D’fhoilsigh Séamus Ó Fiannachta Amhráin Thomáis Ruaidh .i. The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan, the Iveragh poet (1914). In 1985, réitigh Máire Ní Shúilleabháin RSCJ eagrán nua ina bhfuil véarsaí breise agus beagán eile eolais. Ar an mBán Ard ar an mbóthar idir Doire Fhíonáin agus Com an Chiste i gContae Chiarraí a rugadh é. Bean de mhuintir Shiochrú a mháthair. B’fhéidir gur Tadhg a bhí ar an athair; bhí gaol aigesean le hEoghan Rua Ó Súilleabháin. Deir Breandán Breathnach in The man and his music ... (1996), san alt ‘The Pipers of Kerry’, gur phíobaire a athair agus go dtugtaí ‘Píobaire na bPluc’ air; deir sé gur mháistir rince agus fidléir ba ea Tomás féin. Bhí sé ar scoil i nGort na Cille agus bhíodh scoil aige féin i gCathair Dónall, Port Mhic Aoidh, agus anseo is ansiúd sa cheantar sin. B’fhéidir a rá gurbh é file oifigiúil Dhomhnaill Uí Chonaill é agus baineann go leor dá dhánta agus den bhéaloideas ina thaobh leis an laoch sin. Deir Máire Ní Shúilleabháin: ‘I gcoláiste i mBaile Átha Cliath a bhí sé ag an gConallach nuair a buaileadh breoite den chréachtadh [eitinn] é, sa bhliain 1822 is dócha, agus cuireadh go hospidéal an drochghalair é, i Sráid Chorcaí.’ B’fhéidir gur i gcoláiste oiliúna Chumann Phlás Chill Dara a bhí sé; bhí Ó Conaill i bhfabhar scéim an Chumainn sin i dtús báire. Is é an t-iomann ‘A Rí an Domhnaigh’ an píosa is aitheanta dá dhéantús agus tá cuid dá amhráin i mbéal an phobail go fóill, go háirithe ‘Amhrán na Leabhar’, ‘Is é Domhnall binn Ó Conaill caoin’, agus ‘An Gheadach á crú sa Ghleann’. Níor phós sé. Déanann Art Ó Beoláin trácht ar fhiúntas a chumadóireachta in Merriman agus filí eile (1985). Tógadh leacht ina ómós i Mainistir Achaidh Mhóir,Doire Fhíonáin in 1928.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú