Ó CATHÁIN, Seán (1873–1937) Seán Ó CATHÁIN 1873 1937 Sceichín an Rince, Co. Thiobraid Árann M oifigeach custaim is máil [B9] státseirbhíseach státseirbhíseach státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Rugadh é ar 3 Deireadh Fómhair 1873 i Sreabh in aice Sceichín an Rince ar theorainn Chorcaí agus Luimnigh. Feirmeoir beag a athair Patrick O’Keane. Kathleen Duggan a bhí ar a mháthair. Bhí beirt chailíní agus cúigear buachaillí sa teaghlach; Seán an duine ba shine. I gCoill Beithne a bhí sé ar scoil ar dtús agus ansin, sa 7ú agus 8ú ranganna, i nGleann na gCreabhar, mar a raibh sé ina mhonatóir ar feadh dhá bhliain agus mar ar dhein sé scrúdú na státseirbhíse. In 1892 ceapadh ina oifigeach custaim agus máil é i Londain. Is nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Londain a d’fhoghlaim sé an teanga. Bhí sé ina rúnaí ag Craobh Forest Gate agus ar feadh seacht mbliana ina rúnaí ag Craobh Londan in iarthar na cathrach. I 1902 phós sé thall Caitlín Ní Dhuinnin ón Ráth Mhór, múinteoir a raibh gaol aici leis an Athair Pádraig Ó Duinnín.

Aistríodh é go Béal Feirste agus ar 13 Deireadh Fómhair 1905 thosaigh sé ag oiliúint múinteoirí Gaeilge ann (An Claidheamh Soluis, 7 D.F. 1905). Mar sin a bunaíodh Coláiste Chomhgaill. I 1909 foilsíodh a Ceachta Cainte Gramadaighe. Ocht n-eagrán ar fad a tháinig amach. Toradh ar argóint é, más fíor, i dtaobh modhanna múinte. Tugadh dúshlán faoi Sheán a thuairimí a nochtadh. I 1944 dúirt Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha: ‘Ó cheantar Bhaile Mhistéala ab ea Seán Ó Catháin, an múínteoir ba chliste, b’fhéidir, dár mhúin ceacht i gColáiste na Mumhan riamh. An Ceachta Cainnte Gramadaighe a scríobh sé ní dóigh liom go bhfuil a shárú le fáil fós. Gaiscíoch i measc lucht tarrthála na Gaeilge ab ea é’. Ó 1906 go 1908 bhí sé ina phríomhoide i gColáiste na Mumhan agus i 1911 agus 1912 i gceannas ar Choláiste an Daingin. I 1918 chaith sé tamall beag i bpríosún i mBéal Feirste. Aistríodh go Corcaigh mar chigire cánach é i 1922 ach an bhliain dár gcionn ceapadh ina Bhailitheoir Cúnta é i gCuan Bhaile Átha Cliath. Nuair a bunaíodh Cumann Gaelach na Státseirbhíse toghadh ina leasuachtarán é. Bhíodh baint aige go háirithe le Tionchosc, cruinniú a ghairtí chun fadhbanna nua oifigiúilise na Gaeilge a phlé. Chomh maith lena shaothar gramadaí scríobhadh sé aistí do An Lóchrann agus An Claidheamh Soluis. D’éag sé ar 4 Feabhra 1937.