Nia eile le Brian Ó Luanaigh. Tá cuntas air ag Pat O’Looney in Muintir Luanaigh: The O’Looneys of North-West Clare, 1999. I Móin Fhríle, Inis Díomain, a rugadh é 5 Deireadh Fómhair 1866. Ba dhuine é den seisear a bhí ag Daniel O’Looney agus Hannah Kelleher. Cé is moite de thamall de bhlianta sa Talamh Naofa is sa mhainistir i mBaile Locha Riach a chaith sé a shaol. Deir O’Looney: ‘There is a large volume of manuscripts belonging to Fr. Clement in the library in Loughrea Abbey. These are mostly in Irish, though some are written in English and some in Latin. Among the Gaelic manuscripts there are poems up to two hundred and ninety pages or 5,820 lines long.’ É féin a scríobh na dánta sin. Tá cuid dá litreacha ann freisin agus i gcuid díobh cuireann sé milleán crua ar easpaig agus sagairt i dtaobh mheath na Gaeilge. D’éag sé 9 Eanáir 1925.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú