríodh go Loch Garman é.

In alt dar teideal ‘Carmanaigh agus an Ghaeilge’ (An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1911) tá cur síos ar a shaothar: ‘Ba é Micheál Ó Súilleabháin, togha cuireadóra aneas ó Chorcaigh [sic], an fear a chuir an síol. Géigéir ab ea Micheál Bán agus is in Inis Córthaidh a bhí cónaí air. Chuir sé craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun sa bhaile sin dhá bhliain déag ó shin (15 Meitheamh 1900). Théadh an Súilleabhánach agus a lucht leanúna faoin dtuaith gach Domhnach chun labhartha leis na daoine mar gheall ar an gConradh. Óráidí an-mhaith ab ea é’. Tuairiscíodh san iris chéanna 30 Márta 1901 go mbíodh sé ag teagasc Gaeilge cúig oíche sa tseachtain. É féin agus an tAthair Pádraig Ó Murchú a bhunaigh Feis Charman an bhliain sin. Bhí an tuairisc seo in Enniscorthy Guardian 8 Lúnasa 1925: ‘It was through his enthusiasm in the cause of the language that the model county secured its place in the Irish Revival movement. A native speaker, he gathered around him in the Cathedral town a small band of enthusiasts in the cause and laid the foundations of a movement that made for the Gaelicisation of the county’. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó i 1901 agus arís i 1902 agus de Fhochoiste na bhFoilseachán i 1902.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise Banba i 1901. Máirt na hInide 1903 bhí fleá ar siúl ag Craobh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, agus thar ceann Banba bhronn Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) dealbh de Eoghan Ó Gramhnaigh mar chomhartha pósta ar Mhicheál agus a bhean Bríd. Thagair sé don dosaen éigin bliain a bhí caite ag Micheál ag obair ar son na teanga.

Aistríodh go Glaschú é Márta 1903. Chaith sé tamaill freisin sa Tulach Mhór agus i gClár Chlainne Mhuiris. Cibé áit ina dtarlaíodh sé chuireadh sé craobh den Chonradh ar bun nó chuireadh anáil na beatha arís i gcraobh a bhí gan éifeacht. In Aibreán 1905 bhí sé ar dhuine den toscaireacht, in éineacht le Eoin Mac Néill agus Máire de Buitléar, chuig cruinniú de Chumann na nArdmháistrí Caitliceacha d’fhonn tathant orthu a cearta a bhaint amach don Ghaeilge sna meánscoileanna (Dubhghlas de hÍde, Mise agus an Connradh, 1937).

Bhí ag teip ar a shláinte nuair a d’éirigh sé as obair timpeall Bhealtaine 1925. Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 1 Lúnasa 1925 gur bhronn a chomhfheidhmeannaigh féirín cuimhnimh air féin, ar a bhean chéile agus ar a mhaicín. D’éag sé go luath i ndiaidh na hócáide, ar 2 Lúnasa. Phós sé Bridget Hogan ón nGarbhchoill, Muine Bheag, i séipéal Dhroim Féiche, ar 20 Eanáir 1903. Rugadh iníon dóibh i 1904 i nGlaschú, beirt mhac i dTulach Mhór (1907 agus 1909), agus an tríú mac i gClár Chlainne Mhuiris i 1911. Bhí cónaí air ag 106 Bóthar Dhroim Conrach, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Bhain sé cáil amach leis an leagan de ‘Cailín deas cruite na mbó’ a chum sé. Chuir sé aistriúcháin de ‘The Rising of the Moon’ agus de ‘Shan Van Vocht’ ar fáil; tá siad i gcló in Ceol Sídhe Cuid a 3 le Norma Borthwick. Amhránaí maith ba ea é féin. Ba mhinic é ag canadh ag ceolchoirmeacha i Londain 1897–99 agus tugadh ardmholadh dó ag Oireachtas 1899.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú