Seo é an sagart Ciarraíoch a d’iompaigh ina Phrotastúnach agus ar cumadh dánta ina thaobh, trí cinn ar a laghad i nGaeilge agus ceann i mBéarla; tá sampla díobh, ‘A Bhrasby do céasais an Chléir seo mórtimpeall’ i gcló in An Duanaire Duibhneach, 1933 agus chum Tomás Rua Ó Súilleabháin ‘A Bhrasby, taoi ar buile’. Tá aiste fhada air ag Pádraig de Brún in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society (1969). I gCill Airne a rugadh é; baisteadh é 6 Márta 1810. B’fhéidir gur dhaoine tábhachtacha i gCill Airne a mhuintir ach bhí tuairim ann gur shaighdiúir sa gharastún a athair, Michael, agus deirtear i gceann de na hamhráin gur ghréasaí é; Mary Lyne ab ainm dá mháthair. Tar éis dó tamall a chaitheamh i scoil Laidine ar an mbaile sin chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1828 agus oirníodh ina shagart é ar 24 Bealtaine 1834. Bhí sé ag obair sa Phrióireacht, i dTrá Lí, Lios Eiltín, Leic Snámha, agus sa Bhóthar Buí sular aistríodh go dtí Cill Maoilchéadair é in 1844. Tuairimíonn an Brúnach gurbh fhéidir go dtaispeánfadh na haistrithe seo go léir nach raibh muinín ag a chuid uachtarán as. Faoin am seo bhí obair an Irish Society for the Promotion of the Education of the Native Irish through the Medium of their own Language faoi lánseol agus bhí neart airgid á chaitheamh acu ag iarraidh daoine a iompú ón gcreideamh Caitliceach Rómhánach. Bhí an oiread sin argóintí diagachta á gcur i gcló ag an dá thaobh ag an am gur tháinig amhras ar Bhrasbie i dtaobh pointí creidimh. Glacadh isteach in Eaglais na hÉireann é sa Daingean 21 Iúil 1844. Shíl na húdaráis gur bhaol do Bhrasbie go dtabharfadh gramaisc faoi agus tugadh idir shaighdiúirí, mhairnéalaigh agus ghardaí cósta isteach sa bhaile chun cabhrú leis na póilíní. D’fhan sé ar feadh sé mhí sa Daingean ag ullmhú don mhinistreacht faoi stiúradh an Urr. Charles Gayer agus eagla a anama air ar feadh an ama dul amach sa sráid. Nuair a tugadh os comhair cúirte é mar gheall ar fhiacha, chreid sé gurbh iad na sagairt a bhí taobh thiar den ghníomh. I nDeireadh Fómhair 1844 cuireadh ag obair i gCeann Trá é ar feadh tamaill ghairid. Timpeall an ama seo chuir sé trí litir chuig paróisteánaigh Chill Maoilchéadair agus measadh gur rinneadh leaganacha Gaeilge díobh. Tá an Brúnach réasúnta cinnte de go gcaithfeadh an teanga a bheith ar eolas go maith ag Brasbie. Faoi Mhárta 1845 bhí sé ag obair i mBaile Átha Cliath ar son an Priests’ Protection Society for Ireland, cumann chun cabhrú le sagairt Chaitliceacha a d’iompaigh. Thugadh an obair sin é go tuaisceart na hÉireann, go hOileán Mhanainn agus go Sasana. Ar feadh tamaill bhí tuairisc bhréagach a thug uachtarán Choláiste Phádraig, an Dr Laurence Renehan, air ina chiotaí air agus é ag lorg oibre. Chuir sé dlí ar an uachtarán agus bhuaigh an cás um Meitheamh 1847 ach níor tugadh dó ach £25 damáiste agus sé phingin costais. Phós sé Alicia Kellett ó Annesbrook, Co. na Mí, in 1848. Tuairim 1856-7 chuaigh sé féin, a bhean agus a gceathrar mac go Ceanada. Tá tuairisc orthu i nDaonáireamh 1871 agus is i sráidbhaile Georgetown, Halton, Ontario, a bhí siad. Níl a fhios cathain a d’éag sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú