Ó CORRBUÍ, Máirtín (1912–2002)
Le caoinchead ó Dhiarmaid Ó Corrbuí

Sa Pháirc Bhuí, Cloch an Phrióra, paróiste Phocáin, Co. Thiobraid Árann, a rugadh an scríbhneoir bisiúil seo ar 17 Samhain 1912. Bhí feirm bheag ag a athair Maurice agus ba í Margaret Daly a mháthair. Deir Alan Titley faoi in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Shaothraigh Máirtín Ó Corrbuí gach aon saghas scéalaíochta dá bhfuil ann agus a thuilleadh nach bhfuil aon ainm orthu fós agus is dócha gurb é tánaiste Chathail Uí Shándair é maidir le raidhse is le hiomadúlacht a shaothair.’ Ba é an duine ab óige de chúigear clann. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí san Aonach sular éirigh leis dul go dtí coláiste ullmhúcháin a bhí á reáchtáil ag Bráithre de La Salle in aice le Mala (coláiste a aistríodh go Baile Bhuirne timpeall 1940 agus ar tugadh Coláiste Íosagáin air ina dhiaidh sin). Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. San Aonach a thosaigh sé ag múinteoireacht, sa scoil a raibh Pádraig Ó Meára ina chomhghleacaí aige inti. D’aistrigh sé go hEas Géitine, Co. Luimnigh, i 1937, as sin go Baile na Carraige sa chontae céanna agus ina dhiaidh sin go Pailís Chaonraí. Bhí aithne curtha aige ar Risteard Mac Siacuis agus ar Mhícheál de Búrca. ‘De thoradh na haithne a bhí agam ar Risteard agus ar Mhícheál, chuir mé craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun i bPailís Chaonraí’ (Cuimhní cinn an Oireachtais, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna). Sa bhaile sin a d’fhan sé gur shroich aois an phinsin.

Scríobh sé mórchuid do léitheoirí óga idir 1950 agus 1965 chun freastal a dhéanamh ar Chlub Leabhar na Sóisear. Thug an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha), eagarthóir Chomhlacht Oideachais na hÉireann, cabhair dó chun a chéad leabhar Neidín, 1950, a scríobh. Leabhair eile leis is ea: Píobaire Hamelin, 1953; Cois Sionna, 1955; Bran, 1957; Gaoth na Cuimhne, 1958; Ar Scáth a Chéile, 1959; Doiminic Savio, 1960; Gleann na Síre, 1962; Na Rapairí, 1963; An Cuardach, 1964; Cé Mharaigh an Cunta, 1965; Sean-Téada ar Crith, 1965; Rí na gCnoc, 1966; Bealach an Bháis, 1970; Seo mar a Tharla, 1970; Iolar an tSléibhe, 1971; Greim na Talún, 1974; Saol na mBeach, 1974; Leacht na Laige, 1983; An tÉan Cluana, 1985; Peadar Póilín!, 1987; Rún Mná, 1987; Ar Shliabh Coimeálta, 1988; Máistir an Bhaile, 1991; Fuath agus Feall, 1996. Leabhair eile leis is ea Kenry: the story of a barony in Co.Limerick, 1975; A Dog’s Life, c.1981. I mBéarla freisin a scríobh sé leabhar taistil ar Thiobraid Árann. Tá an chuid is mó de na leabhair sin as cló le fada. Ba é a chuir Gaeilge ar an tríú leabhar den triológ úrscéal a scríobh Liam Ó Catháin ar Liam Dall Ó hIfearnáin, Ceart na hUaighe, 1986; níor admhaíodh sin sa leabhar féin ach mhínigh Máirtín conas a tharla sin in Dúchas 1986-1989, 1990. Bhuaigh sé mórchuid duaiseanna i gcomórtais liteartha an Oireachtais; chastaí Mainchín Seoighe air i gcruinnithe den Chonradh i Luimneach agus b’eisean a d’iarr air cur isteach ar na comórtais. Faoin teideal Ar Lorg na Staire, 1977-91 d’aistrigh sé go Gaeilge téacsleabhar le Ciarán Ó Cúlacháin.

Bhí ardspéis aige sa drámaíocht amaitéarach agus bhí sé bainteach leis na Pallaskenry Players. D’aistrigh sé The Black Stranger le Gerald Healy go Gaeilge faoin teideal An Strainséir Dubh. Léiríodh ceithre dhráma aonghnímh raidió leis (Mo Chara Peatsaí; An Lúb ar Lár; Crann na Croiche; Athsmaoineamh) agus dráma trí ghníomh Béarla, Barbed Wire. Maidir le Mo Chara Peatsaí, a scríobh sé i 1960, roinneadh duais an Oireachtais air sin agus ar Mac Uí Rudaí Mhairéad Ní Ghráda. Bhí sé pósta ar Olive Carey ó Chrois na Ré, Co. Thiobraid Árann, agus bhí triúr mac agus ceathrar iníonacha acu. I mBaile Átha Cliath a bhí cónaí air ag am a bháis, 8 Bealtaine 2002. Cuireadh é i gCloch an Phrióra, paróiste Phocáin, Co. Thiobraid Árann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú