Scríobh an scoláire seo Filíocht na gCallanán, 1967. Ba baint mhór aige le leacht a chur á thógáil i 1978 i reilig Chill Fhinín (‘Reilig na bhfilí’) in aice le Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe. Tá eolas ina thaobh sa phíosa atá ar chlúdach a leabhair. Ar an gCluain, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 22 Feabhra 1916. Ba iad a thuismitheoirí Seán Tom Ó Ceallaigh, feirmeoir, agus Anne Tynan. Ba dhuine d’ochtar é, beirt chailíní agus seisear buachaillí. Bhí Gaeilge aige ón gcliabháin. Sa réamhfhocal lena leabhar gabhann sé buíochas lena athair ‘a mhúscail grá d’amhráin na gCallanán ionam don chéad uair’. Chabhraigh a dheartháir Peadar leis san obair freisin; gabhann Ciarán Ó Coigligh buíochas leis an mbeirt acu faoi fhoinn roinnt d’amhráin Raiftearaí a thabhairt dó.

Tar éis bunoideachais i Scoil Náisiúnta Bhaile Chláir na Gaillimhe agus i Meánscoil Naomh Seosamh, Gaillimh, cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1936. Chaith sé trí bliana ag múineadh san Oileán Iarthach i Ros Muc agus seacht mbliana i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe sular ceapadh é ina phríomhoide sa bhunscoil i gCreachmhaoil 3 Bealtaine 1948. Bhí BA faighte aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus ó 1956 amach bhí sé ina chúntóir i Roinn na Gaeilge ann. Bronnadh céim MA air sa bhliain 1966 as a thráchtas ar na filí Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin. Bhí cúigear mac agus ceathrar iníonacha aige féin agus a bhanchéile Annie Monahan. D’éag sé ar 12 Aibreán 2003.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú