Bhí baint nár bheag aige le léann na Gaeilge i rith an 19ú haois. Ach go dtí gur fhoilsigh Coiscéim Donnchadh Ó Ceallaigh: fear freastail lucht léinn (2008) le Liam Mac Peaircín is beag a bhí i gcló faoina shaol. Tá an cuntas gairid seo bunaithe go huile ar a bhfuil d’eolas sa leabhar sin. I gCaisleán Achadh Raithin (Caisleán Uí Cheallaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe a rugadh é ar 8 Lúnasa 1797. Ba iad an tUrramach Andrew Armstrong Kelly (1763–1849) agus Leonora Salvador a thuismitheoirí. Tugtar le tuiscint gur shíolraigh a mhuintir ó ríthe Uí Mhaine agus tuigeadh freisin go raibh sé i dteideal ‘Rí damhna Uí Mhaine’ a thabhairt air féin. Cuireadh oideachas air i Scoil Ríoga Ard Mhacha agus i gColáiste na Tríonóide. Tháinig breis agus 10,000 acra le huacht chuige agus ba é a phleanáil agus a leag amach Béal Átha Ghártha. Mhol Raiftearaí an sráidbhaile sin ar ball:

Má bhíonn tú ag caint ar bhreáichte

Smaoinigh ar Bhéal Átha Ghártha

Mar is geall do dhuine i ndáimh leis

le bheith i bPárthas na Naomh

Bhí sé ina fheisire parlaiminte idir 1820 agus 1821. Sa bhéaloideas is mar thiarna cruálach, mar bhanaí agus mar ghiúistís cruachroíoch a dhéantar cur síos air. Cheadaigh Mac Peaircín a bhfuil i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé tugtha don Bhíoblóireacht freisin agus tuairimítear gurbh í an ghné sin dá shaol, b’fhéidir, a spreag a spéis sa Ghaeilge an chéad lá. Leis an mBíoblóireacht ar bhonn leathan a bhaineann Caibidil 4 de shaothar Mhic Pheaircín (2008). Bhí sé pósta ar Mary Mosely agus bhí beirt iníonacha acu. D’éag sise in 1830 agus phós sé Elizabeth Diana Catir agus rugadh triúr iníonacha di siúd. Cailleadh í in 1859. Bhí sé sa tairngreacht nach mbeadh oidhre mic air!

Bhí sé ina bhall de chomhairle Acadamh Ríoga na hÉireann agus den Chumann Oisíneach. Thar aon rud eile is é is mo a tharraing clú air gurbh é féin agus William Maunsell Hennessy údair The book of Fenagh (1875). D’aistrigh sé De quibusdam episcopis (1870). In RIA Proceedings 1875 bhí ‘On the time and topography of the Bruighean da Choga’ le D.H. Kelly (PRIA 2 sraith 1, lgh 251–56) agus ba mhinic páipéir dá chuid in imeachtaí sin an Acadaimh. Bhí sé cairdiúil le scoláirí Gaeilge a linne, leithéidí Eoghain Uí Chomhraí, Sheáin Uí Dhonnabháin, agus James Hardiman agus meas acu sin air. Chóipeáladh sé agus d’aistríodh go Béarla cuid de na seanleabhair. Is inspéise gur aistrigh sé go Béarla ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’. Bhí leabharlann bhreá aige. Tá a chnuasach lámhscríbhinní, 1344 díobh, i Leabharlann John Rylands, Manchain. Murach Ó Ceallaigh seans maith go gcaillfí cuid díobh. Ba bhall é de Cheolfhoireann Fhiolarmónach Bhaile Átha Cliath. Tá ‘Catalogue of the Library of Denis H. Kelly’ sa Leabharlann Náisiúnta.

D’éag sé ar 7 Bealtaine 1877. Cuireadh é i gCill ar Ghualainn, Béal Átha Ghártha. Tá eolas i gcló ag Mac Peaircín ar an reilig sin in Newbridge, Ballygar, Toghergar News (1982):

At the time the graveyard was extended, the then landlord, Denis H. Kelly… boosted the opening by erecting his own leacht in the form of a round tower, six stories high, marvellous workmanship and all the material came from the village of Killeroran…. This is a unique tower. Built so that it can be seen for miles on every side…. There is only one tower in Ireland like it and that is over the grave of Daniel O’Connell…

Ar leac sa túr sin tá scríofa:

Donochadh Anri ua Cellaigh

ba taoiseach é

do Craobh na Scrin

agus

Righ damhna Uí Maine

[agus]

dered do Cloinsa

in Éirinn

do ecc sé

Béalteine 7 1877

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair