Tá a dhéantús filíochta in eagar maille le cuntas ar a bheatha ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953. Ar an gCnocán Aoibhinn i paróiste Mholaga, Co. Chorcaí, idir Baile Mhistéala agus Baile Mharascal a rugadh é. ‘Na Sneachtaigh’ a thugtaí ar an treibh de na Conchubharaigh ar dhíobh é. Pádraig a bhí ar a athair. Scríobhaí ba ea a dheartháir Pádraig (d’éag 1832) agus bhí ar a laghad deartháir amháin eile aige agus deirfiúr. Nuair a bhí fiosraithe á ndéanamh ag Eibhlín Ní Dhonnchadha sa cheantar sin ní raibh aon duine de mhuintir Chonchubhair ann agus níor mhair aon chuimhne ar Thomás ná a chuid filíochta. Tuairimíonn sí go raibh dámhscoil sa cheantar le linn Thomáis agus go raibh filí mar Mhicheál Mac Cárthaigh, Pádraig Ó Callanáin, Éamonn Cáplas, Liam Ó Loingsigh, agus Harry Mac Amhlaoibh bainteach léi. Le táilliúireacht a chuaigh Tomás agus d’imigh go Londan tuairim 1820 agus níor fhill sé riamh. Phós sé agus bhí iníon amháin aige a d’éag thall 19 Bealtaine 1845; bhí scríobh na Gaeilge foghlumtha aici i Londain agus chum Tomás caoineadh uirthi.

Bhí spéis mhór aige sna hÉireannaigh Óga agus luann William Smith O’Brien, Thomas Francis Meagher, Patrick O’Donoghue, John Martin agus John Mitchel ina chuid dánta. Sna haislingí a scríobh sé is é an Brianach an ‘Buachaill bán’, an fear a shaorfadh Éire. Scríobhadh sé litreacha chuig Seán Ó Dálaigh. Bhí cónaí air anseo is ansiúd i Londain: 12 Duke Street, Piccadilly; 1 Shephard Street, Oxford Street, in aice an Marble Arch; 19 Shephard Street. Tuairimíonn a eagarthóir gur os cionn shiopaí a mháistrí a bhíodh cónaí air. Bhí Gaeilge á múineadh aige i Lána Chancery i rang a bhunaigh an ‘The Irish Confederation’ agus i rang eile i gclub i gCearnóg Soho. Tá lámhscríbhinní dá chuid san Acadamh Ríoga agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú