Rugadh é ar 3 Deireadh Fómhair 1873 i Sreabh in aice Sceichín an Rince ar theorainn Chorcaí agus Luimnigh. Feirmeoir beag a athair Patrick O’Keane. Kathleen Duggan a bhí ar a mháthair. Bhí beirt chailíní agus cúigear buachaillí sa teaghlach; Seán an duine ba shine. I gCoill Beithne a bhí sé ar scoil ar dtús agus ansin, sa 7ú agus 8ú ranganna, i nGleann na gCreabhar, mar a raibh sé ina mhonatóir ar feadh dhá bhliain agus mar ar dhein sé scrúdú na státseirbhíse. In 1892 ceapadh ina oifigeach custaim agus máil é i Londain. Is nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Londain a d’fhoghlaim sé an teanga. Bhí sé ina rúnaí ag Craobh Forest Gate agus ar feadh seacht mbliana ina rúnaí ag Craobh Londan in iarthar na cathrach. I 1902 phós sé thall Caitlín Ní Dhuinnin ón Ráth Mhór, múinteoir a raibh gaol aici leis an Athair Pádraig Ó Duinnín.

Aistríodh é go Béal Feirste agus ar 13 Deireadh Fómhair 1905 thosaigh sé ag oiliúint múinteoirí Gaeilge ann (An Claidheamh Soluis, 7 D.F. 1905). Mar sin a bunaíodh Coláiste Chomhgaill. I 1909 foilsíodh a Ceachta Cainte Gramadaighe. Ocht n-eagrán ar fad a tháinig amach. Toradh ar argóint é, más fíor, i dtaobh modhanna múinte. Tugadh dúshlán faoi Sheán a thuairimí a nochtadh. I 1944 dúirt Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha: ‘Ó cheantar Bhaile Mhistéala ab ea Seán Ó Catháin, an múínteoir ba chliste, b’fhéidir, dár mhúin ceacht i gColáiste na Mumhan riamh. An Ceachta Cainnte Gramadaighe a scríobh sé ní dóigh liom go bhfuil a shárú le fáil fós. Gaiscíoch i measc lucht tarrthála na Gaeilge ab ea é’. Ó 1906 go 1908 bhí sé ina phríomhoide i gColáiste na Mumhan agus i 1911 agus 1912 i gceannas ar Choláiste an Daingin. I 1918 chaith sé tamall beag i bpríosún i mBéal Feirste. Aistríodh go Corcaigh mar chigire cánach é i 1922 ach an bhliain dár gcionn ceapadh ina Bhailitheoir Cúnta é i gCuan Bhaile Átha Cliath. Nuair a bunaíodh Cumann Gaelach na Státseirbhíse toghadh ina leasuachtarán é. Bhíodh baint aige go háirithe le Tionchosc, cruinniú a ghairtí chun fadhbanna nua oifigiúilise na Gaeilge a phlé. Chomh maith lena shaothar gramadaí scríobhadh sé aistí do An Lóchrann agus An Claidheamh Soluis. D’éag sé ar 4 Feabhra 1937.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú