I nDún Cuimín, Imleach, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 25 Samhain 1896. Feirmeoir ba ea a athair Maurice Keane agus ba í Bridget Maher a mháthair. Bhí ar a laghad triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Oileadh é mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste de la Salle i bPort Láirge agus chaith sé sé bliana ag múineadh i Manchain. Tuairim 1928 d’fhill sé ar Éirinn. Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre ina phríomhoide i scoil Laitean in aice lena áit dhúchais go dtí gur éirigh sé as an bpost i Meitheamh 1965.

Bhí an dúspéis aige i stair Thiobraid Árann Thiar agus spéis ar leith aige san fhile Liam Dall Ó hlfearnáin a rugadh sa Gheata Bán, Laitin, agus i Seán Damer ó Shrónaill, an fear ba shaibhre sa dúiche timpeall lár an 18ú haois. Nuair a bhí Risteard Ó Foghludha ag cruinniú eolais i dtaobh an fhile fuair sé cabhair ó Liam agus deirtear gurbh eisean a mhol dó staidéar ar leith a dhéanamh ar a shaol. Is ar an gcuma sin a chuir Liam roimhe triológ úrscéal a scríobh: Ceart na Sua, 1964; Ceart na Bua, 1968; Ceart na hUaighe, 1986. In Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút tá caint a thug Máirtín Ó Corrbuí faoin gcaoi ar tharla sé gurbh eisean a d’aistrigh Ceart na hUaighe go Gaeilge. Scríobh sé freisin úrscéal faoi Chogadh na Saoirse, Eibhlín a’ Ghleanna, 1954, agus dráma éadrom, UNO i bPollachliste, 1958.

In Úrscéalta stairiúla na Gaeilge, 1993 deir Breandán Delap: ‘Eascraíonn an cheist, ar ndóigh, an dtig linn Liam Ó Catháin a mheas go fíreannach mar úrscéalaí Gaeilge’. An fáth a ndeir sé sin go bhfuil fianaise ann gurbh i mBéarla a scríobh Liam an triológ agus nach raibh a dhóthain Gaeilge aige lena scríobh sa teanga sin. Dhealródh an scéal gurbh é Diarmuid Ó Murchú a chuir Gaeilge ar an dá chuid tosaigh agus tá sé cinnte gurbh é Máirtín Ó Corrbuí a d’aistrigh an tríú himleabhar. Cuireann Delap an cheist: ‘Más amhlaidh a bhí an scéal conas a scríobh sé Eibhlín a’ Ghleanna agus U.N.O. i bPollachliste?’

Phós Liam Moira Noonan ó Chluain Meala i 1926 agus bhí cúigear clainne acu. D’éag sé ar 5 Meán Fómhair 1969.

Bhí sé an-ghníomhach i gCumann na Múinteoírí Náisiúnta agus bhí ina uachtarán ar an eagraíocht i 1959–60. Tá a aitheasc uachtaránachta i gcló in An Múinteoir Náisiúnta, Bealtaine 1960, agus is cáineadh is ea a leath ar phleananna ‘mí-oiriúnacha’ Roinn an Oideachais chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh sna scoileanna ó na 1920idí amach agus ar an gcaoi ar throid Cumann na Múinteoírí Náisiúnta in aghaidh na bpleananna sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú