Ní raibh feirmeoirí líonmhar riamh i measc lucht na cúise agus b’fhéidir gurbh é an fear seo an té ba dhíograisí den bheagán atá le háireamh. Tá cuntas cuimsitheach air ag Mainchín Seoighe in An Linn Bhuí 4, 2000 agus deir seisean: ‘Bheadh sé fíor a rá gur chaith Pádraig Ó hIceadha an chuid eile dá shaol ó d’fhág sé an bhunscoil ag obair ar son na Gaeilge.’ Seoladh leabhrán in ómós dó ag Daonscoil na Mumhan i gColáiste na Rinne: Fear le Ceann Rí air: Cuimhní Cinn ar Phádraig Ó hIceadha, 2002. In Aonghleann in aice le Cuilinn Uí Chaoimh, Co. Chorcaí, a rugadh é 16 Márta 1920. Ba é an duine ba shine é den triúr a mhair dá raibh ag Patrick Hickey, feirmeoir, agus Ellen McAuliffe. Múinteoir i scoil náisiúnta Lios Liatháin, Ruairí Ó Cadhla, mac le Seán Ó Cadhla, a spreag a spéis sa teanga an chéad lá agus d’fhreastalaíodh sé ar ranganna Gaeilge an Choiste Gairmoideachais; duine de na múinteoirí Gaeilge ba ea Donncha Ó Laoire (1912-65). Sna luathchaogaidí fuair sé dioplóma sa tsocheolaíocht ó Choláiste Ollscoile Chorcaí tar éis staidéar dhá bhliain a dhéanamh. Comhartha ar a spéis san fheirmeoireacht is ea gur shiúil sé go Baile Átha Cliath in Eanáir 1967 chun tacú le feachtas mór chearta na bhfeirmeoirí.

Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge go hóg ina shaol agus dhéanadh mórchuid oibre i gCuilinn; ainmneacha Gaeilge ar shiopaí, fógraí agus comharthaí Gaeilge, cúrsaí Gaeilge, Feis Laitiarain, an iris Seanchas Dúthalla, sraitheanna léachtaí . . .. Is dó a thugtar an chreidiúint gurbh annamh bliain nár bhuaigh an baile duais i gcomórtas Ghlór na nGael. Thagair an file Bernard O’Donoghue in Irish Examiner 9 Feabhra 2000 do na scoileanna samhraidh a d’eagraíodh sé i gCuilinn agus tarraingíonn an Seoigheach an cur síos seo as agus fiafraíonn cá bhfuil an sráidbhaile eile a chuirfeadh a leithéid d’fhéile léinn agus foghlama ar fáil: ‘ . . . lectures were given on an astonishing range of subjects by a wide range of authorities, including archaeology, history, music, computing, video-making, English poetry, Irish, Icelandic and French. They were attended regularly by people of at least five nationalities.’ Bhí dán i gcló ag O’Donoghue sa pháipéar céanna 4 Aibreán 2000 i dtaobh na scoraíochtaí a thionóltaí i dteach Phádraig.

Bhí sé ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge 1958-1963. Ach is í Daonscoil na Mumhan gach bliain ó 1953 go 1999 sa Rinn, Co. Phort Láirge, is mó a tharraingíodh aird mhuintir na Gaeilge air. Bhí sé ar dhuine den cheathrar a bhunaigh an scoil (le Liam Ó Lideadha, Micheál Mac Carthaigh, Pádraig Ó Meára) agus é ina Stiúrthóir ar feadh 46 bliain. ‘Ba chloch choirnéil den daonscoil é Pádraig, agus stiúraigh sé í le díograis agus le tuiscint, agus le greann’ (Mainchín Seoighe). Níor phós sé. D’éag sé 14 Deireadh Fómhair 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú