Tá sé ainmnithe ag Proinsias Mac Aonghusa i measc pearsana móra úd na hathbheochana a bhí ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1928 (Ar Son na Gaeilge . . ., 1993). Toghadh é ina Thánaiste i 1945 (An Glór 1 Nollaig 1945) agus bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ar feadh i bhfad. Ba é Edward McCarthy, feirmeoir, a athair agus ba í Johanna Desmond ó Dhroichead na Bandan a mháthair. Is i gClais an Aifrinn in aice le sráidbhaile Chill na hOmnaí, Co. Chorcaí, a rugadh é 8 Meán Fómhair 1879 agus bhí ceathrar leanaí eile sa teaghlach. Cuireadh coir thromhchúiseach a bhain le cogadh na talún i leith an Edward sin in 1881 ach fuarthas neamhchiontach é. I nótaí a d’fhág sé ina dhiaidh cuireann Ceallachán síos ar na cluichí a d’imríodh sé, ar an oideachas a cuireadh air, ar a chuid scríbhneoireachta, ar na cumainn a raibh baint aige leo, agus go háirithe ar a pháirt i ngnóthaí an Chonartha. Dhealródh sé go raibh sé i mbunscoil de chuid na mBráithre Críostaí agus nach róshásta a bhí sé leis na múinteoirí. Ní go rómhaith ach an oiread a réitigh Coláiste na Toirbhearta i gCorcaigh leis. Is de bharr cúrsa comhfhreagrais le Coláiste an Rí i Londain a d’éirigh leis post sa státseirbhís a fháil in 1898. D’imríodh sé iomáint le foireann na nGaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath, cé nach léir go raibh mórán suime aige sa Ghaeilge timpeall an ama sin. Nuair a thosaigh sé ag obair i mBord an Rialtais Áitiúil is é an rugbaí is mó a chleachtadh sé. Agus nuair a thug sé faoi chéim a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (An Ollscoil Ríoga), ba í an Ghaeilge faoin Ollamh Éamonn Ó hÓgáin a roghnaigh sé mar theanga ar dtús ach ba ghairid gur aistrigh sé go dtí an Fhraincis. D’éirigh leis a bheith ina Rúnaí Príobháideach ag Sir Henry Robinson, Fo-Rúnaí an Rialtais Áitiúil. D’fhan sé sa tseirbhís go ndeachaigh amach ar pinsean.

Scríobh sé péire leabhar agus é ina ógfhear go fóill: Land Purchase and the Future Prices of Farm Produce, 1905 agus The Causes of Poverty, 1908. Scríobhadh sé ailt in Farmer’s Gazette, Leader, Irish News, Westminster Review . . .. Chuir sé spéis ar leith i gcúrsaí sóisialta agus léigh páipéar amháin ar a laghad ag an Statistical and Social Inquiry Society of Ireland (‘The Social Organisation viewed as a growing organism: with new Hypotheses as to its nature’, 27 Márta 1925). Bhí sé ina bhall dícheallach de chraobh Éire Óg den United League agus ina rúnaí ag an Irish Home Rule Committee. Ag pointe éigin ina shaol tháinig sé ar an tuiscint gurbh í an teanga Ghaeilge is fearr a d’oirfeadh do nádúr agus d’intleacht an Éireannaigh; gheofar tuairim den aigne a bhí aige i dtaobh na hathbheochana san alt ‘Two Civilizations’ in Connradh na Gaedhilge 1893-1943: Leabhar Cuimhne. Ach níor thosaigh sé ar labhairt na teanga a fhoghlaim go dtí 1926; a iníon Siobhán a bhíodh á ghríosadh. D’oibrigh sé go dícheallach ó 1929 amach ar choiste Fheis Átha Cliath. Tá cuntas aige ar an gcaoi ar cuireadh tús leis an obair sin in Fáinne an Lae, Eanáir 1930 (féach lch 58 in Dóchas agus Duainéis . . ., [1975] le hAindrias Ó Muimhneacháin). Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ba chabhair dó an taithí a bhí aige ar rialtas áitiúil chun go n-áiteodh sé ar chomhairlí bailecheantair na cathrach scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil.

D’eagraíodh sé léachtaí do pháistí sna leabharlanna poiblí. Bhí baint mhór aige le cúrsaí siamsaíochta an Chonartha: bhí sé páirteach san obair a bhain leis an Mórshiamsa bliantúil i bPáirc an Fhionnuisce; ba é faoi deara gur bunaíodh Cumann Bhuíonta Píobairí na hÉireann agus an mórthaispeántas ceoil agus rince a d’eagraítí san Amharclann Ríoga gach bliain ó 1941 amach. Bhí sé ina bhall den fhochoiste a d’athréimnigh an tOireachtas. Nuair a bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943 toghadh é ina chisteoir. Bhíodh ailt aige in An Gaedheal, An Camán, An Glór . . .. D’éag sé 14 Márta 1968 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Bhí sé pósta ar Nancy McLynn agus bhí cónaí orthu ag 82 Raghnallach, Baile Átha Cliath. Bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu, a raibh bean díobh, Siobhán, pósta ar Sheán Ó Dúnlaing (1896-1988) [B5, lch 167].

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú