MAC DONNCHA, Seán (1919–1996)
Le caoinchead ó Bob Quinn

An Bhruinnillín Bhéasach

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar An Spailpín Fánach (1988). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Bhí sé ar dhuine de na chéad amhránaithe sean-nóis a raibh a ghuth le cloisteáil ar cheirníní tráchtála; bhí sé freisin i measc na bhfonnadóirí ba thúisce ar bhuail Aonad Taistil Radio Éireann leo. Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil, 1997 agus in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. Ar an Aird Thiar i gCarna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é (‘Johnny Jó Phaitsín’) 2 Deireadh Fómhair 1919. Ba é an tríú duine ab óige é den deichniúr clainne a bhí ag Joe Phádraig Sheáin Fhéilim Mac Donncha agus ag Anna Phádraig Sheáin Risteaird Mac Donncha; in Conamara: an tír aineoil tugann Mac Con Iomaire tuairisc ar a thriúr deartháireacha agus a sheisear deirfiúracha. Dúirt Seán uair: ‘Ba dheacair dom, creidim, gan fonn a thabhairt liom mar ba as a fáisceadh mé ó thaobh m’athar agus mo mháthar. B’fhonnadóirí iad beirt agus a dtáinig rompu’ (ar an idirlíon). Duine dá mhúinteoirí san Aird a spreag é chun spéis a chur sna seanamhráin. Thug scoláireacht é go Coláiste Chaoimhín, Baile Átha Cliath, agus cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1940. Ar feadh 1943-47 bhí post aige i Scoil Chaisil, Conamara, agus chuir aithne ar Shéamus Ennis a bhí ag bailiú amhrán sa cheantar. Bhí sé i measc na bhfonnadóirí a rinne Alan Lomax agus Ennis a thaifeadadh le haghaidh an fhadcheirnín The Columbia World Library of Folk and Primitive Music. Volume 1: Ireland sna 1950idí agus ‘Morrissey and the Russian Sailor’ á chasadh aige. Ó 1947 bhí sé ag obair i gCluain Lios, Cill na Leice, i gContae an Chabháin, agus bhí ar fhoireann Mhullach Odhráin a bhuaigh craobh an chontae sa pheil i 1949. Chaith sé na 25 bliain deiridh dá shaol oibre mar phríomhoide in Áth Eascrach, Co. na Gaillimhe. Ag múineadh sa scoil sin freisin bhí a bhean Bríd Ní Eidhin arbh as an Droichead Nua, an Creagán, Co. na Gaillimhe, di. I 1969 rinne cuid de thuismitheoirí Áth Eascrach agóid agus achrann d’fhonn go laghdófaí ar an méid Gaeilge a bhí ar siúl sa scoil, iad á mhaíomh gur trí Ghaeilge a bhí an uile ábhar á mhúineadh, rud nárbh fhíor. Bhí an sagart agus an t-easpag ag achainí go dian air géilleadh ach ní bhogfadh sé: ‘Ní ghéillfinnse don Phápa féin dá dtiocfadh sé chugam agus a rá liom athrú nuair atá a fhios agam go rí-mhaith go bhfuil an ceart agam féin.’ Tá cuntas fada ag Seosamh Ó Cuaig ar an achrann in Inniu 11 Iúil 1969. Bhuaigh sé an Bonn Óir sa chomórtas Sean-Nóis ag Oireachtas 1953. D’fhoilsigh Gael Linn, Claddagh, Columbia agus Topic taifid dá amhránaíocht. Dá bhreithlá i 1994, nuair a shroich sé 75 bliain d’aois, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an dlúthdhiosca Seán ’ac Dhonncha - An Spailpín Fánach ar a bhfuil 22 amhrán dá chuid. Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life air an bhliain dár gcionn. D’éag sé ar 14 Nollaig 1996. Bhí iníon agus ceathrar mac aige féin agus Bríd. Nia leis is ea Seosamh Mac Donncha, captaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe uair, iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú