Mac ba ea é le Paitsín Mhicil Thaidhg Ó Catháin, an tógálaí a thóg cé Chaladh Thaidhg ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus a bhean, Saile Ní Fhiontain ó Thismeann. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá agus is mar sin a tharla go raibh sé ag troid mar leifteanant sa ‘Fighting 69th’ sa Chéad Chogadh Mór. Bhí a dheartháir Tim sa reisimint chéanna agus bronnadh an Croix de Guerre air. Nuair a bhí an cogadh thart tháinig Seán abhaile agus cheangail leis na hÓglaigh 1919. Cúrsaí eolais agus eagraíochta ina cheantar féin ba mhó a bhí ina chúram.

D’eirigh leis bheith ina bhall de chomhairle chontae na Gaillimhe 1927 thar ceann Fhianna Fáil. Ba eisean ba mhó a fuair vótai i roinn toghchánaíochta Uachtair Aird 1940 agus 1944. Tharla fothoghchán i nDáilcheantar na Gaillimhe Thiar tar éis bhás Dr Seán Tubridy TD (FF) 15 Iúil 1939 agus is aige a bhí an bua. In olltoghchán 1943 theip air an suíochán a choimeád, 3,204 lion na vótaí céad roghnachais a tugadh dó. Theip air arís 1944 cé gur 4,267 a tugadh dó. Roghnaíodh arís é mar iarrthóir i 1948. Tar éis labhairt ag cruinniú toghchánaíochta i gCamus d’éirigh sé tinn agus d’éag sé ar 3 Feabhra 1948, an lá roimh an vótáil. Bhí a ainm ar an bpáipéar vótála agus thug 2,146 duine a gcéad vóta dó, le méid a ngeana air a léiriú, ní foláir.

Bhí teach tábhairne/siopa aige ar an gCeathrú Rua. Phós sé Brigid Burke ón Turlach Mór 1939 agus ní raibh aon chlann acu.

Sna cuntais a scríobhadh air sna páipéir i ndiaidh a bháis luadh lena ainm an dul chun cinn a rinneadh sa cheantar: monarchana bréagán sa Spidéal agus i gCasla: meadú ar na deontais tithíochta Ghaeltachta; scéim na dtithe gloine; na ceardscoileanna a tógadh i Ros Muc agus ar an gCeathrú Rua agus na cinn a bhí le tógáil ar an gCnoc agus in Árainn.

Ag a dheartháir Micheál a bhí an teach tábhairne ina dhiaidh. Ar 23 Eanáir 1891 a rugadh eisean. Chaith sé tamall i Nua-Eabhrac ó 1916 amach agus thosaigh ag múineadh Gaeilge ansiúd. D’éirigh sé cairdiúil le Liam Ó Maoliosa thall. D’fhill sé i 1918 agus d’éirigh leis bheith ina bhall de chomhairle chontae na Gaillimhe thar ceann Shinn Féin. Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse, é ina chaptaen ar chomplacht na Ceathrún Rua, agus chaith tuairim bliain go leith i bhFrongoch. Chuaigh sé le múinteoireacht na teanga go lánaimseartha agus d’oibrigh i gContae an Chabháin agus ar Achréidh na Gaillimhe. Phós sé Mairéad Ní Chasarla ó Bhaile an Dula, Caisleán Gearr, agus d’éag ar 28 Meitheamh 1962. Ba é a d’aistrigh Coral Island le R.M. Ballantyne faoin teideal An tOileán corghruanach. Ceapadh é ina bhall de Choimisiún na Gaeilge Iúil 1958. Mac leis is ea Pádraic Ó Catháin, craoltóir agus amhránaí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú