MAC DONNCHA, Seosamh (1953–2016)
Le caoinchead ó Foras na Gaeilge

Ba ar pháirceanna iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael sna 1970idí agus 1980idí, agus ina dhiaidh sin mar uachtarán ar an eagraíocht, ba mhó a thuill Seosamh Mac Donncha cáil dó féin, ach níorbh iad a chuid aclaíochta agus a chuid óráidíochta amháin a bhí mar bhuanna aige.

Le cúrsaí oideachais a chaith sé formhór a shaoil. Thug sé tamall i gceannas ar Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht arbh í a cúram an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Ba chraoltóir agus aisteoir cumasach é agus amhránaí den scoth – mac dearthár leis an amhránaí clúiteach sean-nóis, Seán ’ac Dhonncha.

Oide bunscoile as an Aird Thiar i gCarna, Co. na Gaillimhe, ab ea a athair, Maitias, a phós oide eile as an Leathbhaile in aice Thuama darbh ainm Chris McHugh. Bhí siad beirt ag múineadh sa dúiche sin nuair a saolaíodh Seosamh i bparóiste an Chartúin in 1953. Ón lá sin amach ba le Gaeilge a tógadh é féin agus a dheirfiúr, Eilish.

Chuir an teaghlach fúthu i mBaile an Doirín, lámh le Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe, i ndeireadh na 1950idí nuair a fuair Maitias post mar phríomhoide ansiúd agus ba ann a fuair Seosamh an chuid ba mhó dá chuid bunoideachais.

Is ann freisin a d’fhoghlaim sé bunscileanna na hiománaíochta. Bhí an cluiche ag dul i léig i gCo. na Gaillimhe ag an am agus teipthe glan ar an mbeartas a d’fhág foirne an chontae ag iomaíocht i gCraobhchomórtais na Mumhan, áit nár bhuaigh na sinsir ach aon chluiche amháin in imeacht deich mbliana. Bunaíodh Coiste Iomána na Gaillimhe féachaint le bonn a chur faoin gcluiche athuair sna scoileanna agus i measc na hóige, agus bhí baint mhór ag Maitias Mac Donncha leis óna thús agus éifeacht dá réir ag an iarracht ar a mhac.

In 1970 bhí Seosamh ar fhoireann mionúr na Gaillimhe a bhain Cluiche Ceannais na hÉireann amach den chéad uair le bliain agus fiche agus, cé gur bhuaigh Corcaigh orthu, bhí sé féin agus formhór a chomrádaithe ar an bhfoireann faoi 21 a thug an chraobh sin go Gaillimh den chéad uair riamh dhá bhliain dár gcionn. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé ar fhoireann sinsear a chontae agus bhí ar an bpáirc nuair a bhuaigh Gaillimh an tSraith Náisiúnta Iomána in 1975, rud nach raibh déanta acu le 25 bliain roimhe. I bhfómhar na bliana sin bhí sé ag imirt nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Ghaillimh i gCluiche Ceannais na Craoibhe. Bronnadh gradam All Star air an bhliain sin. Ba é Seosamh a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann in 1979 nuair a bhuaigh Cill Chainnigh arís orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann. Bhuail breoiteacht ina dhiaidh sin é agus dá bharr sin ba ar bhinse na n-ionadaithe a bhí sé nuair a bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Cárthaigh in 1980. Bhí sé thar a bheith lárnach sa cheiliúradh mar sin féin, an leagan den amhrán “The West’s Awake” a chas sé ar chéimeanna Ardán an Ógánaigh beagnach chomh cáiliúil céanna le hóráid Joe Connolly ar ghlacadh an choirn dó siúd. Bhí sé ar fhoirne Chonnacht a bhuaigh Corn an Bhóthair Iarainn le linn an ama sin freisin.

Peileadóir den scoth ab ea Joe freisin, a bhuaigh Craobh Chonnacht le Coláiste Éinde i nGaillimh, áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta agus áit a bhfacthas léargas ar a chumas óráidíochta den chéad uair nuair a bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Comórtas Náisiúnta Díospóireachta Ghael Linn. Lean Seosamh den pheil agus den iománaíocht nuair a thug sé faoi chéim sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus d’imir sé i gComórtais Mhic Shigiúir agus Mhic Giobúin, as ar thug sé bonn in 1977. Tar éis dó bunchéim agus Ardteastas san Oideachas a bhaint amach, chaith sé tamall san ollscoil in Aberystwyth i mbun máistreachta, as ar fhill sé ina chainteoir líofa Breatnaise.

Ba san ollscoil i nGaillimh a chas Peig Ní Chéidigh as an Leic i Leitir Móir, Conamara, dó. Phós siad agus chuir siad fúthu i gcathair na Gaillimhe ar dtús agus ansin i mBearna, áit ar thóg siad a dtriúr clainne, Eoin, Muireann agus Eilís.

Chaith Seosamh na sé bliana ba thúisce dá shaol oibre ag teagasc i gColáiste Éinde, an scoil ar a ndearna sé féin freastal. In 1994 ceapadh é ina Thimire Gaeilge de chuid Choiste Gairmoideachais Chathair agus Chontae na Gaillimhe.

D’fhág sé earnáil an oideachais ina dhiaidh ar feadh tamaill nuair a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge é in 2002, ach d’fhill sé ar na cúrsaí sin arís in 2006 nuair a fuair sé post mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Nuair a rinneadh atheagar ar na coistí sin in 2013 ceapadh é mar phríomhfheidhmeannach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, nó gur éirigh sé as i mí Lúnasa 2015.

Chomh maith leis an tréimhse a chaith sé mar phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge, bhí sé ina chomhalta ar bhord na heagraíochta sin idir 2011–2015 agus ceapadh ina chathaoirleach ar an mbord céanna é in 2015. Chaith sé ceithre bliana ag tús na mílaoise mar chathaoirleach ar bhord TG4 agus trí bliana ina chathaoirleach ar an gcéad Choiste Náisiúnta Frith-Chiníochais. Ina theannta sin bhí sé ina stiúrthóir ar Bhord Rialúcháin Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo, Comhar na nOileán Teo agus Bord Rialúcháin Airéine Spóirt Ollscoil Luimnigh.

Ní raibh traochadh ar bith air, agus sa mullach ar an méid sin ar fad chaith sé tamall mar chraoltóir agus mar cheannasaí spóirt ag an stáisiún raidió Galway Bay FM agus ba mhinic ag aisteoireacht é ar stáitse na Taibhdheirce agus ag canadh i léiriúcháin éagsúla a rinne na cumainn cheoil atá timpeall na Gaillimhe.

Ba nuair a tháinig deireadh lena chuid imeartha ar fhoireann shinsearach an chontae in 1983 a thosaigh Seosamh Mac Donncha ar na cúraimí riaracháin laistigh den Chumann Lúthchleas Gael a d’fhág an oifig is airde san eagraíocht sin ina sheilbh. Chaith sé tamall mar oifigeach Gaeilge ag coiste na Gaillimhe, mar ionadaí chun na hardchomhairle ag an gcoiste sin agus mar leaschathaoirleach ar choiste Chonnacht. Ba in 1993 a léirigh sé suim ar dtús san uachtaránacht ach, mar ba dhual le daoine go leor a toghadh san oifig sin, bhí air toghchán a sheasamh sular tháinig an ceann ar éirigh leis ann – sa chéad iarracht bhuaigh Jack Boothman as Cill Mhantáin air, cara mór de chuid Joe agus fear a chuaigh ar shlí na fírinne deich lá sular éag Mac Donncha féin.

In 1996 agus Comhdháil Bhliantúil CLG á heagrú i Londain Shasana a toghadh Seosamh ina uachtarán i dtoghchán idir é, Seán Mac Thaidhg as Muineachán agus Nollaig Breathnach as Co. an Chláir. Bhí sé fós ag imirt lena chlub, Baile an Doirín, ag an am agus scríobhadh leathanach nua i stair na heagraíochta nuair a bhí sé féin agus a mhac, Eoin, ar an bhfoireann a bhuaigh craobh shóisearach de chuid na Gaillimhe níos deireanaí an bhliain sin, an t-athair ina chaptaen.

Ba é cealú Riail 21, a d’fhág bac ar bhallraíocht ag comhaltaí d’Arm na Breataine agus ag Constáblacht Ríoga Uladh, an chnámh spairne ba mhó a bhí i gCumann Lúthchleas Gael ag an am agus i bhfianaise an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le réiteach polaitíochta a fháil ar an aighneas ó thuaidh agus sa stocaireacht a bhí ar bun le Comhaontú Aoine an Chéasta a bhrú chun cinn, bhí brú mór ar CLG deireadh a chur leis an riail.

Agus é i gceannas na comhdhála den chéad uair in 1997, mhol an t-uachtarán nua go láidir do na teachtaí vóta a chaitheamh a chuirfeadh deireadh leis an rún:

We cannot, as the largest organisation in this country, shirk our responsibility or role in achieving and contributing to peace. The poet John Donne stated that ‘no man is an island’. Certainly an organisation as broadly based and as community based as ours is not an island.

D’fhág brú ó chodanna éagsúla den eagraíocht, sa tuaisceart go háirithe, gur seachnaíodh vótáil ar an gceist ag an gcomhdháil áirithe sin, ach nuair a cuireadh an riail as feidhm ceithre bliana dár gcionn, glacadh go forleathan leis gurbh é Seosamh Mac Donncha a leag an bhunchloch a cheadaigh sin.

Ní raibh uachtarán ag Cumann Lúthchleas Gael ab fhuinniúla ná é, nó duine a raibh níos mó aithne air mar nach raibh rud ab ansa le Seosamh ná comhluadar. Le linn a thréimhse uachtaránachta, níor fhág Mac Donncha contae sa tír ná club iontu siúd nár thug sé cuairt orthu. Bhí suim faoi leith aige i gcur chun cinn na gcluichí Gaelacha i dtíortha thar lear, agus nuair a bhí a thréimhse uachtaránachta istigh chaith sé blianta ina chathaoirleach ar Choiste Idirnáisiúnta CLG. Le linn an ama sin, tháinig méadú as cuimse ar an líon clubanna agus imreoirí de chuid na heagraíochta a bhí ar fud na cruinne – tuairim is ceithre chéad club sa Bhreatain, ar Mhór-Roinn na hEorpa, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Áis agus san Astráil – an Nua-Shéalainn i mbliain a bháis.

D’éag Seosamh Mac Donncha ar an 20 Bealtaine 2016 agus tá sé curtha i Reilig Rathúin ar imeall chathair na Gaillimhe.

Mártan Ó Ciardha