Chuig Sceilg a tháinig uachtaránacht Shinn Féin tar éis do de Valera Fianna Fáil a bhunú. Lean sé Eoin Mac Néill mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Ba é Aire na Gaeilge é sa Chéad Dáil, agus sa Dara Dáil bhí sé ina Aire Oideachais. Pearsa thábhachtach ba ea é ach tá de thuairim ag roinnt daoine gur tugadh faillí ann. Níorbh fhiú le príomhirisí na Gaeilge cuntais a bheith acu air i ndiaidh a bháis. Braitear gá a bheith lena athshlánú. Tá eolas breise ar a bheatha le fáil in The Catholic Bulletin and Republican Ireland 1898-1926 with special reference to J. J. O’Kelly (‘Sceilg’) (2005) leis an Dr Brian P. Murphy OSB, eolas atá bunaithe ar a bhfuil i bpáipéir Uí Cheallaigh.

Sa Chomhartha Mór ar oileán Dhairbhre a rugadh é ar 7 Iúil 1872, dar leis an taifead beireatais, cé gurb é 4 Iúil a deireadh a mhuintir. Bhí ar a laghad ceathrar eile sa chlann. Feirmeoir ba ea a athair Patrick Kelly (d’éag Bealtaine 1924) agus ba í Ellen Sullivan a mháthair. In aiste in Capuchin Annual 1949 dúirt sé gur tar éis di pósadh a d’fhoghlaim a mháthair Gaeilge. Ní raibh sí go líofa aici go ceann 12 bliain agus le Béarla a tógadh Sceilg. Ach chloiseadh sé Gaeilge mórthimpeall air. As bailiúchán de lámhscríbhinní a bhí ina sheilbh a d’fhoghlaim an t-athair léamh na teanga. ‘When Irish from the pen of Fr O’Leary appeared in The Cork Weekly Examiner and from Dr Hyde in The Weekly Freeman he got both papers regularly and at the weekend read aloud both the Land League news and the Irish column so that our ears got a good training and we gradually came to understand Irish well’. Bhí beagán foghlamtha aige ar scoil agus bhuaigh sé A Grammar of the Irish language (1878) le P.W. Joyce i gcomórtas éigin.

Tá portráid i gcló in Irish Peasant 24 Feabhra 1906 a thugann cuid mhaith eolais i dtaobh a mhuintire: gaolta leis a throid in aghaidh Garibaldi agus sa chogadh cathartha i Meiriceá, seanuncail arbh éigean dó teitheadh i ndiaidh éirí amach 1867. Deirtear ann go raibh gaol i bhfad amach ag a mháthair le hEoghan Rua Ó Súilleabhain. Ag cuimhneamh dúinn ar a mhéid a líon Craobh an Chéitinnigh spás ina shaol is inspéise freisin gur Chéitinn ba shloinne do dhuine dá sheanmháithreacha.

Mhaígh sé san alt céanna go mba leo 250 acra, ‘which fairly divides Valentia in two at its widest point’. Ach is cinnte nár thalamh den scoth é ach sliabh agus portach, agus bhí a athair ina chisteoir ag an gcraobh de Chonradh na Talún. Chuireadh sé Sceilg amach gach maidin roimh am scoile ag bailiú airgid dóibh. Deirtear ann freisin gur chaith sé tréimhsí sna trí scoil san oileán agus go raibh sé ar intinn aige dul le sagartacht (‘The church narrowly missed having Sceilg’).

D’fhág sé Dairbhre nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois. Tá tuairim ann go raibh sé fostaithe ag comhlacht iarnróid ar feadh tamaill, é ina chléireach sna Cealla in aice le Cathair Saidhbhín. Faoi 1897 bhí sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath. Chaitheadh Sceilg tamaill ag múineadh Gaeilge i gColáiste an Droichid Nua go háirithe agus sa Chlochar Doiminiceach, Sráid Eccles, agus i Loreto, Faiche Stiabhna. Cheangail sé leis an Celtic Literary Society (1893–1900) agus leis an gConradh. In aiste in Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926 deir ‘S Ó C’ – agus is dóigh gurbh é Sceilg é – gurbh é Peadar Ó Laoidhléis a thug isteach sa Chonradh é. Bhí baint aige le bunú na nDraoithe timpeall an ama seo: ba é a léirmheastóir oifigiúil é agus ba é ‘Sceilg na Sceol’ a ainm draíochta ina measc.

Ó Mheitheamh 1899, nó tuairim an ama sin, bhí sé ag obair mar rúnaí cúnta ar phá do Chonradh na Gaeilge ar feadh dhá bhliain le linn don fhás ollmhór a bhí ag teacht ar an eagraíocht de thoradh cheiliúrthaí ’98, obair thimireachta Thomáis Uí Choncheanainn, agus léacht thábhachtach an Athar Yorke. Deir an Irish Peasant gur fhág sé post i ngnó foilsitheoireachta chun obair an Chonartha a dhéanamh. Mhaigh sé go n-oibriodh sé 17 uair an chloig gach lá. B’fhéidir go bhfuil san áireamh sin na ranganna a mhúineadh sé i gcraobhacha an Chliabhraigh, Uí Ghramhna agus Bhreandáin Naofa. Nuair a fógraíodh bás a dhearthár Donncha in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900 tagraíodh do Sceilg mar ‘one of the officials of the Central Executive’. Léigh sé páipéar san Ard-Chraobh 11 Aibreán 1900 faoin leathnú a bhí tagtha ar an gConradh ó thug an tAthair Yorke an léacht úd agus dúirt nach raibh lá nach dtagadh daoine isteach i seomraí an Chonartha mar gheall ar an spéis nua seo sa teanga. Tugann aiste an Irish Peasant le tuiscint gur éirigh sé as an bpost sin toisc nach raibh sé in ann réiteach lena raibh ar siúl ag an gCoiste Gnó nua. Tá fianaise ann gur toisc gur do Phádraig Ó Dálaigh a tugadh post an Ard-Rúnaí i 1901 a d’fhág sé a phost rúnaíochta sa Chonradh.

In 1901 fuair sé obair mar eagarthóir Gaeilge in Freeman’s Journal agus bhíodh an cúinne Gaeilge á sholáthar aige ann. Roimhe sin bhíodh corralt aige in Weekly Independent agus tagraíonn An Claidheamh Soluis 15 Nollaig 1900 do alt leis bheith á léamh os ard ag Craobh Dhairbhre den Chonradh. In 1901 freisin bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh. Is gnách é a lua i gcomhluadar an triúir eile: Shán Ó Cuiv, Risteárd Ó Foghludha agus Tadhg Ó Donnchadha. Toghadh é féin agus Ó Foghludha mar chomhrúnaithe i mBealtaine 1901.

Bhí sé páirteach sna chéad léirithe de Casadh an tsúgáin agus An tobar draíochta. Ghnóthaigh sé an dara duais ag Oireachtas 1912 lena dhráma Cú Chulainn agus Cú Roi agus bhí sé mar chisteoir ag an gcomplacht Na hAisteoirí a bunaíodh in 1913. Luaitear in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine 1908 gur léiríodh dráma trí ghníomh leis Seán Óg i gCathair Dónall agus gur ghlac cainteoirí dúchais na 17 ról ann.

Toghadh ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha an chéad uair é in 1912.

Torna a ghríosaigh é chun dul i mbun pinn agus is é a bhí ina eagarthóir ar an iris Banba (1901–06). In áras Chraobh an Chéitinnigh (12 Cearnóg Rutland) a bhí oifig na hirise sin. Dhéantaí cáineadh ar Choiste Gnó an Chonartha inti. Dúirt an Craoibhín uair gurbh í an iris ba chaolaigeantaí, ba shuaraí agus ba sheirbhe den iomlán acu í. Dúirt an Dr Micheál Ó hIceadha, Leas-Uachtarán an Chonartha, i litir in Freeman’s Journal 25 Márta 1903 go gcuirfeadh iompar na gCéitinneach náire ar ‘footpads or South Sea islanders’. Rinne seisean léirmheas éagórach ar fhoclóir an Duinnínigh (1904). Bhí léirmheas in Banba, Meitheamh 1903, ag Osborn Bergin ar chnuasach dánta leis an gCraoibhín a thosaigh leis na focail ‘Níl puinn maitheasa sa leabhrán seo’. B’fhéidir gur chuir ceapacháin Eoghain Uí Neachtain in 1901 agus an Phiarsaigh in 1903 mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, de rogha ar Thorna agus ar Sceilg, leis an drochmhéin go léir.

Ach ba é an peaca ba mhó dá ndearna bainistíocht an Chonartha, dar leis na Céitinnigh, gur áitíodar ar eagarthóir an Freeman in 1905, más fíor, gur cheart dó post an eagarthóra Gaeilge a thabhairt do Chonnachtach agus gur ar an gcuma sin a chaill Sceilg a shlí bheatha. D'airigh an Duinníneach é mar cheann de ‘na trí buillí tubaiste ba mhó do buaileadh ar an nGaeilge lenár linn’. Leanfadh an t-aighneas ar feadh i bhfad. B’fhéidir gur chun díoltas a agairt ar a chomharba sa Freeman, Tomás Ó Máille, a scríobh Sceilg léirmheas an-ghéar in Irish People, Aibreán 1906, ar Amhráin Chlainne Gaedheal (1905) arbh iad Tomás agus a dheartháir Micheál a chruinnigh agus a chuir síos iad. B’fhéidir an seanfhala bheith i gceist freisin sa mhoill a rinne na Céitinnigh sular thug siad lántacaíocht don Dr Ó hIceadha nuair a briseadh as a phost é i 1909.

Bhí baint nár bheag ag Sceilg leis an Duinníneach. Sa chéad eagrán den fhoclóir (1904) is leis is túisce a ghabhann an foclóirí buíochas: ‘I owe a debt of gratitude to my friend, Mr John J. O’Kelly, for the tireless energy which he devoted to the work from the outset. His extensive knowledge of the living language rendered his co-operation particularly valuable’. Dúirt Sceilg féin go gcaitheadh sé trí uair a chloig gach lá ar feadh trí bliana ar obair an fhoclóra. D’aimsigh Murphy, in The Catholic Bulletin and Republican Ireland 1898-1926 with special reference to J. J. O’Kelly (‘Sceilg’) (2005), fianaise Sceilg ar an gcabhair a thug sé do Phádraig Ó Duinnín san obair a bhain le foclóir 1904 agus thabharfá leat as, b’fhéidir, go raibh Sceilg ina chomhúdar aige, nach mór. ‘For an average of three hours a day over a period of three years, I worked side by side with him in the Royal Irish Academy and in the Library of Trinity College, mainly in the compilation of the Irish-English Dictionary, as a labour of love.’ In eagrán 1927 luann an Duinníneach in aon anáil é leis na príomhchúntóirí eile a bhí aige ag amanna éagsúla ó 1900 amach, Tadhg Ó Donnchadha, Seosamh Laoide, L.S. Gógan agus an tAthair Donnchadh Ó Floinn.

Bhí sé i láthair nuair a bunaíodh Sinn Féin ar 28 Samhain 1905. Is inspéise gur bhuaigh amhrán a chum sé, ‘Sinn Féin amháin’, bonn óir ag Oireachtas 1905. Rud mór ag Brian Murphy in Patrick Pearse and the lost republican ideal (1991) (atá bunaithe go príomha ar pháipéir Sceilg) nár foilsíodh an t-amhrán sin i bpáipéar an Chonartha go dtí 15 Nollaig 1917, cruthúnas, dar leis, go raibh Sceilg agus na Céitinnigh chun tosaigh ar cheannasaithe an Chonartha i gcúrsaí náisiúnachais. Nuair a fuair Art Ó Gríofa bás rinne Sceilg é a mholadh go hard in The Catholic Bulletin agus thug cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige leis in An Stad agus mar a théadh scata ón mball sin abhaile leis an nGríofach go deireanach san oíche.

Fuair sé post le muintir Mhic Goill, foilsitheoirí. ‘A princely publishing house’ a thug sé orthu uair. Díolaíocht is mó a bhíodh ar siúl aige ar dtús ach in 1911 ceapadh é ina eagarthóir ar The Catholic Bulletin. Meastar go raibh baint an-mhór ag an iris sin leis an gcaoi ar athraigh an pobal a n-aigne i dtaobh Éirí Amach 1916. Ní ligfeadh an chinsireacht oifigiúil do Sceilg gnáthchuntas ar an Éirí Amach a scríobh ná aon tuairimí polaitiúla ina thaobh a nochtadh, ach d’éirigh leis teacht timpeall na faidhbe sin trí chuntais mholtacha a scríobh ar na mairbh mar Chaitlicigh. D’fhág sin nach raibh imprimatur an Ardeaspaig ag an iris ar feadh tamaill. Bhí Sceilg ina chisteoir ag an gCoiste a bhailigh £130,000 do chleithiúnaithe fhir 1916 agus níor bheag an pháirt a bhí ag an iris san obair sin.

