I scéal na hathbheochana tá sé ina shampla ar an gceannaire áitiúil. Deirtear in Ó Ghlúin go Glúin: scéal Chonradh na Gaeilge in Aonach Urmhumhan 1901-1993, 1993 in eagar ag Eibhlín Uí Mhorónaigh: ‘Bhí Pádraig Ó Meára ina mhórphearsa i nginealach an Chonartha anseo. Ní hamháin gur chaith sé tréimhse fhónta bhláfar i mbun na gluaiseachta ó na tríochaidí anonn go dtí na seachtóidí ach tá sé ina eisiomláir lonrach ó shin’. Tá sé le háireamh freisin mar dhuine den fhíorbheagán foilsitheoirí Gaeilge a bhí lonnaithe taobh amuigh de na cathracha. I nGarrán, Tuaim Uí Mheára, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é 14 Iúil 1905. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig agus ba í Margaret Ní Mheára a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Bhí cáil na hiomána ar Thuaim Uí Mheára (‘The Toomevara Greyhounds’) agus ar a mhuintir féin: d’imir a bheirt deartháireacha, ‘Skinny’ (Seán) agus Tomás, ar fhoireann Thiobraid Árann agus bhí sé féin ar fhoireann Thuaim Uí Mheára a bhuaigh craobh an chontae i 1930 agus d’imir sé don chontae. Tar éis a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí san Aonach bhuaigh sé scoláireacht an Rí i 1926 agus chaith 1926-28 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre Críostaí san Aonach ar feadh i bhfad go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i dtuathscoil.

In Nenagh Guardian i 1937 bhí cnuasach d’fhocail Ghaeilge i mBéarla Thiobraid Árann i gcló aige. Tuairim 1939 d’fhoilsigh sé cnuasach d’amhráin agus d’fhilíocht Thiobraid Árann, idir Ghaeilge agus Béarla, a rinne sé féin agus Tomás Mac Domhnaill, faoin teideal The Spirit of Tipperary; píosa dá dhéantús féin ann is ea ‘The Penal Mass at Urra’. Chaith sé 1941-45 ina eagarthóir ar Nenagh Guardian agus colún aige ann faoin ainm cleite ‘Fear Faire’. Sna luathchaogaidí chuir sé Cló Uí Mheára ar bun. Ba é Trodairí na Treas Briogáide le Colm Ó Labhra an leabhar ba nótáilte dár fhoilsigh an comhlacht. D’fhoilsigh siad freisin leabhair le Seán Ó Mulláin, Máirtín Ó Corrbuí, Conchubhar Ó Ruairc, Seán Mac Fheorais, Séamus Ó Céileachair, chomh maith le Leabhar na Salm leis an Athair Colmcille agus Leabhar Dhainéil leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta. Bhí comhlacht eile aige, Foilseacháin na Scol, agus pléann Nóirín Ní Nuadháin tábhacht a gcuid leabhar in Ó Ghlúin go Glúin. I measc na leabhar a scríobh Pádraig é féin tá: I mbaol a dóite (1967) agus Seán agus a pheataí an bhliain chéanna.

Ní raibh teorainn lena obair i gConradh na Gaeilge san Aonach. Ba ar a iontaoibh a ceannaíodh Dún Mhuire, áras na gluaiseachta. Ba é ba mhó faoi deara atheagrú Fheis an Aonaigh i 1952. Bhí baint mhór aige le Coiste na bPáistí agus deirtear go mbíodh Cúil Aodha lán de pháistí ón Aonach. Chuireadh sé saoire shamhraidh trí Ghaeilge ar siúl sa bhaile féin do pháistí óga an bhaile. Bhunaigh sé Cumann Scannán faoi choimirce an Chonartha agus rinne siad scannán dá gcuid féin, Scrap Book of Nenagh. Bhí sé orthu sin a bhunaigh an páipéar Rosc i 1953 agus dhíoltaí 1,500 cóip i gceantar an Aonaigh. Bhí meas ar leith air sa bhaile de bharr a ndéanadh sé d’obair thoildeonach: thugadh sé cabhair ar leith ina theach féin ar an Satharn do bhuachaillí, na daltaí ba laige díobh go háirithe, agus iad ag cur isteach ar phoist. Bhí spéis aige i modhanna nua-aimseartha múinteoireachta teanga agus scríobhadh sé glóiréimeanna, drámaí agus ceoldrámaí dá dhaltaí scoile. I nGaeilge amháin a labhraíodh sé ag comhdhálacha Chumann na Múinteoirí. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha.

Phós sé Caitlín Ní Bhriain ó Chorcaigh agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu. D’éag sé ar 7 Bealtaine 1971. Micheál Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, a labhair os cionn na huaighe. Bhí cónaí air ag ‘Dún Bríde’, Tigh Eoin, an tAonach.

Molann ‘L. A. Mac A.’ a shaothar saoil in Nationalist 15 Bealtaine 1971 agus in Inniu 21 Bealtaine 1971 cuireann Liam Ó Luanaigh síos ar an gcaidreamh a bhí aige air agus iad ina mbaill de bhord oifigeach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú