Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge 1959-65. Tugann Donnchadh Ó Duibhir cuntas ar ‘an bhfiallach breá fir’ seo sa bhrollach a chuir sé le leabhar Mhichíl ar Chnoc an Bhile, A Tipperary Parish, 1985. Sa Chill Mhór i bparóiste Chnoc an Bhile agus Dhún na Sciath, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é 8 Nollaig 1911. Ba iad a thuismitheoirí Donnchadh Mac Cárthaigh, oibrí feirme, agus Bríd Ní Bhriain. Bhí triúr deartháireacha aige agus deirfiúr; ghlac an bheirt deartháireacha ba shine páirt i gCogadh na Saoirse. Cuireadh tábhacht mhór leis an nGaeilge i gCnoc an Bhile ón uair a tháinig an tAthair Mathúin Ó Riain mar shagart paróiste ann in 1897; ba é Edmund Cussen, an fear a d’adhain spéis Uí Riain sa teanga, a bhí mar mhúinteoir ag Micheál i Scoil Chnoc an Bhile. Is inspéise gur scríobh Micheál aiste ar an Athair Mathúin in An Glór 11 Meán Fómhair 1943. Cuireadh meánscolaíocht air i gColáiste Ullmhúcháin Chaoimhín, Baile Átha Cliath, agus cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh i Scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr agus bhí ar fhoireann na hIarmhí a bhuaigh craobhchomórtas sóisearach iomána na hÉireann i 1936; go ceann i bhfad ina dhiaidh sin d’imríodh sé leis na Ciceamaigh, foireann Chnoc an Bhile agus Dhún na Sgiath. Ceapadh é ina phríomhoide i gCoill an Easpaig ina dhúiche féin i 1937 agus bhí sé ina phríomhoide i gCnoc an Bhile 1960-77.

Is léir ar Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa go raibh feachtas láidir ar bun ag an gConradh i dTiobraid Árann i 1938 agus deir Proinsias: ‘Gníomhaí ar leith i dTiobraid Árann san am a bhí i Micheál Mac Cárthaigh as Cnoc an Bhile .... Beartas ar leith a chuir seisean chun cinn san am ab ea tabhairt ar nuachtáin áitiúla altanna i nGaeilge a fhoilsiú go rialta.’ B’fhéidir a rá freisin gurbh é Micheál a choimeád seol na Gaeilge in airde i gCnoc an Bhile tar éis don Athair Mathúin bás a fháil i 1937. D’fhan cuimhne go háirithe ar an bhFeis a thionóladh sé gach bliain i nDún Droma. Deir Donnchadh Ó Duibhir: ‘For many years the Feiseanna and Aeríochta that Micheál organised in Dundrum were parish highlights. So were the lectures, plays, concerts and céilithe held in Knockavilla and Bishopswood and Dundrum. Distinguished lecturers and musicians, drawn from Micheál’s immense circle of friends, were always ready to help him, so that in the old school in Knockavilla one might hear Gearóid Ó Tuathaigh lecturing on Pearse, or hear music from na Caisidigh, or Micheál Ó Súilleabháin or Nóirín Ní Riain.’ B’fhéidir gurbh ina cheantar féin is fearr a chruthaigh sé mar cheannaire. Bhí sé ina uachtarán ar ‘Tipperary Remembers’: ‘Lena chois sin tobar feasa a bhí ann ar a dhúthaigh féin agus ar a muintir, mar nach raibh tortóg féir nár thug sé grá di. B’sin a thug air stair a pharóiste féin a scríobh, saothar a bheidh ina leacht cuimhneacháin dó ...’ (Ó Duibhir). Toghadh é ina Uachtarán ar an gConradh Domhnach Cásca 1959 i gCorcaigh; bhí athrú mór ag teacht ar an tír le linn dó a bheith sa phost agus is ar Mhicheál agus ar Dhonncha Ó Súilleabháin a thit sé polasaí i dtaobh na teilifíse a dhréachtadh agus a bhrú chun cinn. Thabharfá leat ó stair Mhic Aonghusa go raibh gean air agus gur bhain dínit leis ach gur mhór an cheataí air sa phost nach raibh ina nádúr a bheith cáinteach ná trodach.

Fonnadóir binn ba ea é ar léir tionchar a bheith ag Labhrás Ó Cadhla ar a stíl amhránaíochta; bhí spéis ar leith aige san amhrán ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ agus bhí sé in ann brí a bhaint as na tagairtí atá ann d’áiteanna i gceantar Chluain Abhla agus Dhún Droma. Thóg Tomás Ó Muircheartaigh grianghraf taitneamhach de dar teideal ‘Broic is míolta gearra, creabhair na ngoba fada’ agus é ag stiúradh cóir ag aeraíocht i nDún Droma (i gcló in An Muircheartach: in ómós dó, 1970). Bhí sé ar bhord bainistíochta Choláiste na Rinne agus ar dhuine den cheathrar a bhunaigh Daonscoil na Mumhan sa Rinn. Ach ba mhinic i gCorca Dhuibhne freisin é. Níor phós sé. D’éag sé 28 Aibreán 1985 sula bhfaca sé a leabhar i gcló. Foilsíodh Micheál Mac Cárthaigh: iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge 1959-1965 le Dónal Ó Muirgheasa in 2010. Chomh maith le beathaisnéis ghairid, tá i gcló ann aistí agus léachtaí dá chuid, chomh maith le haithisc a thug sé mar uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú