Ba é seo an fear a chnuasaigh Dánta Aindréis Mhic Cruitín, 1935. Tá cuntas air ag Pat O’Looney in Muintir Luanaigh: The O’Looneys of North-West Clare, 1999. Ba nia é le Brian Ó Luanaigh agus is i Móin Fhríle, Inis Díomáin, a rugadh é. Ba mhac é le Máirtín Ó Luanaigh agus Bríd Ní Mháille agus chaith sé cuid mhaith dá shaol ag obair mar fhear Custaim is Máil i Londain agus cónaí air in Woodford Green, Essex.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú