An Gamhain Geal Bán

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Seoltaí Séidte / Setting Sail (2004). Le caoinchead Gael-Linn.

Tá cuntas ar an amhránaí seo: ag Breandán Mac Gearailt in Anois 7 Eanáir 1990; ag Tomás Mac Eoin in Treoir, Bealtaine/Meitheamh 1970. Ba iad a thuismitheoirí John Hoare, feirmeoir i gCloichear, agus Hanora Daly agus rugadh é 10 Márta 1908 (taifead beireatais); b’as Inis Mhic Aoibhleáin do Nóra. Bhí triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Deir Mac Gearailt gur chaith sé formhór mór a shaoil i gCloichear, Baile an Fheirtéaraigh. Col ceathracha leis ba ea na Caomhánaigh: Muiris, Seán agus Séamus. Má bhí meas amhránaí air ina pharóiste féin agus i measc na ndaoine a chaitheadh tamaill saoire i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh, níor chuir pobal na Gaeilge i gcoitinne aithne air gur bhuaigh sé Corn Chomhlacht an Oideachais ag Oireachtas 1970 agus go dtí gur chuir sé amhráin ar cheirnín do Ghael Linn 27 Eanáir 1977 [CEF 063].

Gheofar tuairim dá thábhacht sa nóta a scríobh Seán Ó Tuama ar chlúdach an cheirnín sin: ‘An té a rachadh ag triall ar cheol i gCorca Dhuibhne is é is dóichí ar fad gur ag triall ar Sheán de hÓra is túisce a rachadh sé. Mar tá sé amuigh ar Sheán, ní hamháin i measc lucht eolais sa Ghalltacht ach i measc a mhuintire féin ar a fhód dúchais, nach bhfuil aon duine eile laistiar de Dhaingean inchurtha leis ar an sean-nós amhránaíochta a thug sé leis. Bhí na hÓraigh i gCloichear (Baile an Fheirtéaraigh) ainmnithe i bhfad siar de bharr an éirim faoi leith ceoil a bhí iontu. Díobh siúd, is é is dóigh le Seán gurb é a sheanathair féin is mó a d’fhág a rian air. Uaidh sin a chuala sé den chéad uair na hamhráin mhóra, amhráin ar nós “An Binsín Luachra”, “An Brianach Óg”, “Raghadsa is mo Cheaití”, “An Gamhain Geal Bán”. I rith a shaoil ina dhiaidh sin phioc sé suas amhráin agus ceol gan stró pé áit a gcuala sé iad. Ach pé áit ar phioc sé suas iad d’fhág sé a rian neamhchoitianta féin orthu…. Go deimhin deireadh Seán Ó Riada gur cumadóir tábhachtach ceoil chomh maith le hamhránaí breá é Seán de hÓra. An fonn álainn sin “Caoineadh an Spailpín” atá le fáil ar an gceirnín The Playboy of the Western World dúirt an Riadach tráth (chomh fada lenár gcuimhne) gurb é Seán de hÓra a chum é in imeacht aon lae amháin…’. Gan amhras chuaigh a chuid amhránaíochta i gcion go mór ar an gcumadóir. Deir Ó Tuama: ‘Is dócha gurb é Seán de hÓra an ceoltóir dúchais is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Sheán Ó Riada. Nuair a thug an Riadach a chúl le Baile Átha Cliath agus le saol mór an Bhéarla, do roinn Seán de hÓra lóistín agus ceol agus caidreamh go fial leis go cionn bliana nach mór i gCloichear. Ba dheacair cuimhneamh ar bhliain ba thábhachtaí ná sin i stair an cheoil Ghaelaigh in Éirinn lenár linn.’

Dúirt an Riadach an méid seo ina thaobh leis an nGearaltach: ‘Is mó uair a chuir a dhea-chomhairle géarú goile orm chun cumadóireachta’ (Anois. Agus is ag tagairt don Riadach atá Roibeard Mac Góráin sa pháipéar céanna: ‘Chuir sé aithne air ag pointe an-tráthúil agus an-chriticiúil ina shaol nuair a bhí sé ag iarraidh a thuiscint agus a léargas ar an sean-nós agus an uile ghné den cheol dúchais a dhoimhniú agus a leathnú agus ní hé amhránaíocht Sheáin amháin a chuaigh i gcion air ná an stór amhrán agus oidis a bhí aige, ach uaisleacht agus saibhreas a nádúir agus an fhealsúnacht a bhí aige mar dhuine.’ Agus tá an méid seo ón bhfile Nuala Ní Dhomhnaill i gcló ag Mac Gearailt: ‘Fear uasal íseal ba ea Seán. Chuir sé comaoin orainn go léir agus is mór linn bris a mhná Peig [Chaomhánach] agus a dtriúr clainne.... Ní maith liom a bheith patronising ach ba é an duine is sibhialta agus duine de na daoine ba mhó cultúr dar casadh riamh orm.’ Sa chuntas céanna ba dhóigh le Dónall Ó Catháin, tábhairneoir, nach raibh aon teorainn le Seán, go mba lia stoic é agus ardimreoir caide, agus gur dheacair dul thar a bhreith ar aonach ná ar mhargadh. D’éag sé ar 29 Nollaig 1989.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú