Sa Dúchoraidh a rugadh 1897. Múinteoir, iriseoir, file. Oideachas i gColáiste Adhamhnáin agus sa Róimh. Tamall ag múineadh i gColáiste Laighean, ina ollamh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. Tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath agus ansin i nDún na nGall, Sligeach agus Maigh Eo. D’aistrigh scéal Paddy the Cope go Gaeilge—in Amárach. Bunaitheoir Chumann Gaelach na Rosann. Cuntas air in Donegal authors; a bibliography, 1982 le Brenda O’Hanrahan. Tuairisc a bháis in Derry Journal 21 Lúnasa 1970.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú