Tá cur síos ar an scríobhaí seo agus clárú déanta ar lámhscríbhinn a rinne sé ag Pádraig de Brún in Studia Hibernica 4 (1964). Fíodóir agus file ba ea é. B’as Tuairín Eochaidh, paróiste na Brosnaí, Co. Chiarraí, dó. Brúnach a mháthair agus phós sé Siobhán de Brún ó na Foidhrí. Bhí daichead acra aige uair ach faoin am ar éag sé, 6 Feabhra 1864, ní raibh ag a mhac Adam ach trí acra; deirtí gur baineadh an talamh den mhac seo nuair a dhiúltaigh sé an Bíobla Gaeilge a mhúineadh ag Droichead na Féile. Sa lámhscríbhinn tá dánta Béarla a chum Séamas do mhionuaisle an cheantair agus dánta Gaeilge. Deir Pádraig de Brún: ‘Is dócha gurb í seo an lámhscríbhinn dheiridh a tháinig anuas chugainn ón gceantar seo agus is fiú suim a chur inti dá bharr sin.’ In Béaloideas XIX (1949) chuir Pádraig Ó Siochfhradha eagar ar dhíospóireacht fhileata a bhí aige le Uilliam Ó Cathasaigh, saor cloiche.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú