Caoirigh na Japs

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Darach Ó Catháin (2004). Le caoinchead Gael-Linn .

Ó na 1960idí amach bhí sé ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis. Tá cuntas gairid air: ag Ríonach uí Ógáin in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely; ag Pearse Hutchinson ar chlúdach an cheirnín a thug Gael Linn amach faoi lipéad Shanachie, Darach Ó Catháin: Traditional Unaccompanied Singing. Sa Mháimín, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 30 Meán Fómhair 1922. B’fhéidir gur níos luaithe ná sin a rugadh é, nach bhfuil ansin ach an dáta breithe cláraithe; sa taifead pósta tá curtha síos go raibh sé in aois fir (‘full age’) in Iúil 1943. ‘Dudley Keane’ atá air sa taifead beireatais agus ba iad Coleman Keane, feirmeoir, agus Monica Faherty a thuismitheoirí. Dar le Ríonach gurbh é an seachtú duine é de dháréag, cúigear buachaillí agus seachtar cailíní. D’aistrigh a mhuintir go Ráth Chairn, Co. na Mí, in Aibreán 1935. I gcló in Gaeltacht Ráth Cairn: Léachtaí Comórtha, 1986 in eagar ag Micheál Ó Conghaile tá ‘Liosta de na daoine a d’aistrigh mar aon le aoiseanna a gcuid gasúr’; sa liosta sin tá Coleman Keane agus a dháréag páistí agus bhí an cúigiú duine sa teaghlach (buachaill) 14 bliana d’aois, agus an t-ochtú duine (buachaill) 11 bliana. Liostaithe sa leabhar sin freisin tá ‘Daoine a fuair bás le caoga bliain’ agus ina measc tá Cóilín Ó Catháin agus a bhean Monica. Dúirt sé le Pearse Hutchinson gurbh óna mháthair a d’fhoglaim sé cuid mhór dá amhráin.

Bhí Seán Ó Coisdealbha agus a bhean Íde mar mhúinteoirí sa scoil ansin agus deirtear gurbh í Íde a mhisnigh é chun cur isteach ar chomórtais an Oireachtais sna 1940idí. Ag obair d’fheirmeoirí a chaith sé a óige; deirtear sa chlár a cuireadh amach d’Éigse Chuimhneacháin Ráth Cairn 13-15 Deireadh Fómhair 1989 gur chaith sé 12 bliana leis an obair sin, ‘deich n-uaire a chloig sa lá ar ocht scilleacha’. Phós sé Bríd Ní Chonaire ó Ros Muc i séipéal Dhún Doire 1 Iúil 1943; i 1937 a shocraigh a muintirsean in Lambay agus is sa Mhí a rugadh na leanaí a bhí acu, cé is moite den duine ab óige. Ag pointe éigin, sna luathchaogaidí, b’fhéidir, d’imigh sé go Leeds, Sasana, agus chaith an chuid eile dá shaol ansiúd ag obair do thógálaithe. Deir Hutchinson: ‘Darach was a poet born of poets. . . who has been writing little songs since he was twelve, lines that came straight from his heart.’ Roghnaigh Seán Ó Riada é mar amhránaí sa cheirnín Reacaireacht an Riadaigh (CEF 010) agus chum Darach caoineadh air. D’éag sé ar 29 Meán Fómhair 1987. In The Irish Times 10 Deireadh Fómhair 1987 tá alt ag F.D. agus tagraíonn sé dá bhás: 'The recent death last week in Leeds of the sean-nós singer, Darach Ó Catháin, has robbed Irish traditional music of one of its truly great performers... Few who heard him live can forget the electricity and power of his presence.' Chum Máirtín Chóil Neaine Mac Donncha ‘Caoineadh Dharach Uí Chatháin’ (Up Seanamhach, 1990, amhráin a chnuasaigh Micheál Ó Conghaile).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú