MAC DONNCHA, Josie Sheáin Jeaic (1943–2017)

I dtaca le seanchas, scéalaíocht agus amhránaíocht de, tá clú agus cáil ar Iorras Aithneach, nó Carna agus Cill Chiaráin, in iarthar Chontae na Gaillimhe le fada, ó thug Jeremiah agus Alma Curtin cuairt air i ndeireadh an naoú haois déag agus iad ar lorg na miotas mar a thug sé féin ar sheanscéalta béaloidis na Gaeilge. Is liosta le háireamh na seanchaithe agus na scéalaithe ar bailíodh ábhar uathu atá i gcló, agus tá na bailiúcháin a rinneadh do Choimisiún Béaloideasa Éireann sa cheantar saibhir ilghnéitheach freisin. Bhí filí gníomhach sa cheantar chomh maith agus go leor tobvéarsaíochta ar siúl ag daoine nach n-áireofaí ina bhfilí iad, d’ainneoin a gcuid deisbhéalaíochta. Mhair an Ghaeilge go láidir san áit, fiú agus í ag trá sna leithinsí níos faide siar. Bhí sé le rá ag bailitheoirí mar Sidney Robertson Cowell go raibh bród nó urraim ar leith ag muintir na háite dá gcuid seanchais. Thuig siad a raibh acu agus, murarbh ionann agus áiteanna eile, b’fhéidir, ní raibh cúthaileacht ná náire orthu ina thaobh. Go deimhin, is éard a bhí iomaíocht ann go minic faoi na daoine a roghnófaí le bheith ag tabhairt ábhair do na bailitheoirí. D’ainneoin athruithe móra a bheith ar an gceantar ó aimsir an Ghorta anall, choinnigh an dúchas sin a chuid féin ina gcoinne anuas go dtí an lá inniu.

Is sa phobal sin a rugadh Seosamh Mac Donncha, Josie Sheáin Jeaic, i mí Lúnasa in 1943. Duine de cheathrar (Páraic, Johnny agus Colm an triúr eile) mac a bhí ag Máire Chathail (Ní Uaithnín) (1908–1985), a mháthair, as an Más ó dhúchas, agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), a athair, a raibh cónaí orthu ar an Aird Thiar, cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna féin. Sna cuntais bheo bhríomhara a thug Séamus Ennis ar an áit ina dhialann pháirce do Choimisiún Béaloideasa Éireann (uí Ógáin 2007) aithnítear go raibh fuinneamh ar leith sa chultúr traidisiúnta anseo i gcónaí, agus tugann na cuntais úd aitheantas ar leith dó sin.

Chomh maith leis an seanchas agus le cumadh na véarsaíochta, ar ndóigh, bhí cáil ar Charna go háirithe as na hamhránaithe breátha a tháinig chun cinn ann. Bhí ómós d’amhráin san áit agus iomaíocht i dtaca le feabhas gutha, méid an stóir amhrán agus ceart na bhfocal. Bhí ómós chomh maith do ghuthanna breátha agus ‘siolladh’ na n-amhrán: an bealach ceart lena rá. Ba Seosamh eile, Joe Éinniú (1919–1984), an chéad amhránaí óg a thabhaigh clú don cheantar ar dtús, ag athnuachan an Oireachtais ó 1940 ar aghaidh. Chuaigh seisean ar aghaidh gur bhain cáil dhomhanda amach dó féin agus don chineál amhránaíochta a dtugtar an sean-nós anois air. Ba mhinic a bhíodh Seán Jeaic, athair Josie, ina chuideachta sna comórtais luatha sin, agus bhain seisean clú amach freisin dá cheantar agus dá stíl amhránaíochta. Tháinig Alan Lomax chuige in 1951 le hamhráin a fháil uaidh agus is léir gur thuig sé go raibh cáilíocht speisialta ag baint le léiriú an dúchais san áit de bharr na teagmhála sin.

Sa milieu cultúrtha sin a oileadh agus a tógadh Josie Sheáin Jeaic agus níl aon amhras ach go ndeachaigh an ghníomhaíocht chultúrtha sheachtrach i bhfeidhm ar an mbrí a bhí ann san áit cheana. Bhíodh Feis Charna ar siúl go bliantúil agus théadh amhránaithe idir óg is aibí ann, á bhféachaint féin in aghaidh a chéile. De bharr na suime a bhí ag Seán Jeaic sna hamhráin agus de bharr go raibh pobal gníomhach amhránaithe binne agus éisteoirí grinne sa chomharsanacht, bhí na hamhráin le fáil ag Josie ar leac a theallaigh féin, agus i dtithe eile ina aice.

Bhí comhthéacs ag na hamhráin agus nádúr dá réir ag baint lena ngabháil agus lena meas i dtéarmaí an phobail. Sna blianta sin, chomh maith, bhí fóram eile ag na hamhránaithe, tigh Phádraic Rua i Maíros. Cé go bhfuil an teach ag imeacht ina bhallóg anois, maireann a cháil go fóill. Ba sa láthair seo a ba mhó a fáiltíodh roimh an amhránaíocht ar bhonn poiblí san am a caitheadh agus tráchtann seanriadairí na hamhránaíochta i gceantar Charna ar an áit go ceanúil cumhach i gcónaí.

De réir a chéile, ghlac Josie páirt i bhfeiseanna agus in imeachtaí eile. Bhí sé ag iomaíocht san Oireachtas in 1969 agus maireann taifeadadh iontach den leagan breá áitiúil den amhrán ‘Róisín Dubh’ a thóg RTÉ uaidh ag an ócáid sin (téigh chuig 52.20: https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/20671869). Is teist mhaith é an taifeadadh seo ar cháilíochtaí Josie mar amhránaí, a raibh aibíocht agus tuiscint faoi leith ag baint leis fiú agus é i lár na bhfichidí. Tá soiléire na bhfocal, teilgean agus ton an ghutha, cruinneas an cheoil, feabhas análaithe agus ornáidíochta thar a bheith suntasach ann. Is tréithe iad ar léir meas ar leith a bheith aige orthu, tréithe a d’fhan leis go deireadh a shaoil. Bhí an leagan sin tógtha cheana ag Alan Lomax ó Sheán Jeaic sa bhliain 1951. Mar chomparáid is féidir éisteacht le leagan Sheáin Jeaic, athair Josie, ag an nasc seo: http://research.culturalequity.org/get-audio-detailed-recording.do?recordingId=12169 (T3477R09).

Sa chomparáid sin, aithneofar cosúlachtaí, cinnte, idir athair agus mac. Ach de bhreis air sin, aithneofar tréith shainiúil aonair in amhránaíocht an ógánaigh. Tháinig an dlaoi mhullaigh ar iarrachtaí Josie ag an Oireachtas nuair a thug sé leis Corn Chomhlacht an Oideachais in 1971, an gradam a ndearnadh athbhaisteadh air an bhliain dár gcionn in ómós do bhás anabaí Sheáin Uí Riada. D’éirigh le Josie an gradam sin a bhuachan trí huaire ar fad (in 1978 agus 1982 chomh maith), éacht nár cuireadh i gcrích ó ré Niocláis Tóibín sna luath-sheascaidí.

D’imir Athbheochan agus athréimniú, buanú agus cothú na Gaeilge tionchar mór ar shaol Josie agus, go deimhin, ar a cheantar dúchais. In 1958 chuir an comhlacht Gael-Linn, eagraíocht a bhí tiomanta do chur chun cinn na teanga ar bhealach nuálach, fiontraíoch, scéim iascaireachta ar bun i gCarna. Ceannaíodh báid agus bhí Seán Jeaic ar dhuine díobh sin a fuair ceann díobh. Cuireadh Josie go Devon Shasana in 1962 chun oiliúint a fháil sna scileanna a bhain le hiascach agus le próiseáil na bportán (Ní Chinnéide 2013). Nuair a d’fhill sé abhaile tosaíodh ar fheoil a reo i monarcha éisc Ghael-Linn. Bhain sé féin amach ceadúnas scipéara chomh maith ar ball.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1965, ghlac Josie páirt aisteoireachta i scannán a rinne Philip Donnellan, The Irishmen: an impression of exile, clár faisnéise a thug léargas ar thosca suaracha oibre chuid fear na hÉireann i Sasana, clár a raibh míreanna aisteoireachta ann chomh maith. Ba í an pháirt a bhí ag Josie, fear óg as iarthar na hÉireann a fhágann ar an traein ag dul go Londain. Tá máthair agus athair Josie sa scannán chomh maith. Bhí Joe Éinniú lárnach sa chlár sin, ar ndóigh, agus ba é an feall gur chuir sé scaoll ar údaráis an BBC. Mheas siadsan go raibh an scannán rócháinteach ar rialtas Shasana agus níor craoladh riamh é dá bharr sin. Níor thaispeáin an BBC an clár sin fós.

Chuaigh sé ar cuairt go dtí an Libia in 1976 mar chuid de thuras Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus ba mhór a thaitin a chuairt ar an tír sin leis. Bhuail sé le hamhránaithe de chuid na tíre sin agus dar leis go raibh na cosúlachtaí idir an dá thraidisiún amhránaíochta thar a bheith suimiúil. Bhí sé rannpháirteach chomh maith i mórán féilte agus ócáidí eile, ina measc Féile na Bóinne i nDroichead Átha in 1977, ócáid a raibh pléaráca agus scléip faoi leith ag baint léi, ar mhéad agus a shnaidhm na rannpháirtithe dáimh agus muintearas le chéile lena linn. Orthu sin a ghlac páirt ann, bhí cuid de phlúr amhránaithe traidisiúnta na tíre, i mBéarla agus i nGaeilge: Virginia Blankenhorn, Sinéad Caher, Len Graham, Frank Harte, Joe Holmes, Dolores Keane, Tim Lyons, Róisín White, Darach Ó Catháin, Treasa Ní Mhiolláin, Nioclás Tóibín, agus a chomharsa féin as Cill Chiaráin Joe John Mac an Iomaire ina measc (Graham 2010).

Rinne Josie trí thaifeadadh tráchtála chomh maith le taifeadtaí iomadúla cairtlainne i gcaitheamh a shaoil. Ar na cinn aonair is tábhachtaí bhí Ó na Sceirdí aniar (Gael-Linn 1987) agus Connemara sean-nós – Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planètes 2000). Seasann na ceirníní sin mar ráiteas údarásach neamhghéilliúil ar chumhacht agus áilleacht an tsean-nóis agus ar an gcúram a chaith Josie lena chaomhnú i gcaitheamh a shaoil. Tá amhráin leis le fáil ar líne i gcartlann TG4 chomh maith (http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/josie-sheain-jeaic/). Bhí Josie ina amhránaí cónaitheach in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó 2003 go 2004 faoi scéim de chuid Ealaín na Gaeltachta. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh MA air in 2012, mar gheall ar a sheasamh mar amhránaí sean-nóis. Bhíodh sé ag moltóireacht ar chomórtais amhránaíochta go minic, agus bhí meas ar a thuairim. Is iomaí amhránaí óg a bhfuil a n-ainm in airde inniu ar bhrostaigh sé a gcáil lena bhreithiúnas.

Bhí an-eolas ag Josie ar sheanchas na háite, agus go háirithe dinnseanchas farraige an chósta máguaird. Ghlac sé páirt i gclár comórtais Raidió na Gaeltachta Gaoth an fhocail agus d’éirigh go maith leis ansin. Ba mhaith uaidh cur síos a dhéanamh ar ainmneacha farraige ar nós Spout an Tairbh, poll séidte ar Oileán Mhic Dara, cuirim i gcás. Ba mhór an pléisiúr éisteacht lena ghlór cinn agus é ag caint. Dúirt an t-údar Liam Mac Con Iomaire faoi nuair a bhí sé ag tras-scríobh agallaimh dá chuid dá bheathaisnéis ar Sheosamh Ó hÉanaí Nár fhágha mé bás choíche (Cló Iar-Chonnacht 2007): ‘Is beag ná go raibh Josie ag cur isteach na gcamóg dom’, á mholadh as cruinneas agus éascaíocht a chomhréire agus as a smacht ar urlabhra na Gaeilge. Rud nach raibh ar eolas go forleathan, b’fhéidir, ach b’an-chócaire é Josie agus tá cuimhne gheal ag Anne Mulqueen agus ag a clann ar bhéilte blasta a réitigh sé dóibh.

Sa bhliain 2009, agus é ag seoladh ó Chinn Mhara go Ros an Mhíl chun páirt a ghlacadh i ngeallta báid, in éindí lena dheartháir Johnny, bhain tubaiste dóibh a chuir i bhfarraige iad nuair a d’iompaigh an bád orthu. Bhásaigh Johnny sa tubaiste sin agus chaith Josie roinnt laethanta san ospidéal dá bharr. B’uafásach an buille é do Josie ach choinnigh sé air go foighdeach fulangach, d’ainneoin an bhróin a bhain le cailleadh a dhearthár.

Fear pobail a bhí i Josie agus ní mórán ócáidí a thit amach sa pharóiste nach raibh baint de chineál éigin aige leo, Cumann Amhránaíochta Iorras Aithneach agus Cumann Spaisteoireachta Iorras Aithneach gan ach péire díobh a lua. Bhí an-dúil aige sna hamhráin i gcónaí agus bhíodh éileamh mór air ag a leithéidí d’imeachtaí de bharr a thuisceana agus a chineáltais mar fhear an tí. Bhí sé lárnach i bhFéile Joe Éinniú ón tús ar na cúiseanna sin agus choinnigh sé leis i gcónaí bliain i ndiaidh bliana. Faightear léargas ar leith ar a rannpháirtíocht sa phobal sa scannán Lá Mhic Dara 2000 le Seán Ó Cualáin, agus atá le feiceáil anseo: https://vimeo.com/45639379. Is díol suntais an leagan uathúil de ‘Amhrán Mhaínse’ a chasann sé ina stíl bhreá féin mar thionlacan le híomhánna de mhuintir an phobail ag triall isteach ar an oileán beannaithe leis an Aifreann a éisteacht.

Phós sé Nóirín Ní Cheannabháin, Nóirín Phat Jim, as an mBantrach Ard, in 1980 agus bhí triúr clainne acu, Gráinne, Ciarán agus Dónal. Níos moille ina shaol ba í Kathleen Dara Beag Ní Fhlatharta a pháirtí. Amhránaí binn is ea Kathleen freisin agus is minic a d’fhreastalaídís ar ócáidí ceoil agus amhránaíochta i dteannta a chéile agus iad beirt ag casadh sa seisiún céanna. Bronnadh gradam Shean-nós Cois Life ar Josie in Aibreán na bliana 2017. Faraor bhí an tinneas a thug a bhás ag treisiú taca an ama sin, agus níor fhéad sé freastal ar an ócáid lena ghradam a ghlacadh. Throid sé go calma ina aghaidh mar thinneas, agus d’éag sé an bhliain chéanna sin ar an 9 Meán Fómhair 2017. Bhí dhá thuar ceatha ag soilsiú go lonrach os cionn theach an tórraimh an tráthnóna Domhnaigh sin i ndiaidh dó filleadh abhaile ón ospís den uair dheireanach. Nuair a tharla an tubaiste dó féin is do Johnny in 2009, ba í an leathbhád seoil Bláth na hÓige a thug tarrtháil orthu. Lá na sochraide, bhí an bád ar ancaire i gCuan na hAirde agus d’ísligh an criú an seol tosaigh mar ómós dá gcomrádaí. D’fhreastail slua mór ar an tórramh agus ar an tsochraid agus, mar ba dual dó, lean na hamhráin ar feadh an lae i ndiaidh a adhlactha faoi bhinn an tseanteampaill i Maíros, in aice lena mhuintir féin.

Lillis Ó Laoire

Leabhair

Ailt