Ba iad an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Sceilg ba mhó a chabhraigh leis an gCunta Pluincéad chun an suíochán i Ros Comáin Thuaidh a bhuachan 5 Feabhra 1917, an chéad cheann de ceithre fhothoghchán 1917 a léirigh bá an phobail le lucht an Éirí Amach. Is inspéise go raibh an Pluincéadach ina uachtarán ar Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge ag an am sin agus Sceilg mar rúnaí acu, cé go raibh sé ina leasuachtarán ag an gConradh freisin. Go luath i ndiaidh an toghcháin, ar 22 Feabhra 1917, bhí Sceilg i measc an 28 a gabhadh agus a díbríodh thar tír amach go Oxford mar dhea go raibh comhcheilg ar bun acu. Bhí Sceilg ina bhall de choiste beag a bunaíodh chun féachaint cén chaoi arbh fhearr náisiúnaithe de dhathanna éagsúla a aontú in aon eagraíocht amháin.

In olltoghchán 1918 toghadh é mar bhall parlaiminte i gContae Lú. Is air a thit sé an ‘Scéal ó Dháil Éireann chum saor-náisiún an domhain’ a léamh amach ag an gcéad chruinniú den Chéad Dáil 21 Eanáir 1919. Bhí sé ina bhall den choiste a d’fhéach chuige go mbeadh téarmaí Gaeilge ar fáil d’imeachtaí uile na Dála. Tháinig moladh ón gConradh i Londain os comhair an Choiste Gnó gurbh eisean ab fhearr a scríobhfadh stair Chonradh na Gaeilge i gcuimhne na hiubhaile airgid. D’aontaigh an Coiste Gnó leis an moladh ach faoin am seo bhí Sceilg an-ghnóthach. Ar 27 Deireadh Fómhair mhol Cathal Brugha go mbunófaí Aireacht le haghaidh na Gaeilge agus go dtoghfaí Uachtarán Chonradh na Gaeilge mar Aire. Bhí an uachtaránacht faighte ag Sceilg ag Ardfheis na bliana sin. Ó 26 Lúnasa 1921 go 9 Eanáir 1922 bhí Sceilg ina Aire Oideachais. Ar feadh an ama bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle, é ag feidhmiú thar ceann Sheáin T. Uí Cheallaigh a bhíodh go minic thar lear. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ar feadh na tréimhse 1919–1923. Deirtear nach nglacadh sé féin ná Cathal Brugha na tuarastail a bhí ag dul dóibh mar airí (Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969, le Tomás Ó Dochartaigh).

Vótáil sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Chaith sé tamall sna Stáit Aontaithe mar ionadaí ón bPoblacht. In 1923 thaistil sé féin agus an tAthair Ó Flannagáin chun na hAstráile. Gabhadh iad in Sydney agus chaith siad tamall i ngéibheann in Botany Bay sular díbríodh iad. Le linn dóibh bheith san Astráil ba é Frank Aiken rogha iarrthóra de Valera i gContae Lú in áit Sceilg.

Nuair a d’éag an tAthair Ó Flannagáin ba é Sceilg a thug an óráid os cionn na huaighe. Tá sé i gcló in An Glór 31 Iúil 1943.

Chaith sé tréimhse de 1924–5 mar ionadaí Poblachtach sna Stáit. Nuair a dhealaigh de Valera ó Shinn Féin toghadh Sceilg ina uachtarán ar an bpairtí ag Ard-Fheis ar 31 Deireadh Fómhair 1926.

Insíonn a mhac, Mortimer Kelly, an méid seo in An t-Oileánach: the voices of Valentia (1972/3): ‘Sceilg, in his middle fifties in 1935, after a life dedicated to national and cultural revival, saw his own home fall victim to the bailiffs. With his two sons, after a day-long police seize he was arrested, prosecuted and gaoled for six months on foot of a disputed tax debt of £10.2.6. The truth is that Sceilg never earned enough money to be liable for tax. As an ex-Minister of State, he was entitled to a substantial pension, a penny of which he never drew’.

Lean sé air ag obair do Mhuintir Mhic Goill go dtí 1951 mar eagarthóir ginearálta. Bhí Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge ina chúram anuas go dtí na 1950idí. Is faoi inphrionta an Chumainn a foilsíodh cuid dá leabhair. Baineann caibidil iomlán de shaothar Murphy le ballraíocht Sceilg i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Is iomláine go mór a bhfuil d’eolas ar pháirt Uí Cheallaigh sa chumann sin in Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe (2001) le Máirtín Ó Murchú. Bhí sé ina eagarthóir tamall ar An Camán agus tamaill eile ina eagarthóir Gaeilge ag The Irish Packet agus The Irish People. Bhí spéis aige riamh i gcaomhnadh theach Dhónaill Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin agus scríobh sé O’Connell calling: the liberator’s place in the world (1950).

Ar 17 Samhain 1904 phós sé Nóra Ní Shúilleabháin ón Lios Bán, Ciarraí (d’éag 1949) sa Droichead Órga, Inse Chór, Baile Átha Cliath. Scríobh an ‘Rí Liath’ (Donncha Ó Liatháin) epithalamium in An Claidheamh Soluis 24 Nollaig 1904. An iriseoireacht a bhí mar ghairm aige sa teastas pósta. 8 Sráid Fheardorcha Thuaidh a sheoladh ag an am. Bhí deartháir Nóra, an tAthair Tadhg Ó Súilleabháin, ina leasuachtarán i gCraobh Londan den Chonradh. Bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Mac díobh ba ea Seán óg Ó Ceallaigh (1908–1975) a bhí ina Ard-Rúnaí ag an gConradh sna 1930idí. D’éag Sceilg 27 Márta 1957.

Is cosúil gur fear trodach a bhí ann. ‘Cancrach’, a déarfadh go leor. Dúradh in aiste úd an Irish Peasant: ‘[Sceilg] would be a prime attraction to a novelist of the movement who had a keen eye for character .... He seems to belong to the days of the Fianna, and cannot quite fit himself into modern ways and circumstances’. Ach deirtear ann freisin: ‘Although an earnest and uncompromising controversialist he does not know what it is to harbour a grudge or ill feeling of any kind towards an Irishman: any element of hatred in his character is reserved for the game laws, landlord tyranny, the military and West Britonism in general’. Ba scorn leis lámhainní a chaitheamh ná scáth fearthainne a iompar!

Scríbhneoir bisiúil é i rith a shaoil. An bheathaisnéis an fhoirm is mó a shaothraigh sé: Beatha Lorcáin Naomhtha Uí Thuathail (1905); Brian Bóirmhe: a shaol agus a bheatha (1906); Beatha an Athar Tiobóid Maitiú (1907); Beatha Bhreandáin, a imeachtaí agus a iomramha (1915); Cathal Brugha (1942); A trinity of martyrs: Terence Mac Swiney, Cathal Brugha, Austin Stack (1947). Leabhair eile leis is ea: Saothar ár sean i gcéin (1904); Féithe Fodhla (Gill’s Irish reciter (1905); Scéaluidhe Éireann (1908); Mealbhóg na macaomh (1911); Leabhar na laoitheadh (1911); Eachtra an amadáin móir (1911); Curoi (1913); Mothaláinín (1914). Áiríonn Muiris Ó Droighneáin iad seo mar shaothar eagarthóireachta: Trí truagha na scéaluidheachta (1927); Eachtraidheacht (1928); Taistealuidheacht (1931); Rudhraigheacht (1935). Chuir sé eagar freisin ar Éigse Éireann (1942).

Bhí Sceilg ina bhall de Choiste an Litrithe in 1904 agus is paimfléad inspéise ó thaobh stíle agus ábhair Spelling made easy (1946) ar fogha faoin gcaighdeán é. Scríobh sé freisin: Elements of Irish art (g.d.); Ireland, elements of her early story from the coming of Ceasair to the Anglo-Norman invasion (1921); The case for upholding the Irish Republic (g.d.); The oath of allegiance and all it implies (1925); The robbery of Ireland: the remedy (1928); The Sinn Fein outlook (1930); The Republic of Ireland vindicated (1931); Stepping-stones, c.1939; Partition: Dáil Éireann comes of age (1940); Ireland’s spiritual empire (1952). Aistriúchán ar dhráma le Séamus Mac Maghnais is ea Liúdaidhe óg na Leargadh Móire (1905).

Tá léiriú maith ar scóp a chuid scríbhneoireachta sna duaiseanna Oireachtais a bhain sé ó 1901 amach (liostaithe ag Donncha Ó Súilleabháin in Scéal an Oireachtais, 1984). In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge (1936) deir Muiris Ó Droighneáin gur sna hirisí a raibh sé ina eagarthóir orthu agus in irisí eile cois baile agus i gcéin a bhí an chuid ba bhríomhaire dá shaothar. Is mó sin ainm cleite a d’úsáideadh sé: Mogh Mogh Ruith, An Dairbhreach Dána, An Fear Siubhail, Sceilg na Sceol, Sceilg.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú