Ó CEALLAIGH, Tomás (1879–1924)

I mBrisleach, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, a rugadh Tomás Ó Ceallaigh (‘Ibh Maine’) ar 15 Nollaig 1879. Is dóigh gurb é an Thomas Kelly céanna é a baisteadh ar 18 Nollaig 1879 i bparóiste ‘Kilfree and Killaraght’ (Goirtín, Co. Shligigh). Patrick Kelly agus Anne Tivenan a thuismitheoirí, dar le Celtic Who’s Who 1921. Bhí teach a mhuintire tamall fada ón scoil agus b’in é an fáth, b’fhéidir, gur cuireadh é chun cónaithe lena sheanmháthair, Bean Uí Thibheanáin, i gCorr na nGlaoch ar an gCorrshliabh, nuair a bhí ceithre bliana slán aige. Cibé fáth a bhí leis ba aistriú é a chuaigh i gcion ar a shaol go mór; bhí amhráin den uile chineál, amhráin saothair go háirithe, ag an seanbhean chomh maith le scéalta agus seanchas. Bhí neart Gaeilge aici féin agus ag seandaoine an cheantair. I ndiaidh bunoideachais i gCoillte Chríocháin ghnóthaigh sé scoláireacht i gColáiste Summerhill, Sligeach, in 1893.Thosaigh sé ag cur spéise sa Ghaeilge agus ag bailiú béaloidis óna shean-mháthair agus ó tháilliúir i dTeampall Rónáin a raibh cáil air as a chuid seanchais. Bhí de thoradh ar ar fhoghlaim sé den Ghaeilge an tráth úd go measadh daoine go raibh iarracht de Ghaeilge Thír Chonaill le brath ar a chanúint.

In 1897 chuaigh sé go Maigh Nuad. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chuallacht Cholm Cille ann agus ina eagarthóir ar Irisleabhar Mhaigh Nuad. Chuir sé féin agus Nioclás Ó Fagáin rang ar bun do thosaitheoirí, ar dhuine díobh Lorcán Ó Muireadhaigh. Chum sé an caoineadh a ghabh na mic léinn ag sochraid Uí Ghramhna i 1903. Oirníodh ina shagart é an bhliain sin agus ceapadh é ina ollamh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, áit ar fhan sé go 1912.

I 1903 scríobh sé dráma, Airgead na Croise Caoile. Mhol W. B. Yeats an leagan Béarla go hard. Chum sé an t-amhrán ‘Babaró’ (An Claidheamh Soluis, 22 Nollaig 1906) agus cuireadh amhrán eile ‘Seoithín Seó’ i gcló an Nollaig dár gcionn san iris chéanna. Foilsíodh Caitlín Ní Uallacháin, aistriúchán ar dhráma W. B. Yeats, i 1905 agus An Foghmhar i 1907. I 1908 rug sé duais Oireachtais le Ar thaobh na locha. Bhuaigh sé duais eile i 1909 lena dhráma Déirdre, ar bundráma leis an gCeallach é agus ní aistriúchán ar dhráma W. B. Yeats dar le Philip O'Leary san Irish Literary Supplement Earrach 1987. Cuireadh Arbhar Dé, aistriúchán ar The Miracle of the Corn le Padraic Colum, i gcló in An Connachtach in Aibreán 1908.

Bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge ar feadh an ama. Ó 1904 go 1913 bhí sé ina rúnaí ag Craobh Shligigh den Chonradh agus bhunaigh sé craobhacha eile sa chontae. Bhí sé rannpháirteach go poibli san fheachtas chun go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach in Ollscoil na hÉireann. Chuir sé coláiste Gaeilge ar bun i Sligeach agus chaith trí bliana ina uachtarán air. I 1913 ceapadh é ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath. Ó 1914 go 1923 bhí sé ina Ollamh le hOideachas i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh.

Bhí sé ar bhunaitheoirí An Stoc agus ina bhainisteoir air. Eisean a chuireadh cibé airgead a bhailítí i nGaillimh don Iasacht Náisiúnta chuig Micheál Ó Coileáin. I 1920 nuair a bhí ollamh na Gaeilge ar a choimeád—Tomás Ó Máille—chuaigh an tAthair Tomás i bhfeighil a chúraimí. Leis an saothar beirte seo agus an obair eile go léir theip ar a shláinte. Ní raibh sé láidir riamh agus ghoill bás a athar agus a mháthar i 1923 go mór air. Moladh dó dul go deisceart na Fraince. Trí sheachtain a bhí sé ann nuair a cailleadh é ar 14 Feabhra 1924. Tá sé curtha in aice le Nice.

Le linn dó bheith i nGaillimh chuir sé tacar amhrán le chéile, 77 ar fad. Bhí Leitir Mór, Garumna, Eanach Mheáin agus Leitir Mealláin siúlta aige á mbailiú agus ag scríobh cuntas ar na hamhránaithe. Chuir Micheál Ó Craidhin eagar ar an mbailiúchán seo agus foilsíodh i 1931 é faoin teideal Ceol na nOileán. Go gairid sular cailleadh é bhí sé ag obair le Geoffrey Palmer ar cheoldráma grinn i mBéarla. Dúirt Palmer go raibh an-eolas aige ar chúrsaí ceoil. Ceart go leor, ba é a scríobh an chéad leabhróg riamh do cheoldráma i nGaeilge (Eithne le Riobard Ó Duibhir i 1909) ach ní fios cá bhfuair sé an t-eolas seo ar cheol. Trua, agus an t-eolas sin aige, nár scríobh sé síos ceol na n-amhrán a chnuasaigh sé.

Togha múinteora a bhí ann. Dúirt Tomás Ó Máille nach raibh aon chuimse leis i mbun ranga. I gcuntas fada a scríobh Tomás Ó Láimhín (Feasta, Iúil 1952) dúirt sé: ‘Fear beag dathúil deachumtha a bhí ann, é fial, flaithiúil fé mar ba dhual do Cheallach’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú