Tá tríocha píosa dá dhéantús filíochta bailithe le chéile ag Risteárd Ó Foghludha in Eoghan an Mhéirin cct., 1938. Chumadh sé dánta Béarla freisin: ‘The Ravishing Banks of the Lee’ (ar leagan dá amhrán ‘A chomplacht ghlan caomhchrothach chaoin’ é), ‘The Charms of Limerick’ ‘To some shady grove like a hart I must rove’.... Deir Ó Foghludha: ‘Is lánléir é ó na trí haistí sin go raibh acmhainn fhónta aige ar véarsaíocht sa ghallbhéarla’. Tá aistriúchán a rinne James Clarence Mangan ar ‘A chomplacht ghlan caomhchrothach chaoin’ (‘Bright Host of the musical tongue’) i gcló in The Collected Works of James Clarence Mangan. Poems 1848–1912. General Index, 1999 in eagar ag Jacques Chuto, Tadhg Ó Dúshláine agus Peter Van de Kamp.

San Eatharla i bparóiste Chill Mhathnáin i Múscraí a rugadh é. Diarmuid a bhí ar a athair agus ba shinsheanathair dó sin Tadhg an Dúna Mac Cárthaigh, taoiseach Chárthaigh Ghleann an Chroim, Corcaigh. Tá a ghinealas i gcló ag an bhFoghludhach. I gCathair Chorcaí, b’fhéidir, a cuireadh oideachas air. Deirtear gur i ngeall ar obair ghinealais nó araltais a bheith ar bun aige go raibh acmhainn aige sa liníocht agus gurb in é an fáth ar tugadh ‘Eoghan an Mhéirin’ air. Ach tá líne le file darb ainm Seán Ó Mulláin a chuirfeadh in iúl gurbh é a chumas ar phíobaireacht fáth an leasainm (‘Do mheoir ba bhinne chum seinm go sámh ar phíb’). Deir Ó Foghludha go dtugtaí ‘Eoghan an Bhéil bhinn’ air freisin, agus gur leis an t-ainm sin ó cheart, agus nach le hEoghan Rua Ó Súilleabháin é. Tá cúpla líne i ndán úd Uí Mhulláin, ‘Fear eolgach cliste chum muileann do tháthadh ar linn’ agus arís ‘Is do chuireas muilte mine ag rith ar shrúillibh dian’, ar léir uathu gur tógáil muilte a shlí bheatha. Thugadh an gnó sin ar fud Chontae Chorcaí é agus bhí aithne aige ar Phiaras Mac Gearailt, Éamonn de Bhál, Aindrias Mac Cruitín agus Liam Rua Mac Coitir. Ba dhóigh lena eagarthóir gur bheag an trácht ag Eoghan ar an Stiobhart, ná ar chúrsaí polaitíochta na haimsire sin. Ach bhain Breandán Ó Buachalla earraíocht as beagán dá dhánta in Aisling Ghéar..., 1996.

In Faulkner’s Dublin Journal, 7 Feabhra 1756 tá tuairisc a bháis: ‘Last Week died at Aharla near Ross in the County of Cork, aged 65 years. Owen McCarthy, otherwise Owen a Vereen; an eminent Poet, Historian, and Herald, in which his superior knowledge and singular Talents had rendered him very agreeable to such as had the Happiness of his Company; and his Death is very much lamented by his acquaintances'. Bhí an fógra céanna, nach mór, ag nuachtán eile i mBaile Átha Cliath ar 7 Feabhra, Pue’s Occurences (i gcló ag Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1935). An t-aon difríocht idir an dá phíosa gur maolaíodh an ‘eminent poet’ trí ‘though homebred’ a nascadh leis, eireabaillín nár thaitin puinn le Risteárd Ó Foghludha. Ba dhóigh leis an gCasaideach gurbh é Eoghan an chéad fhile Gaeilge ar fógraíodh a bhás i nuachtán.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú