Pearsa mhór i gCorca Dhuibhne ba ea tábhairneoir seo Bhaile an Fheirtéaraigh. Tá cuntas iarbháis: ag Art Ó Beoláin in Agus, Meán Fómhair 1994; ag ‘S.Ó D.’ in Anois 16/17 Iúil 1994; agus ag Máirín Firtéir in Feasta, Deireadh Fómhair 1994. I gCloichear a rugadh é 7 Iúil 1914—fuair sé bás dhá lá i ndiaidh dó na ceithre scór a shroichint. Séamus a bhí ar a athair agus de mhuintir Uí Shúilleabháin a mháthair. Bhí sé ar scoil ar an mBuailtín agus i gCnoc Mheilearaí. Bhí sé tamall fostaithe ag an uachtarlann ar an Riasc, tamall ag díol agus ag ceannach muc, tamall ag iascaireacht .... Fuair sé an teach tábhairne ar an mBuailtín agus talamh i gCloichear óna athair. Gheofar tuairim den tábhairne sa mhéid a deir Máirín Firtéir faoin aifreann éagnairce: ‘Ofráladh ansan foclóir an Duinnínigh, an foclóir a bhí laistiar dá chuntar agus a tógadh amach go minic, chun réiteach a lorg ar chruacheist éigin i rith an phlé agus an áitimh a bhíodh ar siúl ag lucht léinn agus Gaeluinne san “Acadamh” a chruthaigh sé ina thigh tábhairne; ba é féin an fealsamh, an t-Ollamh, an Boss.’ ‘Tríd na blianta bhíodh ceol agus amhráin le clos go minic tráthnóntaí i dtigh Dhónail ach is dóigh liom go raibh sé ina airde lán timpeall an ama i dtús na seachtóidí a bhuaigh Seán de hÓra comórtas an tSean-Nóis ag an Oireachtas. Ins na blianta sin bhíodh tigh Dhónail lán go barra istoíche sa tSamhradh is amhránaithe chomh breá is a chloisfeá in aon áit le clos ann ...’ (Ó Beoláin). Bhí beirt iníonacha agus beirt mhac aige féin agus a bhanchéile Neilí. D’éag sé 9 Iúil 1994 agus tá sé curtha i nDún Urlann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú