In Cois Caoin-Reathaighe .i. Filidheacht Éamuinn de bhFál ó Dhún Guairne, 1946 in eagar ag Risteard Ó Foghludha tá eolas ar an bhfear agus ar a shaothar. Chaith sé formhór a shaoil i gCollrach i bparóiste Dhún Guairne. Co. Chorcaí, áit atá tuairim seacht míle soir ó thuaidh ó Mhainistir na Corann i gContae Chorcaí. Luann Ó Foghludha seacht nduine déag d’fhilí a raibh cónaí orthu sa cheantar le linn Éamoinn. Ba iad Paoraigh Chluain Molt agus Barraigh Léim Lára a phátrúin. Máistir scoile ba ea é. Bhí sé ar na filí a chaoin capall Dhiarmaid mac Shéain Bhuí Mhic Cárthaigh, ‘An Fhalartha Ghorm’, i 1703: sin é an chéad phíosa ar féidir dáta a lua leis. Chaoin sé Séamus Óg Mac Coitir a crochadh 7 Bealtaine 1720. I 1724 tharla an t-aighneas le Liam an Dúna Mac Cairteáin. Is amhlaidh a mhol Liam triúr easpag i ndán. Chuir sé fearg ar Éamonn go molfaí duine díobh. Donncha Ó Muircheartaigh, easpag Chiarraí, de bhrí gurbh iad a shinsir a ghabh agus a mharaigh larla Dheasmhumhan 141 bliain roimhe sin: ‘Is príomh-dhearmad ná maithfidh duit-se Dia na gcomhacht / Sliocht marfa rí Gearaltach chur riamh ‘na gcomhair’ (Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992 le Anna Heussaff). Is aisteach leis an bhFoghludhach nár chum sé tuireamh ar Liam an Dúna. Is iad na daoine ar chum sé tuirimh orthu: Micheál, athair Phiarais Mhic Gearailt: Conchubhar Ó Briain (‘Carn Tighearnaigh’); Liam Rua Mac Coitir; Seán Clárach Mac Domhnaill. Cheap sé beochaoine ar Sheán Clárach nuair a bhí seisean ar a choimead d’aon toisc chun daoine a bhí sa tóir air a chur amú. Shíl Ó Foghludha go bhfuair sé bás 1755, bliain i ndiaidh Sheáin. Scríobh sé tuireamh ar a shagart paróiste, an tAthair Diarmuid Ó Rócháin agus is i 1759 a d’éag seisean agus ní tuairim 1737 mar a shíl Ó Foghludha, a deir Liam Ó Buachalla agus Richard Henchion in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, LIX, 1964 (‘Gravestones of Historical Interest’). Tá tuairisc ag an mbeirt sin ar a gcuairt ar reilig Dhún Guairne: ‘The most interesting find here was the monument to the memory of Edmund Wall (Éamonn de Bhál), a notable eighteenth century Gaelic scholar who lived at Couragh.... This gravestone is near the south wall of the present Protestant church; the inscription reads: “THIS STONE WAS ERECTED BY WILLIAM WALL IN MEMORY OF HIS FATHER EDMOND WHO DIED FEBR THE 20TH. 1763 AGED 95 YEARS. MAY HE REST IN PEACE AMEN.” That this is the resting place of Éamonn de Bhál can hardly be doubted: the surname is rare in this part of east Cork (we cannot trace any other family of the name belonging to this area except that of the poet) and it is obvious from the dates of his compositions that he died in the sixties of the 18th century.’

Tá seo le rá ina thaobh ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 1996): ‘Bíodh gur scríobh Éamonn de Bhál breis agus daichead amhrán, is deacair teacht ar amhrán ina measc a bhféadfaí a rá gur saothar follasach polaitiúil é. Níl aon aisling pholaitiúil aige, mar shampla, agus is é an tuireamh poiblí an seánra is mó a chleacht sé. Ach dá dhípholaitiúla a shaothar trí chéile, dá fhoirmeálta phoiblí é, fós níl aon cheist i dtaobh a sheasaimh pholaitiúil. Nochtann sé é sin go soiléir ní hamháin sna tuirimh a chum sé ar Shéamas Óg Mac Coitir, ach i ndánta eile freisin.’ Rud éagsúlach eile a bhain leis, a deir Ó Foghludha, nach bhfuil oiread is aon amhrán amháin le ceol aige, scéal nárbh fhéidir a lua le haon fhile eile den 18ú haois.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú