I mBaile Átha Cliath a rugadh an ceoltóir seo 13 Bealtaine 1909. Ba é Thomas Kelly, fear stórais, agus Mary Rehill a thuismitheoirí. Bheadh an t-athair ina chléireach árachais ar ball. Deirtear gurbh é Carl Hardebeck a mhúscail a spéis sa cheol. Rinne sé staidéar faoi John F. Larchet (1884-1967) a bhí ina ollamh le ceol i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí faoi Aloys Fleischmann (1910-92). Veidhleadóir ba ea é agus fostaíodh go gairmiúil é den chéad uair i gceolfhoireann na hAmharclainne Ríoga sa phríomhchathair. Bhí sé i gceannas an cheoil tamall in Amharclann na Péacóige. Is chun ceolfhoireann a bhunú a thug Diarmuid Ó hAlmhain isteach i gCraobh an Chéitinnigh é i 1935. Níos deireanaí bhí sé i mbun an chóir ann. Deirtear gur sa chraobh sin a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus in imeacht sé mhí go raibh sí ar a thoil aige. Bíonn a ainm le feiceáil i gcláir agus i dtorthaí chomórtais an Oireachtais ó 1940 amach: duaiseanna ar amhráin a ghléasadh, ar chnuasach amhrán, ar fhoinn a chumadh; Cór Chraobh an Chéitinnigh agus Ceolfhoireann an Oireachtais féin á stiúradh aige; é ina bhall de Fhochoiste an Cheoil. Bhí sé ina bhall de Cheolfhoireann Éadrom Radio Éireann tamall agus ina stiúrthóir acu uaireanta. Dar le RTE Guide 10 Feabhra 1963 gurbh é faoi deara a fheabhas a bhí córacha Chonradh na Gaeilge uair. Ar 9 Aibreán 1943 ceapadh é ina thimire cúnta ceoil sa Roinn Oideachais agus ina chigire/ timire ceoil ar 31 Bealtaine 1949. Go 1956 is i gCorcaigh a bhí sé ag obair agus cúram an cheoil sa Mhumhain air. Is i gCorcaigh a bhunaigh sé Cór-Fhéile na Scol. Bhíodh sé ina stiúrthóir ag Ceolfhoireann Sionfónach Chorcaí agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Idirnáisiúnta Chorcaí. Ceapadh é ina Phríomh-Chigire Ceoil ar 4 Iúil 1964.

Bhí baint mhór aige le cláir cheoil ar Radio Éireann i gcomhair daoine óga. Fuair sé Duais Uí Chearbhalláin ón stáisiún agus duaiseanna ó Acadamh Ríoga an Cheoil, ón Oireachtas agus ón bhFeis Cheoil. Ba é a bhunaigh Cantairí Óga Átha Cliath. D’éag sé 13 Eanáir 1976. Phós sé Clár Ní Chaoimh ar 14 Meán Fómhair 1943 (An Glór 23 Deireadh Fómhair 1943) agus bhí beirt leanaí acu. Bhí cónaí air ag 47 Sráid Fontenoy, Baile Átha Cliath, ag am a phósta. Faoin teideal Fáilte Uí Cheallaigh d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, tamall tar éis a bháis, cnuasach de cheol córúil Gaelach a bhí cóirithe aige. Cuimhnítear go háirithe ar an gcóiriú a rinne sé ar ‘Maidin i mBéarra’.

Dúradh faoi in Inniu 16 Eanáir 1976: ‘Gaeilgeoir an-mhaith le hais bheith ar na ceoltóirí is ábalta agus is cáiliúla in Éirinn’. Sa pháipéar céanna an tseachtain dár gcionn scríobh Seán Creamer: ‘Bhí sé de bhua aige gur fhág sé dea-thoil gach áit ar shiúil sé. Na daltaí agus na hoidí scoile a casadh air le linn a sheirbhíse sa Roinn Oideachais, cuimhneoidh siad ar a dhaonnacht, ar an aoibh shoineanta a bhí air i gcónaí agus ar an dúil as cuimse a bhí aige grá don cheol a scaipeadh imeasc an aosa óg. Bhí a lámh sínte amach aige i gcónaí chun daoine eile a tharraingt suas lena thaobh, go bhféachaidís araon ar an bhfís a bhí os comhair a shúile féin le fad an lá’. Tá cuntais air sa cholún ‘An mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 31 Bealtaine 1958 agus 11 Samhain 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú