Tá cuntas ar uachtarán seo Chonradh na Gaeilge in Inniu 22 Meitheamh 1951 agus sa nuachtán céanna 18 Bealtaine 1972 sa tsraith ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le ...’. Garmhac ba ea é le Brian Ó Luanaigh a ghlac páirt in Éirí Amach 1848, a bhí ina ollamh le Gaeilge san Ollscoil Chaitliceach agus a bhí ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus ina rúnaí oinigh acu 1879-1901. Mhaíodh Brian gurbh í a bhean ceann fine mhuintir Mhic Chruitín. Cibé titim ar gcúl a tharla i dteaghlach Uí Luanaigh tar éis do Bhrian bás a fháil is ag obair do chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath le capall is trucail a shaothraigh a mhac Brian, athair Liam, a bheatha (eolas ó mhac Liam); ‘oibrí ar na duganna’ a bhí ann, dar leis an nGlaisneach. Ba í Annie Rossiter máthair Liam. Seachtar a rugadh don lánúin. I Sráid na Driseoige, Baile Átha Cliath, a rugadh Liam 5 Nollaig 1914 agus is i gceantar Fhionnghlaise a tógadh é. Ní raibh Gaeilge ag a athair ná ag a mháthair agus fiú sa 6ú rang is beag má bhí aon Ghaeilge aige. Ach ansin ceapadh Doiminic Ó Ceallaigh [B5 lch 290] mar ardmháistir agus tar éis bliain go leith bhí an teanga go maith aige. D’fhreastail sé ar ranganna i gCraobh Fhionnghlaise den Chonradh agus ar ranganna oíche sa cheardscoil, agus thugadh scoláireachtaí an Choiste Gairmoideachais go dtí Gaeltacht Chonamara é. Bhí sé ag obair mar bhuachaill teileagraim ar feadh 1930-36. Bhí sé tamall ina chisteoir ag Craobh an Chéitinnigh den Chonradh nuair a bhí an chraobh sin i mbarr a nirt. Anuas go 1936 bhí sé ina rúnaí ag Coiste an Chontae. Gabhadh é an bhliain sin toisc baint a bheith aige leis an IRA—an fhianaise a bhí ina aghaidh go bhfuarthas ag druileáil é—agus chaith sé bliain i bpríosún Arbour Hill. ‘B’é nós na haimsire sin príosúnacht aonaránach a chur ar chimí polaitiúla; agus thug Liam trí mhí ann ar an modh sin. Ach de bharr clampar a tógadh, b’éigean do na húdaráis ligint do na cimí caidreamh a dhéanamh le chéile. I gcaitheamh na tréimhse sin fuair Liam caoi ar a lán léitheoireachta agus smaointe a dhéanamh… agus chum sé roinnt dánta Béarla a moladh go mór’ (Inniu). Gan amhras ní ligfí dó dul ar ais sa Roinn Poist agus Telegrafa agus bhí sé gan phost ar feadh naoi mí, cé is moite de thréimhse ag bailiú fógraí don pháipéar An t-Éireannach. Ar deireadh fuair sé fostaíocht mar chléireach stórais i gcomhlacht Irish Multiwheel Teo. A luaithe a thuig an comhlacht sin go raibh sé ag cur isteach ar phost i gConradh na Gaeilge rinne siad stiúrthóir de. Bheadh sé ina bhainisteoir agus ina stiúrthóir ar an gcomhlacht ar ball agus is ann a chaith sé a shaol oibre; bhí sé ina rúnaí tamall ag an Society of Irish Motor Industry. Deir Éamonn Ó Ciosáin in An t-Éireannach (lch 66) go ndearna sé ‘tuilleadh purgadóra i gCampa an Churraigh i rith an Dara Cogadh Mór’.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus toghadh ina uachtarán ar an gConradh é i 1946. Trí bliana a chaith sé sa phost agus is lena linn a bunaíodh míosachán an Chonartha Feasta. Toghadh é ina uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1956 mar chomharba ar Earnán de Blaghd (Inniu 13 Eanáir 1956)—an Blaghdach a mhol gurbh é a thoghfaí. Ba le linn a thréimhse mar chisteoir ar an eagraíocht sin a bunaíodh an Club Leabhar. I 1958 ainmníodh é mar bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge; bhí sé ina bhall den Choimisiún um Ardoideachas ina dhiaidh sin. Donncha Ó Laoire a thugadh obair raidió dó agus bhíodh sé go minic páirteach i gcláir mar: Malartán na mBarúil, Fios Feasa, Ag Plé na Nuachta, Glac a bhFaighir, Cúrsaí Reatha .... Bhí an colún ‘Mar a Fheictear dom’ aige in Inniu agus foilsíodh roinnt de na míreanna in Is Aisteach liom: ábhar agus toradh machnaimh, 1963. I 1950 phós sé Máire Ní Mhuirí, múinteoir ón gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe (d’éag sí 27 Aibreán 1998). Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé 12 Bealtaine 1998 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú