I gCom Arcáin, An Gleann Garbh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 11 Meán Fómhair 1887. Ba iad Séamus Ó Súilleabháin, feirmeoir a raibh feirm bheag de thalamh sléibhe aige, agus Bridget Ní Shúilleabháin a thuismitheoirí; leis na Súilleabhánaigh Liatha a bhain an bheirt acu. Bhí seisear ar fad sa chlann. Gaeltacht ba ea an ceantar nuair a rugadh Micheál. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Eisc na Muice agus bhí Gruagach an Tobair (Pádraig Ó Séaghdha) mar mhúinteoir aige. Chaith sé dhá bhliain ina mhonatóir ann. As sin chuaigh sé go Coláiste De La Salle, Port Láirge, agus cháiligh mar mhúinteoir. Chaith sé dhá bhliain ag múineadh i scoil Thrá Fraisce i mBéarra. Ansin fuair sé post i gColáiste Naomh Micheál i Lios Tuathail thart ar 1914/15. Bhí Gaeilge agus matamaitic á múineadh aige ann. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus bhí ranganna ar siúl sa cheantar aige. Bhíodh sé ag múineadh sa choláiste i mBaile an Sceilg i rith an tsamhraidh. Ba ball de Bhráithreachas na Poblachta é. Thagadh Tomás Mac Donnchadha ar cuairt chuige agus bhíodh ag foghlaim Gaeilge uaidh. Phós sé Nóra Ahern ó Mhaigh Mheáin in 1923 agus bhí seachtar clainne acu, cúigear mac agus beirt iníonacha. Duine díobh an t-aisteoir Maura O’Sullivan a phós Éamonn Kelly, aisteoir. D’éirigh sé as a phost in 1954 agus d’éag ar 14 Lúnasa 1961. Tá sé curtha i Lios Tuathail. D’aistrigh sé úrscéal A.E.W. Mason faoin teideal Cleimintín, 1934.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú