Chuir Tadhg Ó Donnchadha eagar ar 17 dá dhánta in Amhráin Dhiarmada mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárrthaigh, 1916 ach is beag eolas a thug sé ar a bheatha ‘taobh amuich den ábhar beag is féidir a phiocadh as a shaothar filíochta’. Is dóigh leis gur sa Bhlarna a rugadh is a tógadh é; ann a bhí cónaí air agus post aige, b’fhéidir, i dteach larlaí Chlainne Cárthaigh. Thugadh na Cárthaigh sin pátrúnacht do na filí. Ceapadh a dheartháir Donncha ina chomharba ar an Easpag Eoin Baiste Mac Sleighne.

Ba é an chéad duine é i gceannas ar an geúirt éigse a tháiníg in áit na dámhscoile sa Bhlarna. Tá léiriú sa chaoineadh a rinne sé ar Shaorbhreathach Mac Cárthaigh ar an eolas a bhí aige ar fhilí a bhí in Éirinn roimhe; luann sé Ó Maolchonaire, Clann Dáire, Clann Chraith, Clann Mhic an Bhaird, Tadhg Dall.... In Hidden Ireland, 1924 chuir Ó Corcora cuid den dán i gcló agus dúirt: ‘In these verses we touch on that Gaelic culture which, all-in-all to these men, is only a dim-descried country, ill-known and far-away, to us, their descendants. Hecuba herself is not more distant from our affections than the Clann Daire, the Wards and the McGraths.’

‘An Fhalartha Ghorm’, caoineadh ar a chapall, an píosa dá dhéantús is mó a mbíonn trácht air. Deir Ó Donnchadha faoi: ‘Nuair a cuirfear chun tuairisc a scríobhadh ar litríocht na Gaeilge beidh ionad fé leith ag an bhFalartha Ghorm ann. Is beag rud sa Ghaeilge a sháraíonn é ar dheiseacht chainnte nó ar chruinnneas féithe, ar bhrón oscailte na sean, nó ar ghreann fholaigh na n-óg.’ Is cuid de stair fhilíocht na haimsire sin é. dar le Piaras Béaslaí. Ina meascsan a scríobh véarsaí ar an bhFalartha bhí Éamonn De Bhál, an tAthair Conchubhar Ó Briain agus Liam Mac Cairteáin.

Bochtaíodh an file nuaír a díbríodh Donnchadh, larla Chlainne Cárthaigh, thar lear i ndiaidh Chogadh an Dá Rí. Do na hiarlaí an tagairt sa dán: ‘Éag na Falartha is barra ar gach pian dam soin, / ‘S mé tréith n-a heasbaidh go haindeis ag triall am chois; / I gcéin ó bhaile do chailleas, mo chiach na fir / Do bhéarfadh airgead capall is iallait dam.’ Ach meastar tábhacht mar fhianaise ar stair na haimsire a bheith le ‘Caithréim Thaidhg agus Dhiarmada’ a chum sé i ndiaidh do Shéamus II a theacht i gcoróin. ‘Is mar áiméan le dán buíochais Dhiarmada a chum Ó Bruadair an dán ar thug sé mar theideal air “Caithréim Thaidhg”.’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996). Pléann Ó Buachalla freisin ról Dhiarmada mar fhile ag larlaí Chlainne Cárthaigh. Cailleadh é i mí Feabhra 1705.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú