Is é a dúirt an sean-Fhínín Mark Ryan [Marcas Ó Roighin] faoi ina chuimhní cinn gurbh é an t-aon sagart amháin é i Sasana a sheas go poiblí le Parnell i ndiaidh na scoilte, agus an t-aon sagart Caitliceach amháin ó Shasana a bhí ar a shochraid. Agus scríobh sé freisin: ‘So close was the mutual friendship between himself and Parnell that the “Chief” sat between himself and General Sir William Butler during the crisis of the Times Commission’ (Fenian memories, 1955).

I mBealtaine 1856 a rugadh é ar an Lios Bán lámh le Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, mar a raibh feirm ag a athair Pádraig. Bhí sé ar scoil sa bhFaill Mhór agus i gCartan sula ndeachaigh sé chuig na Bráithre Críostaí i gCathair Saidhbhín. Tá aiste ag Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] faoi in An Gaedheal 27 Deireadh Fómhair 1934 agus deir sé go raibh baint aige leis na Fíníní sula raibh dhá bhliain déag d’aois aige. ‘Chodlaíodh sé lena gcois fé scáth na gcrann amuigh .... Níorbh annamh a bhain a athair an seisreach ón gcéachta d’fhonn na comharsana a bhí ar teicheadh a sciobadh ón slua ... a bhíodh ar a dtóir’.

I gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, agus i Maigh Nuad bhí cáil an cheoil agus na lúthchleasaíochta air. Chaith sé a shaol ag obair ar na misin i Sasana agus go háirithe i Hounslow, Londain. Seachtain roimh an scoilt sa Pháirtí Éireannach ba é a mhol an rún ag cruinniú den Léig Náisiúnta ag iarraidh ar ionadaithe na gcraobh a éileamh ar an bPáirtí go bhfanfaidís dílis do Pharnell, rún ar vótáil na hionadaithe go léir ina fhabhar ach amháin seisear.

Chomh maith le tacaíocht láidir a thabhairt do Pharnell bhí spéis mhór aige in earraí na hÉireann. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Londain toghadh é ina leasuachtarán ar an gcraobh. Bhí sé ina bhall de choiste gnó Chumann na Scríbheann Gaeilge.

Chaitheadh sé na laethanta saoire sna ceantair Ghaeltachta i gConnacht agus in Ulaidh, agus ina cheantar dúchais féin, é go minic ag gabháil fhoinn ag aeríochtanna agus feiseanna. Nuair a bhí sé ag dul in aois tháinig sé chun cónaithe le deirfiúr leis i mBaile Átha Cliath. Fuair sé bás 6 Lúnasa 1934. Bhí Sceilg pósta ar dhuine dá dheirfiúracha agus in éineacht leis an gcur síos aigesean in An Gaedheal bhí rud a scríobh Pádraig Ó Duinnín: ‘Tá an seanlaoch, oidhre ceart ar sheanmhaithe na nGael, imithe uainn, fear an chroí mhóir agus an tsuilt agus an chomhrá bhinn bhlasta, fear na féile is na maitheasa, fear nár dhís lámh iata riamh dó chun an té bhí in easpa cabhrach’. Fuair an Duinníneach féin bás sula raibh sin i gcló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú